Aire cosanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aire cosanta na Rúise Sergey Shoigu (lár) le hairí cosanta eile de chuid Eagraíocht um Chomhar Shang-hai sa bhliain 2015.

Bíonn aire cosanta ina aire rialtaisatá i gceannas ar an Aireacht nó Roinn Cosanta, a rialaíonn fórsaí armtha i stáit cheannasacha. Athraíonn ról aire cosanta go mór ó thír go tír; i roinnt acu níl an t-aire i gceannas ach ar chúrsaí ginearálta buiséid agus ar sholáthar trealaimh; ach i gcásanna eile bíonn an t-aire ina chuid dhílis den slabhra ceannais míleata oibríochta freisin. D’fhéadfaí aire cosanta bheith ina Aire Cosanta Náisiúnta, Rúnaí Cosanta, Rúnaí Stáit Cosanta nó athrú éigin cosúil leis.