Rhasidat Adeleke
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Lúnasa 2002 21 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | lúthchleasaí |
Spórt | lúthchleasaíocht |
Disciplín spóirt | 200 méadar 400 méadar |
Ghlac sé/sí páirt i | |
2018 | 2018 European Athletics U18 Championships (en) |
2018 | 2018 IAAF World U20 Championships – women's 200 metres (en) |
Is rábálaí Éireannach í Rhasidat Adeleke a rugadh ar 29 Lúnasa 2002.[1][2] Bhain sí curiarracht náisiúnta amach nuair a chríochnaigh sa rás 400m sa bhliain 2022.[3] Tá boinn óir buaite aici i gCraobhacha Faoi 20 na hEorpa sna rásaí 100m agus 200m.[4]
Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhuaigh Adeleke bonn airgid sa rás sealaíochta 4 x 100m le Molly Scott, Gina Akpe-Moses, Ciara Neville agus Patience Jumbo-Gula ag Craobhchomórtas Domhanda i Tampere, an Fhionlainn sa bhliain 2018[5][6] agus bonn óir sa 200m ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta na hEorpa 2018 i Győr, an Ungáir.[7][8]
Sa bhliain 2021 bhuaigh Adeleke an rás 100m agus an rás 200m araon ag Craobhchomórtais na hEorpa i Tallinn na hEastóine agus ba sheaimpín náisiúnta í mar thoradh.[9][10][11][12] Thosaigh sí ag freastal ar scoláireacht ar Ollscoil Texas chomh maith.
I mí Lúnasa 2022, bronnadh an cúigiú háit uirthi i gcluiche ceannais 400m ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa nuair a bhain sí curriarracht náisiúnta amach le 50.53 soicind.[13][14][15][16][17]
2023[cuir in eagar | athraigh foinse]
I mí an Mheithimh 2023, 49.20 soicind a thóg rása 400m i Texas – an chéad uair ariamh ag bean as Éirinn a bheith faoi bhun 50 soicind.[4]
Ansin bhuaigh Adeleke an bonn airgid i gcomórtas 400m na mban sa Chraobhcomórtas Lúthchleas Coláiste Náisiúnta Laistigh, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chríochnaigh sí in am 50.45 soicind, 0.12 soicind níos moille ná an churiarracht Éireannach a bhain sí amach i mí an Mheithimh.[19]
Sa bhliain 2023, bhí dóchas ollmhór ag Adeleke bonn a thabhairt abhaile ón Chraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain, 2023. Ach tháinig sí isteach sa 4ú háit.[18]
In 2023, b'í an séú bean is gasta ar domhan ar an achar sin agus an 23ú bean is tapúla sa 200m.[4]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Adeleke i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2002. Is as an Nigéir dá tuismitheoirí, Ade agus Prince Adeleke.[6] Bhuaigh an rás 100m agus an rás 200m ag craobh na hÉireann fad is a bhí sí ag freastal ar Choláiste na Toirbhearta, Tír an Iúir.[6][20]
Is ball de Chlub Lúthchleasaíochta Thamhlachta í.[20][6][21]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "What A Year! Here Are All The Irish Medals Our Sports Stars Won In 2018 | Balls.ie". web.archive.org (2018-11-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-01. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Paul Fennessy. "The Irish teen with the world at her feet" (en). The42. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "Ó Katie go Corn an Domhain – scoth na bpictiúr ó shárbhliain do bhanlaochra spóirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-31.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Mártan Ó Ciardha (7 Eanáir 2024). "Cluichí Oilimpeacha Pháras mórócáid idirnáisiúnta i mbliain mhór spóirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-09.
- ↑ IAAF. "IAAF U20 4 x 100 Metres Relay Women - Final results". Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 "'I gave it all I had,' says Rhasidat (15) of her golden run" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "What A Year! Here Are All The Irish Medals Our Sports Stars Won In 2018 | Balls.ie". web.archive.org (2018-11-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-01. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "15-year-old Rhasidat Adeleke storms to 200m gold for Ireland at European Championships". web.archive.org (2018-07-07). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-07. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "Rhasidat Adeleke shines again to stake her claim for Olympics place" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "Adeleke eyes European glory after breezing into final" (as en) (2021-07-16).
- ↑ "Adeleke sprints to 100m gold at Euro U20 Championships" (as en) (2021-07-16).
- ↑ "Ireland’s Rhasidat Adeleke wins European sprint double" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "Curiarracht náisiúnta nua bainte amach ag bean óg as Éirinn | Nuacht TG4" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Rory Cassidy. "Rhasidat Adeleke Finishes Fifth In European 400m Final" (en). Balls.ie. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Gavan Casey. "Rhasidat Adeleke breaks Irish 400m record with fifth-placed finish in European final" (en). The42. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Youtube (2022). "Rhasidat Adeleke 5th in Europe in new Irish Record" (as en).
- ↑ Brendan O'Brien (2022-08-17). "Rhasidat Adeleke storms to fifth and national record in European 400m final" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-12-31.
- ↑ 18.0 18.1 watchathletics.com (Lúnasa 2023). "Women's 400m Results: World Athletics Championships 2023". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (18 Márta 2023). "Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-03-19.
- ↑ 20.0 20.1 "Three reasons to be cheerful for the future of Irish athletics" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ Paul Fennessy. "The Irish teen with the world at her feet" (en). The42. Dáta rochtana: 2022-08-20.