Carl von Linné
Luibheolaí Sualannach ab ea Carl Linnaeus nó Carl von Linné (23 Bealtaine, 1707 – 10 Eanáir, 1778), a rugadh i Rashult na Sualainne. Chuir von Linné tús leis an tacsanomaíocht, is é sin, an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé le rangú agus le haicmiú na neachanna beo. Tá cáil air freisin mar dhuine de cheannródaithe na héiceolaíochta.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Carl Linnaeus i Råshult, i gcúige Småland i ndeisceart na Sualainne. Bhí a athair agus a sheanathair ina ministrí roimhe, agus ghlac a mhuintir leis go rachadh sé ag staidéar diagachta chomh maith, ach níor theastaigh uaidh bheith ina mhinistir.
Thug dochtúir leighis áitiúil spreagadh dó dul leis an luibheolaíocht, ó ba léir go raibh suim aige sna plandaí. De réir mar a mhol an dochtúir seo, sa bhliain 1728, chuir a athair a mhac go hOllscoil Lund, arbh í an ollscoil ba chóngaraí í. An bhliain dár gcionn, d'aistrigh sé go hOllscoil Uppsala.
Bhí saol crua aige in Uppsala ar dtús agus an t-airgead gann air, ach ansin, fuair sé aithne ar an eolaí cáiliúil Olof Celsius. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar Celsius chomh heolach is a bhí Linnaeus óg ar na plandaí agus chomh dúthrachtach is a bhí sé ag bailiú samplaí. Mar sin, chuir sé lóistín ar fáil dó.
Sa bhliain 1761, d'athraigh sé a ainm go Carl von Linné ( éist) nuair a bronnadh uaisleacht air.
Fear sna seascaidí, bhuail roinnt strócanna é; D’éag Carl Linnaeus ar 10 Eanáir 1778, in aois 70 dó. Tá sé curtha in ardeaglais Uppsala.
An Córas Linnaech
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an príomhrud a chur Linnaeus i gcrích ná gur bhunaigh sé córas ainmniúcháin i gcomhair na n-orgánach beo ar glacadh leis go forleathan i saol na heolaíochta. Chuir obair Linnaeus tús leis an ainmníocht déthéarmach a mbaintear úsáid choitianta aisti le speicis na neachanna beo a shainiú go neamhdhébhríoch. Chomh maith leis sin, d'fhorbair sé an tacsanomaíocht Linnaech - an córas aicmithe eolaíoch atá in úsáid go forleathan sa bhitheolaíocht go fóill.
Sa chóras Linnaech, aicmítear na neachanna beo go hordlathach. Is í an ríocht an leibhéal is airde sa chóras, cosúil le ríocht na n-ainmhithe nó ríocht na bplandaí - de réir na cuma atá ar an gcóras inniu, tá ríocht na n-eobaictéar, ríocht na n-aircéabaictéar, ríocht na bhfungas agus ríocht na bProtista ann. Ansin, roinntear na ríochtaí ina n-aicmí, na haicmí ina n-oird, agus na hoird ina ngéinis. Baill den ghéineas, arís, is iad na speicis, ach d'aithin Linnaeus roinnt tacsóngan ainm faoi bhunrang an speicis.
Seo liosta de na ranganna ar fad atá aitheanta sa lá atá inniu ann (bunaithe ar chóras Linnaeus)[1]
- Ríocht
- Fíleam
- Rang
- Ord
- Fine
- Géineas
- Speiceas
Nuair a fhionnfar neach nua, tabharfar ainm déthearmach Laidine air. Is é is brí le h-"ainm déthéarmach" ná ainm a bhfuil dhá théarma, nó dhá fhocal, ann:
- is é an chéad fhocal an t-ainm géineasach a chuireann in iúl géineas an orgánaigh
- is é an dara focal an t-ainm speiceasach, agus é go sainiúil ag gach speiceas i ngéineas áirithe.
Rangú Homo Sapiens:
- Ríocht: Animalia
- Fíleam: Chordata
- Rang: Mammalia
- Ord: Primates
- Fine: Hominidae
- Géineas: Homo
- Speiceas: sapiens
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad a leabhair Species plantarum (Saghsanna Plandaí, 1753) agus Systema naturce (Córas an Nádúir, 10ú n-eagrán, 1758-9) a chuir tús oifigiúil le córas tacsanomaíoch reatha na n-ainmneacha déthéarmacha Laidineacha ar phlandaí is ainmhithe.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ dar le Matt Hussey, Fréamh an Eolas, Coiscéim (2012), leathanach 410 chuir von Linné síos ar scéimeanna chun plandaí is ainmhithe a rangú
- i ranga (mar shampla, mamaigh i measc na n-ainmhithe),
- ansin in oird (mar shampla, na feoilitigh i measc na mamach),
- ansin i gclanna (mar shampla, na hainmhithe conda i measc na bhfeoiliteoirí),
- ansin in aicmí (mar shampla, na madraí i measc na n-ainmhithe conda),
- ansin i ngnéithe (mar shampla, an madra baile i measc na madraí),
- agus ar deireadh i speicis (mar shampla, an cú i measc na madraí baile).