Comh-intuigtheacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa teangeolaíocht, tugtar comh-intuigtheacht ar an ngaol idir dhá theanga nó dhá chanúint nuair a bhíonn na cainteoirí in ann a chéile a thuiscint gan mórán stró agus gan taithí roimh ré. Uaireanta, úsáidtear an chomh-intuigtheacht mar chritéar tábhachtach chun teangacha a idirdhealú ó chanúintí, cé gur minic a úsáidtear tosca sochtheangeolaíochta freisin.

Uaireanta, tuigeann lucht labhartha teanga amháin teanga eile níos fearr ná a mhalairt, agus tugtar intuigtheacht aontreo air seo. Nuair a bhíonn an intuigtheacht sách siméadrach, tugtar comh-intuigtheacht air. Tá an feiniméan seo le sonrú i measc go leor teangacha ar fud an domhain a bhfuil gaol teangeolaíochta eatarthu nó a labhraítear sa réigiún céanna, go minic i gcomhthéacs contanam canúintí.

Déantar staidéar ar “fhad teangeolaíochta” freisin — is é sin teicnící éagsúla leis an difríocht idir dhá theanga nó dhá chanúint a thomhas. Dá airde é an fad teangeolaíochta, is ea is ísle an chomh-intuigtheacht.

Intuigtheacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní mór go leor ama agus go leor dua a chaitheamh chun cumas réasúnta maith a bhaint amach i dteanga (a dtugtar “T2” air) seachas do mháthairtheanga (“T1”), trí staidéar agus cleachtadh praiticiúil, mura bhfuil dlúthghaol idir an T1 agus an T2.[1] Is í an intuigtheacht an sprioc atá ag daoine a bhfuil ardchumas sa T2 acu, go háirithe nuair a úsáideann siad an dara teanga i gcúrsaí oibre agus tá sé an-tábhachtach go dtuigfí iad.[1] Tá an próiseas seo níos éasca nuair atá leibhéal éigin intuigtheachta ann idir na teangacha. Go minic, tarlaíonn sé seo mar gheall ar ghaol teangeolaíochta idir na teangacha, agus bíonn siad cosúil lena chéile ó thaobh cúrsaí gramadaí, stór focal, fuaimniú, nó gnéithe eile.

D'fhéadfadh leibhéal na hintuigtheachta idir dhá theanga a bheith an-difriúil idir daoine aonair nó grúpaí laistigh de phobal teanga, ag brath ar a gcuid eolais ar chanúintí éagsúla ina dteanga féin, a gcuid eolais ar theangacha gaolmhara eile, ar a spéis i gcultúir eile, ar shaintréithe cognaíocha, an modh cumarsáide (labhartha vs. scríofa), nó ábhar na cainte féin.

Teangacha comh-intuigthe nó canúintí teanga amháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideann teangeolaithe áirithe an chomh-intuigtheacht mar an phríomhchritéar chun teangacha agus canúintí a idirdhealú.[2]

Fadhb amháin a bhaineann leis an sainmhíniú seo ná gur minic gur féidir le cainteoirí teangacha gaolmhara (ach difriúla) cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, más mian leo. Mar shampla, is teangacha difriúla iad an Spáinnis agus an Iodáilis go hoifigiúil, cé go bhfuil dlúthghaol eatarthu. Níl ceisteanna intuigtheachta chomh simplí sin — braitheann sé ar go leor athróg a bhaineann le cainteoirí aonair nó le comhthéacs na cumarsáide. Is féidir freisin go n-athraítear rangúcháin ar chúiseanna nach mbaineann leis na teangacha féin. Mar shampla, i gcás contanam líneach canúintí, nuair is féidir le cainteoirí i ngar don lár na canúintí ag an dá fhoirceann a thuiscint gan mórán stró, ach nach mbíonn cainteoirí ag taobh amháin in ann na cainteoirí ag an taobh eile a thuiscint, Is minic a mheastar slabhra iomlán mar theanga amháin. Má fhaigheann an chanúint lárnach bás, agus maireann na canúintí ar an dá thaobh, féadfar iad a athrangú mar dhá theanga, cé nár tharla aon athrú teangeolaíochta dóibh.

Ina theannta sin, is minic a sháraíonn nósanna polaitiúla agus sóisialta an chomh-intuigtheacht. Mar shampla, is minic a mheastar canúintí na Sínise mar theanga amháin cé nach mbíonn aon chomh-intuigtheacht idir canúintí a labhraítear i réigiúin i bhfad ó chéile. Sampla eile den chineál céanna is ea canúintí na hAraibise, agus sa chás sin, is féidir le lucht labhartha na gcanúintí dul i muinín na Nua-Araibise Caighdeánaí. I gcodarsnacht leis sin, is minic a bhíonn intuigtheacht shuntasach idir na teangacha Lochlannacha, ach aicmítear mar theangacha ar leith iad toisc go bhfuil foirm chaighdeánach ag gach ceann acu. Tá intuigtheacht shuntasach freisin idir teangacha Téalannacha i réigiúin éagsúla na Téalainne.

Chun déileáil leis an deacracht seo i gcásanna mar Araibis, Sínis, agus Gearmáinis, uaireanta úsáidtear an téarma Dachsprache (“scáth-theanga”): is teangacha iad an tSínis agus an Ghearmáinis ó thaobh sochtheangeolaíochta, cé nach dtuigeann cainteoirí áirithe a chéile gan dul i muinín fhoirm chaighdeánach na teanga, nó foirm a bhfuil ardmheas uirthi.

Intuigtheacht aontreo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar intuigtheacht aontreo ar chás ina bhfuil intuigtheacht éigin ann idir dhá theanga, ach bíonn deacracht níos mó ag grúpa cainteoirí amháin an teanga eile a thuiscint ná a mhalairt. Tarlaíonn sé seo, mar shampla, nuair atá gaol ag teanga amháin le teanga eile ach tá gramadach na chéad teanga níos simplí — sa chás seo, seans go dtuigfeadh cainteoirí na dara teanga an teanga níos simplí gan stró, ach bheadh an mhalairt níos deacra. Mar shampla, bíonn sé níos fusa ag cainteoirí na hOllainnise an Afracáinis a thuiscint ná a mhalairt mar thoradh ar ghramadach shimplithe na hAfracáinise.[3]

Is contanam canúintí é na teangacha Gearmánacha Thuaidh a labhraítear sa Chríoch Lochlann agus is beag an tuiscint atá ann idir an dá chanúint is faide amach. Mar sin, is iondúil nach mbíonn mórán intuigtheachta idir an Danmhairgis agus an tSualainnis,[3] ach tuigeann na Sualainnigh i réigiún Öresund (le Malmö agus Helsingborg san áireamh), trasna caolais ó phríomhchathair na Danmhairge Cóbanhávan, an Danmhairgis beagáinín níos fearr ná a mhalairt, go príomha mar gheall ar a chóngaracht do cheantar labhartha na Danmhairgise. Nuair a bhí an Iorua faoi riail na Danmhairge, d'fhorbair caighdeán scríofa na hIoruaise (Bokmål) ón Dano-Ioruais, teanga koiné a d'fhorbair i measc na huasaicme uirbí i gcathracha na hIorua le linn bhlianta deiridh an aontais. Ina theannta sin, chomhshamhlaigh an Ioruais cuid mhaith de stór focal na Danmhairgise chomh maith le go leor nathanna traidisiúnta Danmhairgise.[3] Mar thoradh air sin, níl an intuigtheacht siméadrach.[3]

Liosta teangacha comh-intuigthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foirmeacha scríofa agus labhartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Araibis na Túinéise: Máltais (go suntasach),[4] Araibis na hAilgéire agus Araibis Libia (go pointe áirithe)[5]
  • Asarbaiseáinis: Tatairis na Crimé, Gagásais, Tuircis agus Urum (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[6][7][8]
  • Bealarúisis: Rúisis agus Úcráinis (go pointe áirithe)[9]
  • Béarla: Albainis (go suntasach)[10]
  • Bulgáiris: Macadóinis (go suntasach)[11]
  • Catalóinis: Portaingéilis (go pointe áirithe), Iodáilis (go pointe áirithe), Spáinnis (go pointe áirithe)[12][13]
  • Danmhairgis: Ioruais, agus Sualainnis (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[14][3]
  • Eastóinis: Fionlainnis (go pointe áirithe)[15]
  • Fionlainnis: Eastóinis (go pointe áirithe),[15] Cairéilis (go suntasach)[16]
  • Gaeilge: Gaeilge na hAlban (go pointe áirithe; athraíonn sé go mór de réir na canúna. Comhthuiscint is mó idir canúintí Gaeilge Uladh agus deisceart na hAlban)[17]
  • Gagásais: Asarbaiseáinis, Tatairis na Crimé, Tuircis agus Urum (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[6][7][8]
  • Iodáilis: Corsaicis (go suntasach), Spáinnis, Portaingéilis agus Catalóinis (go pointe áirithe)[13][12]
  • Ioruais: Danmhairgis agus Sualainnis (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[3][14]
  • Liombuirgis: Ollainnis agus Afracáinis (go pointe áirithe)[18]
  • Macadóinis: Bulgáiris (go suntasach),[11] Seirbea-Chróitis (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[19]
  • Manchúis: Xibe[20]
  • Maraitis: Konkani (go suntasach)[21]
  • Ollainnis: Afracáinis (i bhfoirm scríofa; go pointe áirithe i bhfoirm labhartha),[3][22] agus Freaslainnis Iartharach (go pointe áirithe)[3]
  • Polainnis: Slóvaicis (réasúnta),[23][24] Seicis (go pointe áirithe)[25]
  • Portaingéilis: Gailísis (an-ard),[26] Spáinnis (go suntasach i bhfoirm scríofa; neamhshiméadrach i bhfoirm labhartha), Catalóinis (go pointe áirithe)[12] agus Iodáilis (go pointe áirithe)[27][28]
  • Rómáinis: Arómáinis, Megleno-Rómáinis agus Istra-Rómáinis (go suntasach)[29]
  • Rúisis: Bealarúisis agus Úcráinis (go pointe áirithe)[9]
  • Seicis: Slóvaicis (go suntasach), Polainnis (go pointe áirithe)[23]
  • Seirbea-Chróitis: Slóivéinis (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach),[30] Macadóinis (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[19]
  • Slóivéinis: Seirbea-Chróitis (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[30]
  • Slóvaicis: Seicis (go suntasach), Polainnis (réasúnta)[23][24]
  • Spáinnis: Portaingéilis (go suntasach i bhfoirm scríofa; neamhshiméadrach i bhfoirm labhartha), Iodáilis (go pointe áirithe),[13] Gailísis (an-ard),[12] Catalóinis (go pointe áirithe)[12]
  • Sualainnis: Danmhairgis agus Ioruais (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[3][14]
  • Súlúis: Ndebele Thuaidh (go pointe áirithe),[31] Xhosa (go pointe áirithe),[31] agus Swazi (go pointe áirithe);[31] meastar go minic gur canúintí de theanga amháin (Zunda) an chéad trí cinn
  • Tatairis na Crimé: Asarbaiseáinis, Gagásais, Tuircis agus Urum (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[6][7][8]
  • Tuircis: Asarbaiseáinis, Tatairis na Crimé, Gagásais agus Urum (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach)[6][7][8]
  • Úcráinis: Bealarúisis agus Rúisis (go pointe áirithe)[9]
  • Urum: Asarbaiseáinis, Tatairis na Crimé, Gagásais agus Tuircis (go pointe áirithe agus go neamhshiméadrach) [6][7][8]
  • Xibe: Manchúis[20]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Listening instruction and patient safety: Exploring medical English as a lingua franca (MELF) for nursing education".
  2. See e.g. P.H. Matthews, The Concise Oxford Dictionary of Linguistics, OUP 2007, p. 103.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 3.7 3.8 Gooskens (2007). "The Contribution of Linguistic Factors to the Intelligibility of Closely Related Languages". Journal of Multilingual and Multicultural Development 28 (6). doi:10.2167/jmmd511.0. Dáta rochtana: 2010-05-19. 
  4. Borg, Albert J.; Azzopardi-Alexander, Marie (1997). Maltese. Routledge. ISBN 0-415-02243-6.
  5. Sayahi, Lotfi (24 April 2014). "Diglossia and Language Contact: Language Variation and Change in North Africa". Cambridge University Press. 
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 Language Materials Project: Turkish”. UCLA International Institute, Center for World Languages (Feabhra 2007). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-10-11. Dáta rochtana: 2007-04-26.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 Kasapoğlu Çengel, Hülya (2004). Ukrayna'daki Urum Türkleri ve Folkloru. Milli Folklor, 2004, Yıl. 16, S. 16, s. 59
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 Sinor, Denis (1969). "Inner Asia. History-Civilization-Languages. A syllabus": 71–96. Bloomington. 
  9. 9.0 9.1 9.2 Alexander M. Schenker. 1993. "Proto-Slavonic," The Slavonic Languages. (Routledge). Pp. 60–121. Pg. 60: "[The] distinction between dialect and language being blurred, there can be no unanimity on this issue in all instances..."
    C.F. Voegelin and F.M. Voegelin. 1977. Classification and Index of the World's Languages (Elsevier). Pg. 311, "In terms of immediate mutual intelligibility, the East Slavic zone is a single language."
    Bernard Comrie. 1981. The Languages of the Soviet Union (Cambridge). Pg. 145–146: "The three East Slavonic languages are very close to one another, with very high rates of mutual intelligibility...The separation of Russian, Ukrainian, and Belorussian as distinct languages is relatively recent...Many Ukrainians in fact speak a mixture of Ukrainian and Russian, finding it difficult to keep the two languages apart...
  10. Kaufmann, Manuel (2006). "English in Scotland — a phonological approach" 21. GRIN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-04. Dáta rochtana: 2020-04-05.
  11. 11.0 11.1 Language profile Macedonian Curtha i gcartlann 2009-03-11 ar an Wayback Machine, UCLA International Institute
  12. 12.0 12.1 12.2 12.3 12.4 Lindsay, Robert. "Mutual Intelligibility among the Romance Languages" (as en). 
  13. 13.0 13.1 13.2 Voigt, Stefanie (2014). "Mutual Intelligibility of Closely Related Languages within the Romance language family" 113.
  14. 14.0 14.1 14.2 Bø, I (1976). "Ungdom og naboland : en undersøkelse av skolens og fjernsynets betydning for nabospråkforståelsen". Rogalandsforskning 4. 
  15. 15.0 15.1 Katzner, Kenneth (2002). "The languages of the world". Routledge. 
  16. Taagepera, Rein (1999). "The Finno-Ugric republics and the Russian state". Routledge. 
  17. Christina Bratt Paulston (1988). "International Handbook of Bilingualism and Bilingual Education". 
  18. "Limburgish" (19 November 2019).
  19. 19.0 19.1 Macedonian language Curtha i gcartlann 2009-03-11 ar an Wayback Machine on UCLA
  20. 20.0 20.1 Gordon 2005, Xibe
  21. "How Konkani Won the Battle for 'Languagehood'". www.meertens.knaw.nl. Dáta rochtana: 2021-06-01.
  22. "Mutual Comprehensibility of Written Afrikaans and Dutch: Symmetrical or Asymmetrical?" (2006). Literary and Linguistic Computing 21 (4): 543–557. doi:10.1093/llc/fql036. 
  23. 23.0 23.1 23.2 Trudgill, Peter (2004). "Speaking from the Margin: Global English from a European Perspective". Peter Lang. 
  24. 24.0 24.1 Kevin Hannan (1996). "Borders of Language and Identity in Teschen Silesia" (as en). Peter Lang. 
  25. "Encyclopedia of language & linguistics" (as en) (2006). Elsevier. 
  26. Beswick, Jaine (2005). "Linguistic homogeneity in Galician and Portuguese borderland communities". Estudios de Sociolingüística 6 (1): 39–64. 
  27. "Comparação Português e Castelhano". www.omniglot.com.
  28. "Algumas observações sobre a noção de língua portuguesa". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-16. Dáta rochtana: 2022-07-23.
  29. Romanian language – Britannica Online Encyclopedia
  30. 30.0 30.1 "UCLA Language Materials Project: Language Profile". Lmp.ucla.edu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-11-09. Dáta rochtana: 2013-09-04.
  31. 31.0 31.1 31.2 Angogo, Rachel. "LANGUAGE AND POLITICS IN SOUTH AFRICA". Studies in African Linguistics Volume 9, Number 2. elanguage.net. Dáta rochtana: 30 September 2013.