Mialóma iolrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Neoplasma urchóideach a thosaíonn sa smior agus a ionsaíonn an cnámharlach ag pointí éagsúla. Tá na cealla gaolmhar le cealla an fhuilphlasma, agus de réir dealraimh, éiríonn as prolaiféarú mínormálta an fhíocháin a chumann cealla an phlasma. Táirgeann cealla mínormálta sa séiriam is sa bhfual breis gámaglóbailin is próitéiní mínormálta eile, agus tarlaíonn amalóideóis phríomhúil uaireanta freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mialóma iolrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 452.