Diarmuid Ó Cinnéide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmuid Ó Cinnéide

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Dermot Kennedy
Beathaisnéis
Breith(en) Dermot Joseph Kennedy
13 Nollaig 1991
32 bliana d'aois
Ráth Cúil, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, liriceoir, cumadóir, ealaíontóir taifeadta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2015 –
TeangachaBéarla
Lipéad ceoilInterscope Records
Island Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach

Suíomh gréasáindermotkennedy.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm10098544 Facebook: dermotkennedymusic Twitter: DermotKennedy Instagram: dermotkennedy Youtube: UCTujaKfo0jMXXhjvRtB6yYQ TikTok: dermotkennedy Souncloud: dermot-kennedy-777714337 Spotify: 5KNNVgR6LBIABRIomyCwKJ iTunes: 376564133 Last fm: Dermot+Kennedy Musicbrainz: aa9ea04c-6d55-4244-9139-22c75bd19f97 Songkick: 8732299 Discogs: 5878702 Allmusic: mn0003603804 Deezer: 12033224 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir agus cumadóir Éireannach é Diarmuid Ó Cinnéide (Dermot Kennedy i mBéarla) as Rath Cúil i mBaile Átha Cliath[1]. Rugadh é ar an 13 Nollaig 1991[2]. Seoladh a chéad albam Without Fear sa bhliain 2019. Díoladh 1 mhilliún cóip den albam ar fud an domhain ó eisíodh é[3]. Bhain sé clú idirnáisiúnta amach ar Spotify, le breis agus 20 milliún éisteoir gach mí[4].

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Diarmuid ag seinm an ghiotáir agus é deich mbliana d'aois[5], ach níor thosaigh sé ag scríobh amhráin go dtí go raibh sé 14 bliana d’aois[6]. In a lán agallaimh a rinne sé leis na meáin, deir Diarmuid go raibh an-spéis aige sa sacar nuair a bhí sé óg agus ní raibh sé go dtí sé 17 mbliana déag d'aois a ghlac sé ceol dáiríre[7].

Rinne Diarmuid staidéar ar cheol clasaiceach in Ollscoil Mhá Nuad[8].

Thosaigh Ó Cinnéide ag buscáil ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois[9]. Dúirt Cinnéide go minic gur spreag Glen Hansard é chun dul ag buscáil agus ba é an chéad cheirnín a cheannaigh sé riamh ná ceirnín de chuid The Frames[10]. Chaith sé samhradh ag buscáil i mBostún[11], agus spreag an samhradh sin é a chum an t-amhrán Bostún. In Oíche Nollag 2011, fuair sé an deis chun dul amach ag buscáil le Glen Hansard, Mundy agus níos mó[12]. Chan siad leagan d'amhrán de chuid Bob Dylan You Ain't Goin' Nowhere. I Mí na Nollag 2014, thug Glen Hansard cuireadh dó teacht suas ar an stáitse chun seinm i seó díolta amach ar Shráid an Bhiocáire[13].

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Cinnéide i mbanna ceoil Shadows & Dust ar feadh trí bliana[14] in éineacht lena dhlúthchara agus drumadóir faoi láthair Micheál Quinn[15]. D’eisigh siad a gcéad EP Every Year Forever an 7 Meitheamh 2013[16].

Thaifead Cinnéide trí EPeanna / traiceanna leis an airgead a thuill sé trí bhuscáil[17]. Eisíodh an EP Doves & Ravens an 14 Aibreán 2017[18] ina raibh 4 amhrán. Bliain ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé le léiritheoir ceoil Mike Dean (aitheanta as a chuid oibre le hamhránaithe hip hop mar Kanye West[19]) chun an EP Mike Dean Presents : Dermot Kennedy[nasc briste go buan] a eisiúint an 6 Aibreán 2018, leaganacha d'amhráin Frank Ocean agus Drake san áireamh[20].

Chuir Spotify cor ina shaol[21]. Thosaigh sé ag uaslódáil a chuid amhrán ar Spotify, gan aon fhoireann bhainistíochta nó lipéad ceoil ag an am[22]. Bhí a amhrán After Rain le feiceáil ar an seinmliosta Discover Weekly ar Spotify i 2016. Chuir Taylor Swift an t-amhrán Boston ar a seinnliosta freisin, agus bhí a chuid ceoil ag dul i gcion ar phobal níos leithne mar thorradh[23].

Ceolchoirmeacha & Seónna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Diarmuid Ó Cinnéide, Sráid an Bhiocáire 2018

Dhíol Cinnéide amach Sráid an Bhiocáire i 2018[24]. Bhí sé ar NPR Tiny Desk i Mí Lúnasa 2018[25]. Is ag an The Late Show le Steven Colbert a chas sé den chéad uair ar theilifís Mheiriceá i Mí Eanáir 2019[26]. Ó shin i leith, chás sé ar The Ellen Show le Ellen DeGeneres[27](i 2019 agus 2021), agus ar Jimmy Kimmel i 2020[28]. I 2019, bhí sé ar stáitse ag an bhféile cheoil, Coachella, i Meiriceá ar feadh dhá dheireadh seachtaine[29].

I mí Lúnasa 2019, chás Cinnéide ag an bPicnic Leictreach ina phríomhoirfideach os comhair slua 20,000, ar fad sular eisíodh a chéad albam[30]. I Mí na Nollag 2019, dhíol sé amach an 3 Airéine i mBaile Átha Cliath, os comhair 1300 duine gach oíche[31].

Bhí sé ina cheoltóir tacaíochta ag Mumford & Sons i mí an Mheithimh 2019 i gCaisleán Mhullach Íde[32]. An bhliain ina dhiaidh sin, dhíol sé amach Caisleán Mhullach Íde mar phríomhoirfideach, ach cuireadh an cheolchoirm ar athlá go dtí 2021 mar gheall ar an bpaindéim Covid-19[33].

Diarmuid Ó Cinnéide, Caisleán Mhullach Íde 2019

I 2020, sceidealaigh sé camchuairt dhomhanda, ar fud na hÉireann, na SAM agus na Breataine Móire. Díoladh gach ticéad don chamchuairt na hÉireann taobh istigh de 24 uair[34]. Ach cuireadh siar ar chamchuairt mar gheall ar phaindéim Covid-19 go dtí 2021[35].

Bhí sé ar an eagrán bliantúil den Late Late Toy Show i 2020 gan fhios don cheoltóir óg Michael Maloney agus é ag canadh an amhráin Giants[36].

I 2020, ghlac sé páirt i Soccer Aid in éineacht le hiarchaptaen na hÉireann, Robbie Keane. Bhuaigh sé laoch na himeartha[37].

Le linn an dianghlasáil Covid-19, thug sé taispeántas os comhair lucht féachana ar líne ar fud an domhain sa Mhúsaem Náisiúnta Stair i Londain an 25 Iúil 2020[38]. Some Summer Night a bhí ar an imeacht, focail óna amhrán All My Friends[39]. Bhí Paul Mescal in éineacht leis[40].

Tá sé sínithe faoi láthair leis an lipéad ceoil Island-Universal, agus tá sé faoi bhainistíocht le Tap Management[41].

Banna Ceoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Micheál Quinn - drumadóir, bhuail sé le Diarmuid ar an gcoláiste[42]
  • Johnny Coote - seinnteoir méarchláir / pianódóir[43]
  • Kieran Jones - seinnteoir méarchláir agus dordghiotár[44]

Is minic a thagraíonn siad dóibh féin mar The Potato Boys (na buachaillí prátaí)[45]

Singlí agus EPeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisiúint[46]
EP/Singil Ainm Dáta Saortha
EP Doves & Ravens 2017
EP Mike Dean Presents:Dermot Kennedy 2018
EP Lost in the Soft Light 2020
EP History 2021
Singil An Evening I Will Not Forget 2015
Singil Shelter 2016
Singil After Rain 2016
Singil Moments Passed 2017
Singil Young & Free 2018
Singil Power Over Me 2018
Singil For Island Fires & Family 2019
Singil Lost 2019
Singil Outnumbered 2019
Singil Resolution 2020
Singil Giants 2020
Singil Paradise (le Meduza) 2021
Seinnliosta Spotify Singles 2018
Bailiúchán Dermot Kennedy 2019

Albam : Without Fear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Without Fear (as Gaeilge : gan faitíos, gan eagla )an chéad albam ó Diarmuid Ó Cinnéide. Eisíodh an t-albam an 4 Deireadh Fómhair 2019[47]. Scríobh agus thaifead Cinnéide an chuid is mó den albam i Nua Eabhrac[48]. Ba é Without Fear an t-albam is sruthaithe de 2020 in Éirinn ar Spotify[49], agus bhain sé barr na gcairteacha amach. Tá sé ag uimhir a haon sna cairteacha na hÉireann don 25ú seachtain ón 26 Márta amach[50].

Seoladh an t-albam ina iomláine, Without Fear : The Complete Edition ar 6 Samhain 2020, a chuimsigh leagan d’amhrán Van Morrison Days Like This[51].

Dúirt Cinnéide gur deacair rogha a dhéanamh ar liricí amhrán is fearr leis, ach gurb é ‘there's beauty in being broken’ ón amhrán Without Fear an ceann is fearr leis[52].

Dúirt Cinnéide go minic gur spreag David Gray, Glen Hansard agus a leithéid é[53]. Tugann seánra hip hop an-inspioráid dó, agus dúirt sé gur meascán d'amhránaí is scríbhneoir agus hip hop a chuid ceoil. Chan sé leagan d'amhrán Kanye West Heartless i 2018[54].

Ciallaíonn Diarmuid ‘without fear (gan eagla)’ sa Ghaeilge.

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2018, bronnadh dó leis an cheoltóir nua is fearr de 2018 de chuid NPR Slingshot[55].

Mholadh sé do Choice Music Prize don amhrán Éireannach is fearr i 2020 leis a amhrán Giants, amhrán a chuir sé amach i rith paindéime Covid-19[56].

Ainmníodh é do Ghradam Brit don cheoltóir aonair idirnáisiúnta is fearr i gcatagóir na bhfear i 2020[57].

Ba é Diamuid an chéad cheoltóir Éireannach a fuair uimhir a haon ag an Nollag le breis agus 15 bliana lena singil Giants i 2020[58]. I mí na Nollag 2020, bhí Diarmuid mar uimhir a haon sna cairteacha albam agus singilí, leis an albam Without Fear agus Giants[59].

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is aintín Diarmuid Ó Cinnéide í Mary Ní Chinnéide a raibh cáil uirthi as a cuid oibre ar RTÉ mar láithreoir ar Nationwide[60].

Is grianghrafadóir gairmiúil í col ceathrair Diarmuid, Lucy Foster, iníon le Mary Ní Chinnéide. Téann sí ar chamchuairt le Diarmuid mar a ghrianghrafadóir[61].

Is amhránaí Éireannach í Deirdre Ní Chinnéide ar Inis Mór, agus is aintín Diarmuid í[62]. Is minic a labhraíonn Diarmuid faoin gcaoi ar spreag Inis Mór go leor dá chuid amhrán, agus rinneadh an físeán ceoil do For Island Fires & Family a scannánú ar Inis Mór[63].

Poll na bPéist, Inis Mór, a tugtar inspioráid do Cinnéide

Tá cailín fadtéarmach aige, Aisling Finnegan, agus is Rós Baile Átha Cliath í ag Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí 2015[64].

Is duine príobháideach é Diarmuid den chuid is mó agus ní roinneann sé a lán ábhar pearsanta ar na meáin shóisialta[65].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://planetradio.co.uk/hits-radio/entertainment/music/dermot-kennedy/
  2. https://www.instagram.com/p/B6BQUUwAlB_/
  3. https://www.instagram.com/p/CKCty01g2nV/
  4. https://www.instagram.com/p/CKCty01g2nV/
  5. https://www.instagram.com/p/CLBj4J9AS1z/
  6. https://www.youtube.com/watch?v=JAEZiCUjzds
  7. https://www.youtube.com/watch?v=JAEZiCUjzds
  8. https://www.redbull.com/ie-en/dermot-kennedy-facts
  9. https://www.instagram.com/p/BrYNb-YAUqU/
  10. https://www.youtube.com/watch?v=2pKyRFs73MQ
  11. https://www.instagram.com/p/B_9325CA0gs/
  12. https://www.youtube.com/watch?v=UlDWryN3uVo
  13. https://www.youtube.com/watch?v=8rXp-GeppY0
  14. https://www.youtube.com/watch?v=wUav7IHjUPU
  15. https://www.independent.ie/entertainment/music/meet-spotifys-irish-star-who-is-already-selling-out-shows-despite-not-having-released-an-album-36727701.html
  16. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-03. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  17. https://www.youtube.com/watch?v=G6KXwRoWuMk
  18. https://www.dermotkennedy.com/music/doves-ravens[nasc briste go buan]
  19. https://www.npr.org/2018/12/17/675267025/dermot-kennedy-npr-slingshots-best-new-artist
  20. https://www.dermotkennedy.com/music/mike-dean-presents-dermot-kennedy[nasc briste go buan]
  21. https://www.pressreader.com/
  22. https://www.irishtimes.com/culture/music/dermot-kennedy-i-won-t-let-anyone-take-advantage-of-me-or-my-music-1.4301630
  23. https://www.independent.ie/entertainment/music/meet-spotifys-irish-star-who-is-already-selling-out-shows-despite-not-having-released-an-album-36727701.html
  24. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-22. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  25. https://www.npr.org/2018/08/23/641231308/dermot-kennedy-tiny-desk-concert
  26. https://www.hotpress.com/music/dermot-kennedy-play-ellen-show-22768871
  27. https://www.joe.ie/music/dermot-kennedy-interview-672511
  28. https://www.instagram.com/p/B7HkLsZgopG/
  29. https://www.instagram.com/p/BwSKXDFgmyJ/
  30. https://www.hotpress.com/music/dermot-kennedy-stuns-massive-main-stage-electric-picnic-set-22786406
  31. https://www.instagram.com/p/B6WRdzXAzHR/
  32. https://www.instagram.com/p/BuLajiBgSfX/?utm_source=ig_share_sheet&igshid=1rtqhwyu0mmi6
  33. https://mcd.ie/dermot-kennedy-nationwide-irish-tour-rescheduled-to-june-2021/#:~:text=Malahide%20Castle%2C%20Dublin%20on%20Friday,Friday%2025th%20June%202021.&text=Irish%20Independent%20Park%2C%20Cork%20on,No%20ticket%20exchange%20required[nasc briste go buan]
  34. https://www.dermotkennedy.com/
  35. https://www.youtube.com/watch?v=nCuI9IFxpUI
  36. https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/late-late-toy-show-duet-with-musical-hero-absolutely-mad-says-delighted-teen-1.4422674
  37. https://www.instagram.com/p/CEz7D2cgCrw/
  38. https://twitter.com/DermotKennedy/status/1280174701571182593?ref_src=twsrc%5Etfw%7Ctwcamp%5Etweetembed%7Ctwterm%5E1280174701571182593%7Ctwgr%5E%7Ctwcon%5Es1_&ref_url=https%3A%2F%2Fplanetradio.co.uk%2Fhits-radio%2Fentertainment%2Fmusic%2Fdermot-kennedy%2F
  39. https://genius.com/Dermot-kennedy-all-my-friends-lyrics
  40. https://www.instagram.com/p/CDT7mBMAvQf/
  41. https://www.irishtimes.com/culture/music/dermot-kennedy-i-won-t-let-anyone-take-advantage-of-me-or-my-music-1.4301630
  42. https://www.youtube.com/watch?v=xIGNW1rpkIc
  43. https://www.instagram.com/p/B7ZCQaTnR-K/
  44. https://www.instagram.com/p/CDYlbJVHZ5r/
  45. https://www.instagram.com/p/BqLJdA1n3UX/
  46. https://open.spotify.com/artist/5KNNVgR6LBIABRIomyCwKJ
  47. https://open.spotify.com/artist/5KNNVgR6LBIABRIomyCwKJ
  48. https://www.instagram.com/p/CH0sVDGHoCu/
  49. https://www.nova.ie/dermot-kennedy-most-streamed-irish-artist-on-spotify-in-last-30-days-197772/
  50. https://www.officialcharts.com/chart-news/dermot-kennedy-s-without-fear-is-number-1-on-the-official-irish-albums-chart-for-a-25th-week__32714/
  51. https://www.instagram.com/p/CHP1Z4bgI1t/
  52. https://www.youtube.com/watch?v=pI3c_69sQzI
  53. https://www.npr.org/2018/12/17/675267025/dermot-kennedy-npr-slingshots-best-new-artist
  54. https://www.npr.org/2018/08/15/637060151/keep-the-evenings-long-dermot-kennedy-shares-his-go-to-playlist
  55. https://www.npr.org/2018/12/17/675267025/dermot-kennedy-npr-slingshots-best-new-artist
  56. https://www.irishtimes.com/culture/music/choice-music-prize-best-irish-song-of-2020-shortlist-revealed-1.4469193
  57. https://www.irishtimes.com/culture/music/brit-awards-2020-irish-singer-dermot-kennedy-nominated-as-women-artists-shut-out-1.4137370
  58. https://www.instagram.com/p/CJOdKd3A6Gx/
  59. https://www.officialcharts.com/chart-news/dermot-kennedy-makes-chart-history-with-official-irish-chart-double-for-a-third-consecutive-week__31895/
  60. https://www.rte.ie/entertainment/2019/1124/1094811-mary-kennedy-talks-about-her-nephew-dermot-kennedy/
  61. https://www.instagram.com/p/CJJrX8qn2s7/
  62. https://deirdrenichinneide.ie/
  63. https://tuairisc.ie/inis-mor-i-lar-an-aonaigh-i-bhfisean-duine-de-nuacheoltoiri-mora-2019/
  64. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-03. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  65. https://www.youtube.com/watch?v=JAEZiCUjzds