Corn Domhanda FIFA na mBan 2023
Reáchtáladh an 9ú heagrán de Corn Domhanda FIFA na mBan idir 20 Iúil go 20 Lúnasa 2023 san Astráil agus an Nua-Shéalainn. Ghlac 24 thír páirt sna babhtaí deiridh.
D'imir an cluiche oscailte idir an Nua-Shéalainn agus an Iorua ag Eden Park, Auckland, ar 20 Iúil 2023.
Bhí Háití, Maracó, Panama, na hOileáin Fhilipíneacha, an Phortaingéil, Poblacht na hÉireann, Vítneam agus an tSaimbia ag glacadh páirt sa Chorn Domhanda na mBan den chéad uair.[1] Bhí na Stáit Aontaithe mar rogha na coitiantachta tar éis dóibh an dá Chorn Domhanda roimh 2023 a bhaint.[2] B'iad na Stáit Aontaithe na curaidh reatha, tar éis dóibh an dá chomórtas roimhe sin (2015 agus 2019) a bhuachan. Ach bh an chraobh 2023 tugtha leo ag an Spáinn sa chluiche ceannais ar 20 Lúnasa 2023 i Sydney Olympic Stadium san Astráil.
Na cluichí
[cuir in eagar | athraigh foinse]20 Iúil Astráil 1 - Éire 0
Buaileadh foireann ban Phoblacht na hÉireann ina gcéad chluiche. Ba in aghaidh na hAstráile – an tír óstach – a bhí na hÉireannaigh ag imirt agus chaill siad 1-0. Ba í Steph Catley a chuir an báire ar son na hAstráile agus 52 nóiméad caite sa chluiche.[3][4]
26 Iúil Ceanada 2 - Éire 1
Cé go raibh Éire ar fheabhas sa chéad leath, d’fhág easpa cumais agus easpa stuaime nach raibh siad in ann teacht ar ais sa chluiche nuair a chuaigh Ceanada chun tosaigh luath sa dara leath.[2] D'éirigh le Katie McCabe céad chúl na hÉireann ag Corn Domhanda na mban a chur san eangach le linn an chluiche in aghaidh Cheanada.[5]
31 Iúil An Nigéir 0 - Éire 0
Tháinig deireadh le feachtas na hÉireann ag Corn Domhanda na mBan 2023 agus foireann Vera Pauw críochnaithe ar comhscór leis an Nigéir sa tríú cluiche acu i nGrúpa B. Is ag bun an tábla a chríochnaigh Éire, pointe amháin acu ó na trí chluiche.[6]
I measc rogha na coitiantachta eile a chuaigh abhaile roimh an gcomórtas díbeartha, bhí
- An Bhrasaíl, lena réalta Marta tar éis a cluiche dheireanaigh, ina séú Corn Domhanda, a imirt; agus
- An Ghearmáin, toradh nach rabhthas ag súil leis. Cé gur bhuaigh siad 6-0 ar Mharacó sa ghrúpa, chuaigh Maracó ar aghaidh ina n-áit.[7] Ba í teip na Gearmáine teacht amach as a ngrúpa an toradh gan choinne ba mhó b'fhéidir, an dara foireann is fearr ar domhan de réir an rangaithe ag dul abhaile tar éis trí chluiche.
- Chuir bua na Sualainne ar Stáit Aontaithe Mheiriceá iontas ar go leor agus an beart déanta ag na Sualannaigh a bhuíochas do na ciceanna éirice drámatúla ag an deireadh.[8]
Lúnasa An Spáinn - Ísiltír
Chuir cúl Stefanie van der Gragt na foirne ar comhscór in am cúitimh. Fuair an déagóir Salma Paralluelo cúil chinniúnacha nuair a tháinig sí isteach mar ionadaí sa chluiche ceathrú ceannais in aghaidh na hÍsiltíre agus arís sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Sualainne.[9] Bhí formhór na seilbhe ag an Spáinn.
Lúnasa An Astráil - An Fhrainc
Ba é an t-aon chluiche ceathrú ceannais a bhí gan aon chúl ach is é an ceann is faide a mhairfidh i gcuimhne na ndaoine. Bua 7-6 a bhí ag an Astráil tar éis 20 cic éirice, níos mó ná in aon chluiche eile i stair Chorn Domhanda na mBan.[8]
15 Lúnasa An Spáinn 3 - An tSualainn 1
Tháinig na cúil ar fad sa chéad chluiche ceathrú ceannais sna deich nóiméad deireanach sa chluiche ach ba í Olga Carmona laoch na Spáinne agus cúl na cinniúna faighte aici sa nóiméad deireanach de ghnáth-am.[10]
16 Lúnasa An Astráil 1 - Sasana 3
Fuair na Sasanaigh an ceann is fearr ar an Astráil sa dara cluiche leathcheannais.. Chuir cúl ó Ella Toone Sasana chun tosaigh sa chéad leath ach tháinig an Astráil ar ais théis 63 nóiméad le cúl den scoth ó réalta na foirne Sam Kerr, a bhí ag tosú cluiche den chéad uair sa chomórtas..[9] Ocht nóiméad a bhí na foirne ar comhscór, áfach, nuair a thug botún Ellie Carpenter deis do Lauren Hemp Sasana a chur chun tosaigh arís, deis a thapaigh sí le fonn sa 71ú nóiméad. Bhí cúpla deis mhaith ag Kerr na foirne a chothromú arís i dtreo dheireadh an chluiche ach níor éirigh léi agus chinntigh an tríú cúl ó Shasana, a fuair Alessia Russo sa 86ú nóiméad, go bhfuil cluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan bainte amach ag mná Shasana den chéad uair riamh.[10]
19 Lúnasa An Astráil 0 - An tSualainn 2
D'fhág an Astráil slán leis an gcomórtas agus iad ag imirt in aghaidh na Sualainne sa chluiche don tríú háit.[8][11]
20 Lúnasa An Spáinn 1 - Sasana 0
B'é seo an chéad chluiche ceannais riamh ag mná na Spáinne i mórchomórtas. Bhí achrann agus aighneas leanúnach i gcampa na Spáinne idir na himreoirí agus a mbainisteoir Vilda.[12] Olga Carmona[13] a d’aimsigh an cúl cinniúnach sa chéad leath. Ní raibh Sasana in ann teacht ar ais ar comhscór, agus an chraobh tugtha leo ag an Spáinn.[14]
Bhí an cluiche ceannais ag mórchomórtas idirnáisiúnta bainte amach anois ag Sarina Wiegman, bainisteoir Shasana, den cheathrú huair as a chéile.[15][16]
Agus an bua ag Spáinn sa chluiche ceannais, tharla conspóid mhór ann faoin bpóg a thug uachtarán chónaidhm sacair na Spáinne, Luis Rubiales, don imreoir Jenni Hermoso ag bronnadh na mbonn. [14][17]
Babhta na nGrúpaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Grúpa A
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit | Tír | Im
|
Bua
|
Comh
|
Cai
|
CS
|
CC
|
+/−
|
Pnt
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1. | An Eilvéis | 3 | 1 | 2 | 0 | 2 | 0 | +2 | 5 |
2. | An Iorua | 3 | 1 | 1 | 1 | 6 | 1 | +5 | 4 |
3. | An Nua-Shéalainn | 3 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 0 | 4 |
4. | Na hOileáin Fhilipíneacha | 3 | 1 | 0 | 2 | 1 | 8 | -7 | 3 |
20 Iúil 2023 19:00 UTC+12 | An Nua-Shéalainn | 1–0 |
An Iorua | Eden Park, Auckland Slua: 42,137 Reiteoir: Yoshimi Yamashita (an tSeapáin) |
Wilkinson 48' |
21 Iúil 2023 17:00 UTC+12 | Na hOileáin Fhilipíneacha | 0–2 |
An Eilvéis | Forsyth Barr Stadium, Dunedin Slua: 13,711 Reiteoir: Vincentia Amedome (Tóga) |
Bachmann 45' (p) |
25 Iúil 2023 17:30 UTC+12 | An Nua-Shéalainn | – |
Na hOileáin Fhilipíneacha | Wellington Regional Stadium, Wellington Slua: Reiteoir: |
25 Iúil 2023 20:00 UTC+12 | An Eilvéis | – |
An Iorua | Waikato Stadium, Hamilton Slua: Reiteoir: |
30 Iúil 2023 19:00 UTC+12 | An Eilvéis | – |
An Nua-Shéalainn | Forsyth Barr Stadium, Dunedin Slua: Reiteoir: |
30 Iúil 2023 19:00 UTC+12 | An Iorua | – |
Na hOileáin Fhilipíneacha | Eden Park, Auckland Slua: Reiteoir: |
Grúpa B
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit | Tír | Im
|
Bua
|
Comh
|
Cai
|
CS
|
CC
|
+/−
|
Pnt
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1. | An Astráil | 3 | 2 | 0 | 1 | 7 | 3 | +4 | 6 |
2. | An Nigéir | 3 | 1 | 2 | 0 | 3 | 2 | +1 | 5 |
3. | Ceanada | 3 | 1 | 1 | 1 | 2 | 5 | -3 | 4 |
4. | Poblacht na hÉireann | 3 | 0 | 1 | 2 | 1 | 3 | -2 | 1 |
20 Iúil 2023 20:00 UTC+10 | An Astráil | 1–0 |
Poblacht na hÉireann | Stadium Australia, Sydney Slua: 75,784 Reiteoir: Edina Alves Batista (an Bhrasaíl) |
Steph Catley (p), 52' |
21 Iúil 2023 12:30 UTC+10 | An Nigéir | 0–0 |
Ceanada | Melbourne Rectangular Stadium, Melbourne Slua: 21,410 Reiteoir: Lina Lehtovaara (An Fhionlainn) |
26 Iúil 2023 20:00 UTC+8 | Ceanada | – |
Poblacht na hÉireann | Perth Rectangular Stadium, Perth Slua: Reiteoir: |
27 Iúil 2023 20:00 UTC+10 | An Astráil | – |
An Nigéir | Lang Park, Brisbane Slua: Reiteoir: |
31 Iúil 2023 20:00 UTC+10 | Ceanada | – |
An Astráil | Melbourne Rectangular Stadium, Melbourne Slua: Reiteoir: |
31 Iúil 2023 20:00 UTC+10 | Poblacht na hÉireann | – |
An Nigéir | Lang Park, Brisbane Slua: Reiteoir: |
Grúpa C
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit | Tír | Im
|
Bua
|
Comh
|
Cai
|
CS
|
CC
|
+/−
|
Pnt
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1. | An tSeapáin | 3 | 3 | 0 | 0 | 11 | 0 | +11 | 9 |
2. | An Spáinn | 3 | 2 | 0 | 1 | 8 | 4 | +8 | 6 |
3. | An tSaimbia | 3 | 1 | 0 | 2 | 3 | 11 | -8 | 3 |
4. | Cósta Ríce | 3 | 0 | 0 | 3 | 1 | 8 | -7 | 0 |
21 Iúil 2023 19:30 UTC+12 | An Spáinn | 3–0 |
Cósta Ríce | Wellington Regional Stadium, Wellington Slua: 22,966 Reiteoir: Casey Reibelt (an Astráil) |
Del Campo 21' (fc) |
22 Iúil 2023 19:00 UTC+12 | An tSaimbia | 0–5 |
An tSeapáin | Waikato Stadium, Hamilton Slua: 16,111 Reiteoir: Tess Olofsson (An tSualainn) |
Miyazawa 43', 62' |
26 Iúil 2023 17:00 UTC+12 | An tSeapáin | – |
Cósta Ríce | Forsyth Barr Stadium, Dunedin Slua: Reiteoir: |
26 Iúil 2023 19:30 UTC+12 | An Spáinn | – |
An tSaimbia | Eden Park, Auckland Slua: Reiteoir: |
31 Iúil 2023 19:00 UTC+12 | An tSeapáin | – |
An Spáinn | Wellington Regional Stadium, Wellington Slua: Reiteoir: |
31 Iúil 2023 19:00 UTC+12 | Cósta Ríce | – |
An tSaimbia | Waikato Stadium, Hamilton Slua: Reiteoir: |
Grúpa D
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit | Tír | Im
|
Bua
|
Comh
|
Cai
|
CS
|
CC
|
+/−
|
Pnt
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1. | Sasana | 3 | 3 | 0 | 0 | 8 | 1 | +7 | 9 |
2. | An Danmhairg | 3 | 2 | 0 | 1 | 3 | 1 | +2 | 6 |
3. | An tSín | 3 | 1 | 0 | 2 | 2 | 7 | -5 | 3 |
4. | Háítí | 3 | 0 | 0 | 3 | 1 | 4 | -4 | 0 |
22 IúiI 2023 19:30 UTC+10 | Sasana | 1–0 |
Háítí | Lang Park, Brisbane Slua: 44,369 Reiteoir: Emikar Calderas Barrera (Veiniséala) |
Stanway 29' (p.) |
22 Iúil 2023 20:00 UTC+8 | An Danmhairg | 1–0 |
An tSín | Perth Rectangular Stadium, Perth Slua: 16,989 Reiteoir: Marie-Soleil Beaudoin (Ceanada) |
Vangsgaard 90' |
28 Iúil 2023 18:30 UTC+10 | Sasana | – |
An Danmhairg | Sydney Football Stadium, Sydney Slua: Reiteoir: |
28 Iúil 2023 20:30 UTC+9:30 | An tSín | – |
Háítí | Hindmarsh Stadium, Adelaide Slua: Reiteoir: |
1 Lúnasa 2023 20:30 UTC+9:30 | An tSín | – |
Sasana | Hindmarsh Stadium, Adelaide Slua: Reiteoir: |
1 Lúnasa 2023 19:00 UTC+8 | Háítí | – |
An Danmhairg | Perth Rectangular Stadium, Perth Slua: Reiteoir: |
Grúpa E
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit | Tír | Im
|
Bua
|
Comh
|
Cai
|
CS
|
CC
|
+/−
|
Pnt
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1. | An Ísiltír | 3 | 2 | 1 | 0 | 9 | 1 | +8 | 7 |
2. | Stáit Aontaithe Mheiriceá | 3 | 1 | 2 | 0 | 4 | 1 | +3 | 5 |
3. | An Phortaingéil | 3 | 1 | 1 | 1 | 2 | 1 | +1 | 4 |
4. | Vítneam | 3 | 0 | 0 | 3 | 0 | 12 | -12 | 0 |
22 IúiI 2023 13:00 UTC+12 | Stáit Aontaithe Mheiriceá | – |
Vítneam | Eden Park, Auckland Slua: Reiteoir: |
23 Iúil 2023 19:30 UTC+12 | An Ísiltír | – |
An Phortaingéil | Forsyth Barr Stadium, Dunedin Slua: Reiteoir: |
27 Iúil 2023 13:00 UTC+12 | Stáit Aontaithe Mheiriceá | – |
An Ísiltír | Wellington Regional Stadium, Wellington Slua: Reiteoir: |
27 Iúil 2023 19:30 UTC+12 | An Phortaingéil | – |
Vítneam | Waikato Stadium, Hamilton Slua: Reiteoir: |
1 Lúnasa 2023 19:00 UTC+12 | An Phortaingéil | – |
Stáit Aontaithe Mheiriceá | Eden Park, Auckland Slua: Reiteoir: |
1 Lúnasa 2023 19:00 UTC+12 | Vítneam | – |
An Ísiltír | Forsyth Barr Stadium, Dunedin Slua: Reiteoir: |
Grúpa F
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit | Tír | Im
|
Bua
|
Comh
|
Cai
|
CS
|
CC
|
+/−
|
Pnt
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1. | An Fhrainc | 3 | 2 | 1 | 0 | 8 | 4 | +4 | 7 |
2. | Iamáice | 3 | 1 | 2 | 0 | 1 | 0 | +1 | 5 |
3. | An Bhrasaíl | 3 | 1 | 1 | 1 | 5 | 2 | +3 | 4 |
4. | Panama | 3 | 0 | 0 | 3 | 3 | 11 | -8 | 0 |
23 IúiI 2023 20:00 UTC+10 | An Fhrainc | – |
Iamáice | Sydney Football Stadium, Sydney Slua: Reiteoir: |
24 Iúil 2023 20:30 UTC+9:30 | An Bhrasaíl | – |
Panama | Hindmarsh Stadium, Adelaide Slua: Reiteoir: |
29 Iúil 2023 20:00 UTC+10 | An Fhrainc | – |
An Bhrasaíl | Lang Park, Brisbane Slua: Reiteoir: |
29 Iúil 2023 20:30 UTC+8 | Panama | – |
Iamáice | Perth Rectangular Stadium, Perth Slua: Reiteoir: |
2 Lúnasa 2023 20:00 UTC+10 | Panama | – |
An Fhrainc | Sydney Football Stadium, Sydney Slua: Reiteoir: |
2 Lúnasa 2023 20:00 UTC+10 | Iamáice | – |
An Bhrasaíl | Melbourne Rectangular Stadium, Melbourne Slua: Reiteoir: |
Grúpa G
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit | Tír | Im
|
Bua
|
Comh
|
Cai
|
CS
|
CC
|
+/−
|
Pnt
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1. | An tSualainn | 3 | 3 | 0 | 0 | 9 | 1 | +8 | 9 |
2. | An Afraic Theas | 3 | 1 | 1 | 0 | 6 | 6 | 0 | 4 |
3. | An Iodáil | 3 | 1 | 0 | 2 | 3 | 8 | -5 | 3 |
4. | An Airgintín | 3 | 0 | 1 | 2 | 2 | 5 | -3 | 1 |
23 IúiI 2023 17:00 UTC+12 | An tSualainn | – |
An Afraic Theas | Wellington Regional Stadium, Wellington Slua: Reiteoir: |
24 Iúil 2023 18:00 UTC+12 | An Iodáil | – |
An Airgintín | Eden Park, Auckland Slua: Reiteoir: |
28 Iúil 2023 12:00 UTC+12 | An Airgintín | – |
An Afraic Theas | Forsyth Barr Stadium, Dunedin Slua: Reiteoir: |
29 Iúil 2023 19:30 UTC+12 | An tSualainn | – |
An Iodáil | Wellington Regional Stadium, Wellington Slua: Reiteoir: |
2 Lúnasa 2023 19:00 UTC+12 | An Airgintín | – |
An tSualainn | Waikato Stadium, Hamilton Slua: Reiteoir: |
2 Lúnasa 2023 19:00 UTC+12 | An Afraic Theas | – |
An Iodáil | Wellington Regional Stadium, Wellington Slua: Reiteoir: |
Grúpa H
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áit | Tír | Im
|
Bua
|
Comh
|
Cai
|
CS
|
CC
|
+/−
|
Pnt
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1. | An Cholóim | 3 | 2 | 0 | 1 | 4 | 2 | +2 | 6 |
2. | Maracó | 3 | 2 | 0 | 1 | 2 | 6 | -4 | 6 |
3. | An Ghearmáin | 3 | 1 | 1 | 1 | 8 | 3 | +5 | 4 |
4. | An Chóiré Theas | 3 | 0 | 1 | 2 | 1 | 4 | -3 | 1 |
24 IúiI 2023 18:30 UTC+10 | An Ghearmáin | – |
Maracó | Melbourne Rectangular Stadium, Melbourne Slua: Reiteoir: |
25 Iúil 2023 12:00 UTC+10 | An Cholóim | – |
An Chóiré Theas | Sydney Football Stadium, Sydney Slua: Reiteoir: |
30 Iúil 2023 14:00 UTC+9:30 | An Chóiré Theas | – |
Maracó | Hindmarsh Stadium, Adelaide Slua: Reiteoir: |
29 Iúil 2023 19:30 UTC+10 | An Ghearmáin | – |
An Cholóim | Sydney Football Stadium, Sydney Slua: Reiteoir: |
3 Lúnasa 2023 20:00 UTC+10 | An Chóiré Theas | – |
An Ghearmáin | Lang Park, Brisbane Slua: Reiteoir: |
3 Lúnasa 2023 18:00 UTC+8 | Maracó | – |
An Cholóim | Perth Rectangular Stadium, Perth Slua: Reiteoir: |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (15 Iúil 2023). "Nuacht Mhall: (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-07-20.
- ↑ 2.0 2.1 Pádraic Ó Ciardha (2023-07-26). "Cúl McCabe sa Táin ach tús iontach curtha ó mhaith ag Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 26 Iúil 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-07-20). "Poblacht na hÉireann 0-1 An Astráil: mí-ádh ar chosbháireoirí mná" (as ga).
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (20 Iúil 2023). "Díomá do mhná na hÉireann agus iad cloíte sa chéad chluiche acu ag Corn Domhanda na mBan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-08-03). "Fáilte abhaile le cur roimh Mhná na hÉireann ag filleadh abhaile" (as ga).
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (31 Iúil 2023). "A céad phointe ag Corn Domhanda na mBan faighte ag Éirinn ach deireadh déanta san Astráil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-31.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (5 Lúnasa 2023). "Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-05.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 Méabh De Búrca (15 Lúnasa 2023). "Caithfidh Sasana dul go dtí leibhéal níos airde chun an cluiche ceannais a bhaint amach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-20.
- ↑ 9.0 9.1 Méabh De Búrca (19 Lúnasa 2023). "Cinntí móra le déanamh ag Sasana agus an Spáinn roimh chluiche ceannais an Choirn Dhomhanda" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-20.
- ↑ 10.0 10.1 Pádraic Ó Ciardha (16 Lúnasa 2023). "Sasana chun aghaidh a thabhairt ar an Spáinn sa chluiche ceannais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-20.
- ↑ olympics.com (2023). "Sweden secure third place with 2-0 win over co-hosts Australia". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Ba léir nach raibh muinín ag na himreoirí uile sa bhainisteoir agus bhí daoine sa Spáinn nach raibh ag iarraidh go mbuafadh an Spáinn toisc go mbeadh sé níos deacra fáil réidh le Vilda !
- ↑ Dúirt Olga Carmona i ndiaidh an chluiche gurb é an Domhnach an lá ab fhearr agus an lá ba mheasa dá saol agus an scéal tragóideach faighte aici i ndiaidh an chluiche ceannais go raibh a hathair básaithe. Bhásaigh a hathair, a bhí tinn le fada, ar an Aoine ach chinn a muintir gan an scéal a thabhairt di go dtí go mbeadh an cluiche ceannais thart chun go mbeadh sí in ann díriú ar an gcluiche mór.
- ↑ 14.0 14.1 Méabh De Búrca (25 Lúnasa 2023). "Cuirfidh Corn Domhanda na mBan 2023 leis an deiseanna atá ann an cluiche ar fud na cruinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-30.
- ↑ Roimh di post a fháil le Sasana, bhain sí amach cluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan leis an Ísiltír in 2015 agus bhuaigh sí Craobh na hEorpa lena tír dhúchais in 2017.
- ↑ "Sasana chun aghaidh a thabhairt ar an Spáinn sa chluiche ceannais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-16). Dáta rochtana: 2023-10-30.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-30). "Fionraíocht trí bliana gearrtha ag FIFA ar Rubiales" (as ga-IE).