Paul Mescal
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 2 Feabhra 1996 30 bliana d'aois Maigh Nuad, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Maynooth Post Primary School (en) The Lir Academy (en) |
| Airde | 1.8 m |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Aisteoireacht |
| Gairm | aisteoir stáitse, aisteoir |
| Tréimhse oibre | 2017 – |
| Teaghlach | |
| Siblín | Nell Mescal |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
Is aisteoir as Maigh Nuad é Paul Mescal (a rugadh ar 2 Feabhra 1996), a bhain cáil amach don chéad uair sa tsraith BBC Normal People (in 2020).[1][2][3]

Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig clú agus cáil ar Mescal nuair a bhí sé ainmnithe le haghaidh Oscar don scannán “Aftersun” sa bhliain 2023.
In 2024, bhí an príomhról ag Mescal sa scannán Gladiator II mar Lucius Verus, carachtar a bhí ina bhuachaill óg (Spencer Treat Clark) sa scannán Gladiator I sa bhliain 2000 (le Russell Crowe).[4]
Scríobh Maggie O’Farrell an leabhar ar a bhfuil an scannán Hamnet (2025) bunaithe. Ghnóthaigh Buckle Golden Globe as a ról sa scannán, in éineacht le Paul Mescal.[5]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhreastail Mescal ar Ghaelscoil i Maigh Nuad. Ar an 20 Feabhra 2023, rinne Caitlín Nic Aoidh agallamh le Mescal ar an gcairpéad dearg agus é ag freastal ar na gradaim BAFTA.[6][7] Bíonn Mescal ag moladh do dhaoine pé Gaeilge atá acu a úsáid.[8]
Bhí Mescal faoi agallamh ag Variety in 2024 mar gheall ar an scannán Gladiator II (2024). Cuireadh sraith ceisteanna ar Mescal faoina thír dhúchais agus na míthuiscintí a bhíonn ar mhuintir Mheiriceá fúithi.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Normal People, sraith BBC
- Hamnet (scannán)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Normal People (miniseries)" (as en) (2023-03-30). Wikipedia.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (22 Bealtaine 2022). "Ní bhuaileann an tintreach faoi dhó le Conversations with Friends" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-31.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (5 Bealtaine 2020). "Éachtaint chaolchúiseach ar shó agus anó ghrá na hóige in ‘Normal People’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-31.
- 1 2 Maitiú Ó Coimín Dé hAoine, (15 Samhain 2024). "‘Tá mé thar a bheith bródúil as an méid Gaeilge atá agam’ – Paul Mescal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-16.
- ↑ Bridget Bhreathnach (29 Eanáir 2026). "DIALANN TUAIRISC: Gort a’Choirce sciobhtha ag an mBreatain, Príomh-Aire na hIndia ag tvuíteáil i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-05.
- ↑ "Paul Mescal on keeping the Irish Language alive | The Late Late Show | RTÉ One | #shorts" (as en) .
- ↑ "Agallamh i nGaeilge le Paul Mescal | Interview as Gaeilge with Paul Mescal | BAFTAs | TG4" (as en) .
- ↑ ELeathanach 436, 27 Márta 2023