Séamas Mac Giolla Phádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamas Mac Giolla Phádraig
Beathaisnéis
Breith31 Eanáir 1985
39 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Séamas Mac Giolla Phádraig
Eolas pearsanta
Spórt Iomáint
Ainm Béarla James Fitzpatrick
Dáta breithe 31 Eanáir, 1985
Dáta báis
Áit bhreithe Baile Héil, Contae Chill Chainnigh
Airde 5' 10"
Leasainm Cha
Eolas club
Club Na Seamróga Baile Héil
Ionad Lár na páirce
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Na Seamróga Baile Héil 1990í - an lá inniu
Idirchontae
Contae Cill Chainnigh
Ionad Lár na páirce
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Cill Chainnigh 2002 - 2011 18(1-32)
Duaiseanna
Craobh Cúige Laighean 3
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 3
Sárimreoirí 3

Iar-imreoir iomána Éireannach as mBaile Héil, Contae Chill Chainnigh é Séamas "Cha" Mac Giolla Phádraig (Béarla: James "Cha" Fitzpatrick), a rugadh ar 31 Eanáir, 1985. Iománaí tréitheach óg é, atá ag baint cáil amach leis an gclub Na Seamróga Baile Héil agus an fhoireann idirchontae Cill Chainnigh chomh maith. Ina mhionúrach dó, bhuaigh sé Craobh na hÉireann sna blianta 2002 agus 2003, agus Craobh na hÉireann san fhoireann faoi-21 sa bhliain 2004. Ainmníodh é ina chaptaen sa bhliain seo.

Ba bhliain iontach é 2006 do "Cha" - d'imir sé san fhoireann a bhuaigh Craobh Iomána Shinsearach na hÉireann 2006, Craobh Iomána Shinsearach Laighean, Corn an Bhreathnaigh agus an Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta. Chomh maith le sin, bhain sé bonn amach leis an bhfoireann faoi-21 i gCraobh Laighean agus i gCraobh na hÉireann. Bhí rath air lena chlub Na Seamróga freisin - Sraithchomórtas Shinsearach Chill Chainnigh, agus Craobh Shinsearach Chill Chainnigh. Lean na Seamróga ar aghaidh agus bhí an bua acu i gCraobh Iomána Chlubanna Sinsearacha Laighean.

Bronnadh a chéad ghradam air mar dhuine de Shárimreoirí na Bliana sa bhliain 2006, agus roghnaíodh é mar Óg-Imreoir na Bliana freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2006 - 29ú corn
1 S. Mac Fhearaigh | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial (capt.) | 5 S. Ó Raghaill | 6 S. Tennyson | 7 T. Breathnach | 8 S. Mac Giolla Phádraig | 9 D. Ó Loinn | 10 R. de Paor | 11 A. Ó Sibhleáin | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 M. Mac Cumascaigh | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid L. Ó Dubhuir | R. Ó Maolalaidh | Bainisteoir: B. Mac Óda
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2007 - 30ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 Brian Ó hÓgáin | 7 S. S. Ó Dúláinne | 8 D. Ó Loinn | 9 S. Mac Giolla Phádraig | 10 É. Ó Braonáin | 11 A. Ó Sibhleáin (capt.) | 12 E. Ó Lorcáin | 13 L. Ó Duibhir | 14 M. Mac Cumascaigh | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid: S. Tennyson | M. Ó Fionnalaigh | R. de Paor | Bainisteoir: B. Mac Óda
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2008 - 31ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 Brian Ó hÓgáin | 7 S. S. Ó Dúláinne | 8 S. Mac Giolla Phádraig (capt.) | 9 D. Ó Loinn | 10 M. Mac Cumascaigh | 11 R. de Paor | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 A. Ó Sibhleáin | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid 16 S. Mac Fhearaigh | 28 T. S. Ó Maoildeirg | Bainisteoir: B. Mac Óda