Caitlín Nic Aoidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCaitlín Nic Aoidh
Beathaisnéis
BreithCloch Cheann Fhaola Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse, meitéareolaí teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: CaitlinNicAoidh Instagram: caitlinnicaoidh Cuir in eagar ar Wikidata

Is láithreoir teilifíse le TG4 í Caitlín Nic Aoidh (a rugadh 6 Meán Fómhair 1981). Is Gaeilgeoir dúchasach ó gCloch Cheann Fhaola i gContae Dhún na nGall í.[1]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Nic Aoidh ar Phobalscoil Cloich Cheann Fhaola i nDún na nGall, agus i ndiaidh sin d'fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Bhain sí céim Ghaeilge agus ceol amach, agus seal níos déanaí bhain sí céim máistreachta amach ón ollscoil céanna.

Bronnadh Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (DGO) uirthi in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chomh maith.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh a thosaigh sí ag obair mar láithreoir teilifíse le TG4, ba mhúinteoir meánscoile í Caitlín, leis an Ghaeilge agus ceol mar ábhair aici.[2][1]

Thosaigh sí ag obair le TG4 sa bhliain 2014, ag déanamh láithreacht ar thuar na haimsire ar TG4.

Ar Oíche Shamhna i 2016 rinneadh bob léi ina ndeachaigh sí ar iarraidh i ndiaidh 'splanc thintrí'.[3][4] Bhí an cleas sin i mbéal an phobail ag an am, agus ba chuid d'fhreagra é ar an gclár teilifíse ‘Have I Got a Bit More News for You’.[5]

Bhí sí agus a comhoibrí TG4 mar aíonna ar 'The Tommy Tiernan Show' i 2018.[6]

Ainmníodh í don gradam 'láithreoir teilifíse is fearr' sna 2016 STELLAR Shine Awards.[7]

Ar 20 Feabhra 2023, rinne Caitlín Nic Aoidh agallamh le Paul Mescal ar an gcairpéad dearg agus é ag freastal ar na gradaim BAFTA.[8][9][10]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]