Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024
Reáchtáladh Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024 i bPáras idir 26 Iúil[1] - 6 Lúnasa 2024. Eagraíodh na cluichí idirnáisiúnta sa bhliain 1924 i bpríomhchathair na Fraince agus an uair sin bhí 22 spórt ar siúl, in aghaidh 28 in 2024. Bhí cluichí na bliana 2024 éagsúil ar bhealach amháin mar gur ar an uisce a bhí an Searmanas Oscailte seachas i staid ar thalamh tirim.[2]
Ghlac 10,714 iomaitheoir (na cinn aonaracha san áireamh), a bhí roghnaithe ag 204 coiste náisiúnta, páirt i 329 comórtas éagsúil. Agus an chreach roinnte ní raibh ach 18 acu sin a raibh níos mó boinn óir bailithe acu ná a bhí ag Éirinn, a raibh 3 cinn cré-umha le cur leo siúd – an líon ba mhó ariamh. Déan comparáid leis na tíortha a chríochnaigh ina ndiaidh sin síos agus tá idir a thrí oiread agus a 100 oiread de dhaonra sna tíortha a chríochnaigh roimh Éirinn ar an liosta go dtiocfaidh tú chomh fada leis an Iorua (5.5 milliún) a bhuaigh ceithre bhonn óir iad féin ach atá roimh Éirinn ar an liosta siocair gur bhuaigh siad ceann airgid.[3]
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí comórtas sna 28 spórt a bhí i dTóiceo in 2021 ar siúl i bPáras chomh maith le ceithre cinn eile a cuireadh leis na cluichí seo go speisialta – dreapadóireacht spóirt, clárscátáil, tonnmharcaíocht, agus den chéad uair riamh ag na cluichí Oilimpeacha, brisdamhsa.[4]
Ar an 26 Iúil 2024, reáchtáladh Searmanas Oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar abhainn na Séine agus na céadta milliún ar fud na cruinne ag faire air, paráid lúthchleasaithe ar 94 bád ar stráice 6 chiliméadar d’abhainn an Seine. Bá mhór an ceiliúradh é, an chéad uair riamh nach istigh i staid a bhí an searmanas oscailte.[5][6] I dtús na pleanála bhí sé i gceist ticéid a thabhairt saor in aisce do 600,000 duine as an bpobal ach ar bhonn slándála athraíodh sin agus ní bheidh ag an ócáid anocht ach an 300,000 duine a bhfuil cuireadh oifigiúil faighte acu.[2]
Chuaigh an loingeas lena lasta lúthchleasaithe thar radharcanna mór le rá Pháras, amhail dánlann an Louvre agus ardeaglais Notre Dame, ag dul ar ancaire os comhair Trocadéro trasna na habhann ón Túr Eiffel mar a gcuirfear tús leis an seó mór féin.[2]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 133 lúthchleasaí ar fhoireann na hÉireann i bPáras, an fhoireann is mó riamh as an tír a cuireadh chuig do na cluichí Oilimpeacha. Bhí súil anonn le 25,000 lucht féachana as Éirinn ag an bhféasta spóirt, an Taoiseach ina measc.[7]
Mona McSharry a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban sa La Défense Arena.[8]
Ar an 30 Iúil, thug an snámhaí Daniel Wiffen, 23 bliain d’aois, as Machaire Lainne sárthaispeántas sa snámh ceannais sa chomórtas snámh saorstíle 800 méadar, , go háirithe ag deireadh an ráis nuair a chuaigh sé chun tosaigh ar chách. 7:38.19 a thóg sé ar Wiffen an rás a bhuachan, an t-am is tapa fós ag aon chluichí Oilimpeacha.[9]
Bhuaigh Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan boinn óir ag rámhaíocht, Rhys McCleneghan ag gleacaíocht agus Kellie Harrington sa gcró dornálaíochta.[3]
Ba le Rhasidat Adeleke agus le Ciara Mageean a bhain an briseadh croí ba mhó de na lúthchleasaithe Éireannacha ar fad a chuaigh go Páras. Dhá mhí roimhe, ag na mórchomórtais dheireanacha a bhí ar siúl, bhuaigh Mageean bonn óir ag Craobhacha na hEorpa, ach an oíche sular thosaigh iomaíocht Oilimpeach 1500m na mban d’fhág gortú achilles a bhí ag dul di le fada nach raibh de rogha aici ach a fhógairt go raibh sí ag tarraingt as. Bhuaigh Rhasidat Adeleke an forás 400m ina raibh sise ar bheagán anró agus bhí sa dara háit sa mbabhta leathcheannais ar a compord. Ag drannadh le deireadh an bhabhta ceannais bhí sí sa tríú háit ach chuaigh Natala Kaczmarek na Polainne thairsti agus thug léi an bonn.
'Sé an ceathrú háit chéanna sin an ceann is mallaithe ag na Cluichí. Ba é freisin a bhí i ndán do Robert Dickson agus Seán Waddilove i gcomórtas seoltóireachta an scif.[3]
Sceimhlitheoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 25/26 Iúil, bhí "ionsaí ollmhór" déanta sa bhFrainc ar an ngréasán iarnróid (an TGV), agus cuireadh as do 800,000 paisinéir dá bharr. Chuir coirloisceoirí trí lárionad (stáisiúin comharthaíochta) idir Páras agus cathracha timpeall na Fraince trí thine. Ní dhearnadh aon díobháil don iarnród soir ó theas, áfach, mar cuireadh stop leis na coirloisceoirí sula ndeachaigh siad chomh fada leis.[10]
Gach aon lá le linn na gCluichí, bhí 30,000 gendarme agus póilín ar dualgas sa gcathair. Faoi "Oibríocht Sentinelle" bhí 20,000 garda slándála príobháideach agus 10,000 saighdiúir ansin agus iad faoi réir le gníomhú gasta sa gcás go ndéanfaí ionsaí sceimhlitheoireachta. Bhí lár na cathrach clúdaithe le baracáidí agus criosanna a bhfuil srianta dochta i bhfeidhm iontu.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cuireadh tús le cluichí rugbaí seachtar-an-taobh agus spóirt eile timpeall 24 Lúnasa
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Tús á chur leis na Cluichí Oilimpeacha agus seó taibhsiúil geallta ar abhainn an Seine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Mártan Ó Ciardha (22 Nollaig 2024). "Seacht mbonn, 15 spórt, 134 laoch…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ Bhí trí chomórtas spóirt a bhí i dTóiceo nach raibh ar an gclár i bPáras—bogliathróid, daorchluiche agus cearáité.
- ↑ "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25).
- ↑ "Tús á chur leis na Cluichí Oilimpeacha agus seó taibhsiúil geallta ar abhainn an Seine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ 7.0 7.1 "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25).
- ↑ "An chéad bhonn d’Éirinn ag na Cluichí Oilmpeacha buaite ag Mona McSharry" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-30). Dáta rochtana: 2024-07-30.
- ↑ "Bonn óir buaite ag Daniel Wiffen na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-30). Dáta rochtana: 2024-07-30.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-26). "Coirloscadh ar ghréasán iarnróid ardluais sa bhFrainc" (as ga-IE).