Jump to content

Ceallach Chualann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCeallach Chualann
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás715 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Mháil Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKentigerna, Comgán mac Dá Cherda Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Mháil ba ea Ceallach Chualann (Sean-Ghaeilge Cellach Cualann mac Gerthidi) (bás 715). Rí deireanach na Laigean sa mhuintir ba ea é. Is as Cuala thart timpeall Ghleann Dá Loch é leasainm Cheallaigh.

Ní dhearnadh rí Laigean dá athair, ach rinneadh dá chol seisear amhlaidh, Fiannamhail mac Maoil Tuile (bás xxx). Tháinig Ceallach i gcomharbacht air mar rí Uí Mháil nuair a maraíodh Fiannamhail ag fios darbh ainm Fochseachán, is dócha fair ord on the orders of Fhíonsneachta Fleáiche.[1] Rinneadh rí Laigean de Bhran Buta mac Conaill Uí Dhúnlainge, fuair bás sa bhliain 693, agus Ceallach a chomharba.

Réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go díreach tar éis bhás Bhrain Bhuta, tharla cath idir na Laigin agus na hOsraí, ach ní raibh Ceallach ar an bhfód.[2] Duine de ráthóirí Cháin Adhamhnáin ba ea Ceallach, curtha i bhfeidhm sa bhliain 697 ag Sionad Bhiorra.

Sa bhliain 704, chuaigh sé i mbun chatha in éadan a chomharsana Uí Néill ó thuaidh, de Chlann Cholmáin faoi cheannas Bodbchath mhic Diarmada Déin, agus de Shíol Aodha Sláine faoi cheannas Fhógartaigh mhic Néill. Bhuaigh Ceallach ag Cath Claonta, inar maraíodh Bodbchath agus ónar theith Fógartach.[3] Sa bhliain 707, ámh, rinne Ardrí na hÉireann, Congal Ceannmhagir, feachtas sa Laigin agus ghéill Caellach dó.[4]

Sa bhliain 709, le cuidiú comhghuaillithe Briotanaigh — a mheastar de ghnáth go raibh amhais a bhí i gceist, deoraithe as ríochtaí curtha faoi smacht ag Northumbria — throid sé cath ag Serg agus a mharaigh a mhic, Fiachra agus Fiannamhail. Insítear i nAnnála Tiarnaigh gur tharla an cath air éigin i bhfortuatha na Laighean, taobh thoir de Shléibhte Chill Mhantáin.[5] Ní ainmnítear a chéilí comhraic.

Tuairiscítear bás Cheallaigh gan sonraí sna hannála Éireann don bhliain 715.

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ceathrar mná céile ag Ceallach. Mugain ní Fhailbhe Uí Bhairrche ba ea a chéad, agus Concheann (bás 743) a n-iníon acu, agus Fiachra and agus Fianamhail a mic. Bé Fáil ní Sheachnasaigh, Ardrí na hÉireann, ba ea a thríú. CaintigernConaing Cuirre Shíol Aodha Sláine ba ea a cheathrú, agus Naomh Caintigern a n-iníon.

Rinneadh dea-chleamhnais ag a iníonacha. Phós Concheann Murchadh mac Brain Buta (bás 727), a chomharba mar rí na Laigean. (bás 748) was the mother of Ardrí, Cináed mac Írgalaig ba ea Muireann, agus b'fhéidir fosta Cináed, chomharba Fhlaithbheartaigh mhic Loingsigh mar thoradh dara pósta. Is dóigh gur iníon Cheallaigh í Dearbhfhorghaill, bean chéile Fhíonsneachta Fleáiche.

D'eag an chuid de mhic Cheallaigh Lee linn a shaoil. Maraíodh Fiachra agus Fianamail sa bhliain 709. Dá mhic a mhair ina dhiaidh: maraíodh Aodh sa bhliain 719 gar d'Fhionnúir, Contae Chill Dara; d'éag Criomhthann i mbun chatha agus é sa bhliain 726;</ref>AU 726.4<ref> agus Eidirscéal sa bhliain 727 ag troid in aghaidh Fhaoláin mhic Mhurchadha. Maraíodh beirt charnach leis, Cathal agus Ailill, sa bhliain 744.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "The Annals of Ulster, AD 431-1201". Dáta rochtana: 2007-10-24.
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Doherty, Charles (2004). "Cellach Cualann (d. 715)". Oxford Dictionary of National Biography. Dáta rochtana: 2007-10-25.
  • Stokes, Whitley (1895–1897). "The Annals of Tigernach". Revue Celtique. Dáta rochtana: 2008-03-09.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Tiarnaigh, AT 680.3
  2. Annála Uladh, AU 693.4
  3. AU 704.4
  4. AU 707.7
  5. AT 709.2