Dí-armáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Let Us Beat Swords into Plowshares", dealbh le Yevgeny Vuchetich 1959. Thug an APSS an dealbh mar bhrontannas chuig na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac

Rialú arm chun sábháilteacht idirnáisiúnta a chur chun cinn, trí laghdú na bhfórsaí armtha is na n-arm, is ea dí-armáil.[1]

Aontaítear na leibhéil, agus déanann an taobh eile (nó foireann neamhspleách cigireachta) breithniú is tuairisciú ar chur i bhfeidhm na n-aontuithe.

Tá aontuithe déanta faoi choimirce na Náisiún Aontaithe maidir le hairm cheimiceacha is bhitheolaíocha agus mianaigh fhrithdhaonna. Ach ní ghlacann gach tír leo. Tá raon leathan arm eile, agus bealaí nua-aoiseacha len iad a lainseáil le naimhde, nach dtagann faoi aontú ar bith.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Conradh na Náisiún iarrachtaí i 1927 is 1934 a leithéid de chóras a chur chun cinn, ach theip ar an eagraíocht sin.

Rinne na Náisiúin Aontaithe iarracht i 1950. I rith an chogaidh fhuair, agus formhéadú sna hairm núicléacha ar an dá thaobh, is léir gur chúlaigh aon dí-armáil, ach mhéadaigh an gá léi as cuimse.

Le próiseas SALT, bhí na Stáit Aontaithe is an Rúis ag druidim go mall le blianta chun a gcuid arm núicléach a laghdú, ach tá bóthar fada fós le taisteal chun iad a dhíothú.

Agóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Tástálacha Núicléacha ar an 29 Lúnasa gach bliain.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. an Roinn Gnóthaí Eachtracha. "Dí-armáil - Department of Foreign Affairs" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-09-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Dí-armáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 210.