Craobh Shinsear Iomána na hÉireann
Cineál | comórtas spóirt agus comórtas |
---|---|
Spórt | iomáint |
Eagraí | Cumann Lúthchleas Gael |
Áit agus dáta | |
Tír | Éire |
Dátaí | 1887 – |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh | gaa.ie… |
Príomhchomórtas iomána in Éirinn é Craobh Shinsear Iomána na hÉireann (Béarla: All-Ireland Senior Hurling Championship). Comórtas bliantúil atá ann, agus eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael é. Imrítear na cluichí le linn an tsamhraidh, agus bhíodh an cluiche ceannais i gcónaí i mí Mheán Fómhair (ar an gcéad nó an dara Domhnach sa mhí) i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath. Bogadh go Lúnasa agus Mí Iúil é ina dhiaidh sin. An duais atá i gceist ná Corn Liam Mhic Chárthaigh.
Tá na sárchumhachtaí lonnaithe don chuid is mó i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan, mar shampla Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann. Tá 85 bua ag na contaetha seo le chéile sa chomórtas. Faoi láthair, is iad foireann Chill Chainnigh an fhoireann is rathúla, le aon bhua agus tríocha. Níl an "ceithre as a chéile" déanta ach ag dhá fhoireann - Corcaigh sna 1940idí agus Cill Chainnigh sna 2000idí. Bhí an bua ag an gClár sa bhliain 2013.
Forbhreathnú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bunaíodh an CLG ar an 1 Samhain 1884, aontaíodh go raibh gá le comórtas náisiúnta nua a chruthú sna cluichí Gaelacha, chun dul chun cinn a dhéanamh leis na cluichí dúchasacha, agus peil Ghaelach agus iománaíocht ach go háirithe. Ag an tríú cruinniú a bhí acu sa bhliain 1885, chum siad rialacha nua don spórt sean-aimseartha iománaíocht, agus foilsíodh iad sna nuachtáin ar fud na tíre. Sa bhliain 1886, bunaíodh na boird chontae le bheith i gceannas ar na cluichí sna contaetha éagsúla. Imríodh an chéad Chraobh Iomána sa bhliain 1887. Ní raibh ach cúig fhoireann páirteach ann, ach ba choiscéim sa tslí cheart í don eagraíocht nua.
Nuair a thosaigh Craobh Iomána na hÉireann ar dtús, b'iad na clubanna a bhuaigh comórtas an chontae a d'imigh ar aghaidh chun imirt i gcoinne a chéile sna babhtaí idirchontae. Mar shampla, d'imir Dúrlas Éile as Tiobraid Árann i gcoinne Mhíleac as Gaillimh sa chéad chomórtas sa bhliain 1887. Bunaíodh na foirne chontae sa bhliain 1895, nuair a bhailigh Corcaigh na hiománaithe ab fhearr le chéile ó na clubanna sa chontae. Tar éis tamaill, cuireadh tús leis an gcraobh cúigeach i gCúige Mumhan, Cúige Laighean, Cúige Connacht agus Cúige Uladh. Díbirt dhíreach a bhí ann. D'imir na buaiteoirí ó na cúigí i gcoinne a chéile, sna cluichí leathcheannais. Mhair an córas seo suas go dtí na 1990idí, nuair a bhain an CLG triail as an "córas cúl-dorais" sa chraobh i 1997.
Cluichí ceannais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Buaiteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scórálaithe is fearr
[cuir in eagar | athraigh foinse]# | Imreoir | Foireann | Cúil is cúilíní | Cluichí | Meán |
---|---|---|---|---|---|
1 | Anraí Ó Sibhleáin | Cill Chainnigh | 27-484 (565pt) | 71 | 7.95 |
2 | Éadbhard Ó Cathaoir | Cill Chainnigh | 35-334 (439pt) | 50 | 8.78 |
3 | Eoin Ó Ceallaigh | Tiobrad Árann | 21-368 (431pt) | 59 | 7.3 |
4 | Seosamh Ó Cainín | Gaillimh | 25-342 (417pt) | 47 | 8.87 |
5 | Pádraig Ó hOrgáin | Corcaigh | 12-288 (324pt) | 45 | 7.2 |
6 | Criostóir Uí Rinn | Corcaigh | 33-208 (305pt) | 44 | 4.8 |
7 | D. S. Ó Ciara | Cill Chainnigh | 34-195 (297pt) | 57 | 5.2 |
8 | Nioclás Mac Riocaird | Loch Garman | 59-96 (273pt) | 36 | 7.58 |
Séamas Ó Callanáin | Tiobrad Árann | 27-192 (273pt) | 45 | 6.07 | |
10 | Seosamh Ó Déin | Corcaigh | 10-229 (259pt) | 50 | 5.18 |
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eolas ar hoganstand.com Curtha i gcartlann 2006-11-05 ar an Wayback Machine
- Eolas ar gaa.ie Curtha i gcartlann 2004-05-28 ar an Wayback Machine