Foireann sacair ban Phoblacht na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFoireann sacair ban Phoblacht na hÉireann
Sonraí
Cineálfoireann spóirt náisiúnta
foireann náisiúnta cumann sacair na mBan Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1973
Gníomhaíocht
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad baileStaid ThamhlachtaTamhlacht . 6,000  Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíre FIFAIRL Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
PríomhchóitseálaíColin Bell (2017–2019)
Vera Pauw (2019–2023)
Eileen Gleeson (en) Aistrigh (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
CaptaenKatie McCabe Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirCumann Peile na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfai.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: FAIwomen Instagram: faireland Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Déanann foireann sacair ban Phoblacht na hÉireann ionadaíocht ar son Phoblacht na hÉireann i gcomórtais sacair idirnáisiúnta. Cuirtear na 'Cailíní i nGlas' orthu mar leasainm.[1][2]

2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Sraith Náisiúnta na mBan in Éirinn, nó Príomhroinn na mBan SSE Airtricity mar atá uirthi anois, in 2011.[3]

2012[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2012, bhí an fhoireann ag uimhir 28 ar liosta FIFA agus 17 i rangú na hEorpa, faoi stiúir an bhainisteora Sue Ronan.[1]

2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain foireann na hÉireann áit amach ag Corn an Domhain den chéad uair riamh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Albain i nGlaschú ar 11 Deireadh Fómhair 2022.[4][5]

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Dheireadh Fómhair 2022, foilsíodh físeán ar na meáin shóisialta de na mná sa seomra feistis i ndiaidh an chluiche agus rosc catha ag moladh an IRA á bhladhradh acu.[6] Scaipeadh físeán d’imreoirí ag canadh an amhráin ‘Celtic Symphony’ de chuid na Wolfe Tones.[4] Bhí roinnt imreoirí le feiceáil ag canadh na liricí ‘Ooh, ah, up the Ra’ atá mar chuid den amhrán.

Tá fíneáil de €20,000 gearrtha ag Aontas Chumann Sacair na hEorpa (UEFA) ar Chumann Peile na hÉireann (FAI). Mhaígh UEFA gur sháraigh foireann sacair le Poblacht na hÉireann rialacha i dtaca le dea-iompar Bhí leithscéal gafa ag Cumann Peile na hÉireann (FAI) faoi.[7]

Amhrán d’fhoireann na mban[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chum an t-údar Ré Ó Laighléis amhrán Amhrán dátheangach d’fhoireann na mban. Is é Céim ar Chéim an t-ainm atá ar an amhrán agus canann Anna Mullarkey é.[8][9]

Is sinne Mná na hÉireann,

Is muid a dhéanfaidh beart,

Is sinn a bhéarfaidh bua

And we’re only at the start

Of all we can achieve ...[9]

An fhoireann sa bhliain 2022/2023[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmníodh an fhoireann seo a leanas le haghaidh cluiche cáilithe Corn Domhanda FIFA na mBan 2023 ar an 21 Deireadh Fómhair 2022.[10] Bhí Éire ag tabhairt aghaidh ar an Astráil, ar Cheanada agus ar an Nigéir i nGrúpa B Bhí an Astráil agus Ceanada sa 10ú háit agus sa 7ú háit ar domhan faoi seach, agus mar sin, rogha na coitiantachta chun teacht amach as an ghrúpa.[3]

Ionad Ainm Dáta breithe Caipíní Cúil Club
Cúl báire Grace Moloney 1 Márta 1993 6 0 Reading
Cúl báire Courtney Brosnan 10 Samhain 1995 17 0 Everton
Cúl báire Megan Walsh 12 Samhain 1994 1 0 Brighton and Hove
Cúl báire Eve Badana 9 Iúil 1993 4 0 DLR Waves
Cosantóir Claire O'Riordan 12 Deireadh Fómhair 1994 17 0 Celtic
Cosantóir Harriet Scott 10 Feabhra 1993 23 0 Birmingham City
Cosantóir Áine O'Gorman 13 Bealtaine 1989 112 13 Peamount United
Cosantóir Louise Quinn 17 June 1990 99 15 Birmingham City
Cosantóir Chloe Mustaki 29 Iúil 1995 4 0 Bristol City
Cosantóir Hayley Nolan 7 Márta 1990 7 0 London City Lionesses
Cosantóir Diane Caldwell 11 Meán Fómhair 1988 91 4 Reading
Cosantóir Megan Campbell 28 Meitheamh 1993 45 3 Liverpool
Cosantóir Niamh Fahey 13 Deireadh Fómhair 1987 105 1 Liverpool
Imreoir lár páirce Denise O'Sullivan 4 Feabhra 1994 97 19 North Carolina Courage
Imreoir lár páirce Katie McCabe (captaen) 21 Meán Fómhair 1995 69 17 Arsenal
Imreoir lár páirce Jessica Ziu 16 Meitheamh 2002 12 0 West Ham United
Imreoir lár páirce Ciara Grant 11 Meitheamh 1993 16 0 Hearts of Midlothian
Imreoir lár páirce Jamie Finn 21 Aibreán 1998 14 0 Birmingham City
Imreoir lár páirce Roma McLaughlin 6 Márta 1998 10 0 Central Connecticut Blue Devils
Imreoir lár páirce Lily Agg 17 Nollaig 1993 5 2 London City Lionesses
Imreoir lár páirce Lucy Quinn 29 Meán Fómhair 1993 12 2 Birmingham City
Imreoir lár páirce Isibeal Atkinson 17 Iúil 2001 4 0 West Ham United
Imreoir lár páirce Niamh Farrelly 15 Aibreán 1999 4 0 Parma
Tosaí Heather Payne 20 Eanáir 2000 30 1 Florida State Seminoles
Tosaí Abbie Larkin 27 Aibreán 2005 4 1 Shelbourne
Tosaí Amber Barrett 10 Eanáir 1996 33 5 Turbine Potsdam
Tosaí Saoirse Noonan 12 Iúil 1999 3 1 Durham
Tosaí Kyra Carusa 14 Samhain 1995 7 1 HB Køge

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Tá cothrom na Féinne tuillte ag na 'Cailíní i nGlas' < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2022-10-18.
  2. Gráinne McElwain (MF 2022). "Sacar na mban: tá tábhacht leis na na cluichí agus na réaltaí a bheith feicthe againn" (ga-IE). independent. Dáta rochtana: 2022-10-18.
  3. 3.0 3.1 Pádraic Ó Ciardha (2023-07-26). "Cúl McCabe sa Táin ach tús iontach curtha ó mhaith ag Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 26 Iúil 2023.
  4. 4.0 4.1 Pádraic Ó Ciardha (13 Deireadh Fómhair 2022). "Fiosrúchán ar bun ag UEFA faoi cheiliúradh conspóideach fhoireann na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-18.
  5. Gráinne McElwain (31 Lúnasa 2022). "Bua de dhíth ar Éirinn agus an tír ag tacú leo" (ga-IE). independent. Dáta rochtana: 2022-10-18.
  6. Nuacht RTÉ (2022-10-12). "Leithscéal gafa faoi dhuan bua a chan foireann na hÉireann aréir" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2022-12-08). "Fíneáil gearrtha ag UEFA ar an FAI" (as ga-IE). 
  8. RTÉ (2023-06-28). "Céim ar Chéim: Writing of a World Cup Anthem for Mná na hÉireann" (as ga). 
  9. 9.0 9.1 "Amhrán cumtha ag scríbhneoir Gaeilge d’fhoireann sacair na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-26). Dáta rochtana: 2023-08-07.
  10. "WNT squad selected for World Cup Play-Off | Football Association of Ireland". www.fai.ie. Dáta rochtana: 2022-10-18.