Jump to content

Ceit Fhoirbeis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCeit Fhoirbeis

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Aibreán 1990
34 bliana d'aois
Inbhir Pheofharain, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Rúnaí Comh-Aireachta um Airgeadas agus an Geilleagar
18 Bealtaine 2021 –
Ball de chomh-aireacht: Rialtas 6ú Parlaimint na hAlban
Ball de 6ú Parlaimint na hAlban
6 Bealtaine 2021 –

Ball de 5ú Parlaimint na hAlban
5 Bealtaine 2016 – 5 Bealtaine 2021 (díscaoileadh na parlaiminte)
← Dave Thompson
Téarma parlaiminte: 5ú Parlaimint na hAlban


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamaidh Inbhir Pheofharain
Coláiste Selwyn, Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPàrtaidh Nàiseanta na h-Alba Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus Gaeilge na hAlban

Twitter: _kateforbes Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Albanach í Ceit Fhoirbeis nó :Kate Forbes; a rugadh ar 6 Aibreán 1990) atá ina ball de Pháirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) agus atá ina ball Pharlaimint na hAlban do thoghcheantar An Oileán Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach ó 2016.[1] Ar an 17 Feabhra 2020, ceapadh Forbes mar Rúnaí Comh-Aireachta Airgeadais i Rialtas na hAlban.

Óige agus oideachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ceit i Inbhir Pheofharain i Ros agus Cromba i dtuaisceart na hAlban.[2] Chaith sí trí bliana san India agus í ina páiste, ansin múineadh i nGaelscoil Albanach í.[3] D’fhill sí ar an India lena teaghlach agus í 10 mbliana d'aois agus bhí cónaí uirthi ansin go dtí go raibh sí 15. Agus iad ansin bhí a hathair bainteach le cúram sláinte a sholáthar do dhaoine nach raibh sé ar acmhainn acu díol as.[2] Nuair a d’fhill sí ar Albain chríochnaigh sí a cuid scolaíochta in Acadamaidh Inbhir Pheofharain .

Rinne sí staidéar ar an stair i gColáiste Selwyn, Cambridge i Sasana agus bhain sí BA amach i 2011.

D'oibrigh sí mar chuntasóir ar feadh tamaill.[2][4] Ina dhiaidh sin, rinne sí staidéar in Ollscoil Dhún Éideann, agus bhain sí ceim MSc amach i 2013, i Stair Diaspóra agus Imirce.[2]

Sprint Edinburgh, 2018

Gairm pholaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Lúnasa 2015, roghnaigh baill áitiúla den SNP Ceit ó ghearrliosta gan ach mná amháin air mar a n-iarrthóir do thoghcheantar An Oileán Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach [4] Bhí sí mar chuid d’fheachtas an SNP chun aghaidh a thabhairt ar an bhearna pá inscne i bhfostaíocht i nGaeltacht na hAlban.[5] Toghadh i dtoghchán Pharlaimint na hAlban 2016 í.[6]

Go dtí gur tugadh ardú céime chuig Rialtas na hAlban dí, bhí sí ina cathaoirleach ar Ghrúpa Traspháirtí Pharlaimint na hAlban ar Ghaeilge na hAlban agus labhair sí i bhfabhar stádas Oidhreachta Cultúrtha doláimhsithe UNESCO mar bhealach indéanta leis an teanga a chosaint.[7],[8]

I mí an Mhárta 2018, thug sí óráid iomlán don Pharlaimint i nGaeilge na hAlban le linn díospóireacht ar an teanga.[9][10]

An 27 Meitheamh 2018, ceapadh í go Rialtas na hAlban mar Aire um Airgeadais Phoiblí agus an Gheilleagar Digiteach, mar chuid d’athchóiriú níos leithne a d’fhógair an Chéad-Aire, Nicola Sturgeon.[11]

Ar an 6 Feabhra 2020, ba í an chéad bhean a thug Buiséad na hAlban nuair a d'éirí Derek Mackay as mar Rúnaí Comh-Aireachta um Airgeadas, Geilleagar agus Obair Chóir. Roimhe seo, níor thug aon bhean Buiséad i bParlaimint na hAlban ná i Westminster, cé go ndearna siad i dTionóil na Breataine Bige agus i dTionól na Sé Chontae.[12]

Ar an 17 Feabhra 2020, ceapadh mar Rúnaí Comh-Aireachta Airgeadais í. Is í an chéad bhean sa phost.[13]

Tuairimí agus díospóireachtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar bhall de Eaglais Shaor na hAlban[14], d'iarr Forbes ar an Rialtas ligeann do pháistí a gcreideamh a chleachtadh ar scoil 'gan magadh'. I mí na Bealtaine 2018, dúirt sí go raibh sí "ag iarraidh a thabhairt faoi deara gur chóir go mbeadh cead ag daltaí an éagsúlacht chreidimh in Albain a phléigh, a fhorbairt agus a thuigbhéail"[15]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Forbes Alasdair "Ali" MacLennan (a rugadh in 1980) sa bhliain 2021 in Inbhir Pheofharain,Ros agus Cromba.[16] Rugadh iníon dóibh an bhliain dár gcionn. Bhí MacLennan pósta cheanna. Fuair a bhean, Priya, bás tobann in 2014, agus triúr iníonacha acu. Is leasmháthair í anois Forbes.[17]

D'fhoghlaim Forbes Gàidhlig nuair a bhí sí ag freastal ar an mbunscoil.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]


  1. ""Current MSPs: Kate Forbes: Personal Information"".
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Edit Magazine (27 Metheamh 2017). ""Political class"". Edit magazine.
  3. "getting know you Kate Forbes". Holyrood. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Iúil 2018.
  4. 4.0 4.1 "Katie Forbes gets SNP-nod-in-bid- to succeed Dave Thompson as MSP". The Inverness Courier. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Lúnasa 2016.
  5. "SNP launches campaign to plug pay gap in rural areas". The National.
  6. "Skye, Lochaber and Badenoch Scottish Parliament constituency Region - Highlands and Island". BBC News.
  7. "SCOTTISH PARLIAMENT – CROSS PARTY GROUP ON GAELIC". The Scottish Parliament. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Márta 2021.
  8. 8.0 8.1 Maitiú Ó Coimín. "Tacaíocht pharlaiminte faighte do stádas UNESCO don Ghàidhlig" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-18.
  9. Alamy Limited. "The Scottish National Party's (SNP) Kate Forbes delivers an entire Holyrood speech in Gaelic, making her the second female MSP, and the first in the current Scottish Parliament chamber, to deliver a whole contribution in the language during a plenary debate, as she calls for it to be given Unesco status Stock Photo - Alamy" (en). www.alamy.com. Dáta rochtana: 2023-03-06.
  10. "SNP MSP delivers entire Holyrood speech in Gaelic". The Scotsman.
  11. "Rising star of Scottish politics to take centre stage on budget day but who is Dingwall based MSP Kate Forbes".
  12. "KATE FORBES BECOMES FIRST WOMAN TO DELIVER SCOTTISH BUDGET AT 29 YEARS OLD" (en).
  13. "Kate Forbes appointed Scotland's first female finance secretary". The Guardian.
  14. "Kate Forbes named Scottish Finance secretary after strong budget performance".
  15. "Christian Scottish politician says constituents are telling her stories of religious bullying".
  16. "Exclusive Pictures: Dingwall MSP Kate Forbes gets married in her hometown". Ross-Shire Journal.
  17. "PressReader.com - Digital Newspaper & Magazine Subscriptions". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2023-03-06.
  18. Maitiú Ó Coimín. "Amhras caite ag MP an oileáin dáiríre é oileán aitheanta Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-18.