Paindéim COVID-19 sa Spáinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPaindéim COVID-19 sa Spáinn
Map
 40°N 3°W / 40°N 3°W / 40; -3
Cineálráig ghalair de Covid-19 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCOVID-19 pandemic in Europe (en) Aistrigh agus COVID-19 pandemic by country and territory (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse31 Eanáir 2020 - 
Suíomhan Spáinn, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
CúisCovid-19 Cuir in eagar ar Wikidata
Tabular case data (en) AistrighLiosta Cuir in eagar ar Wikidata
Number of medical tests (en) Aistrigh8,517,446 (20 Lúnasa 2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Number of cases (en) Aistrigh13,770,429 (9 Márta 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Number of recoveries (en) Aistrigh149,576 (16 Bealtaine 2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Organized response related to outbreak (en) Aistrigh2020 Spain COVID-19 curfew (en) Aistrigh, 2020 Spain COVID-19 closing of educational institutions (en) Aistrigh, 2020 Spain COVID-19 closing of non-essential businesses (en) Aistrigh agus border closure (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna119,479 (9 Márta 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Haischlib#coronavirusEspana agus #EsteVirusLoParamosUnidos Cuir in eagar ar Wikidata


Cásanna dearbhaithe in aghaidh gach 100,000 daoine den daonra i ngach comhphobail fhéinrialaitheacha, ón 24 Meitheamh 2021.

██ >2000

██ >3000

██ >4000

██ >5000

██ >6000

██ >7000

██ >8000

██ >9000

Thosaigh an paindéim COVID-19 sa Spáinn ar an 31 Eanáir 2020.[1] Faoi 20 Iúil 2021, bhí 4,189,136 cás agus 81,148 bás dearbhaithe.[2]

Amlíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Márta go dtí Aibreán 2020: an chéad staid éigeandála[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Gran Vía i Maidrid i mí an Mhárta 2020.

Fógraíodh staid éigeandála sa tír agus chuir rialtas na Spáinne ordú dianghlasála i bhfeidhm ar an 14 Márta 2020 ar feadh 15 lá.[3] Ar an 28 Márta, ordaíodh d'oibrithe neamhriachtanach fanacht sa bhaile ar feadh coicíse, ó 30 Márta go dtí 9 Aibreán.[4] Ar an 4 Aibreán, d'iarr an príomh-aire na Spáinne Pedro Sánchez ar Chomhdháil Teachtaí na Spáinne an staid éigeandála a leathnú ar feadh coicíse go dtí 26 Aibreán,[5] agus leathnaíodh é ar an 9 Aibreán.[6] Ar an 13 Aibreán, d'fhill oibrithe tógála agus oibrithe in earnáil na tionsclaíochta ar a n-obair, agus tugadh clúdaithe aghaidhe do dhaoine ag baint úsáid as iompar poiblí.[7] Ar an 21 Aibreán, d'fhógair an rialtas go mbeidh cead ag páistí níos óige ná 14 bliana dul ag siúl lena dtuismitheoirí ón 26 Aibreán.[8] Dhá lá ina dhiaidh sin, leathnaíodh an dianghlasáil go dtí 9 Bealtaine.[9]

Bealtaine go dtí Meitheamh 2020: deireadh leis na srianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Aibreán, fógraíodh plean srianta a mhaolú.[10] Bhí ceithre chéim ag an bplean, uimhrithe 0 go 3. Bhraith dul chun cinn ar an ráta ionfhabhtaithe agus an cumas an chórais chúram sláinte. Ón 2 Bealtaine, tugadh cead do saoránaigh aclaíocht a dhéanamh.[11] Ina theannta sin, thosaigh céim 0 ar 4 Bealtaine. Caithfear daoine ag baint úsáid as iompar poiblí clúdaithe aghaidhe a chaitheamh ón dáta sin. Cuireadh céim 1 i bhfeidhm sna hOileáin Chanáracha agus i Formentera níos luaithe ná aon chuid eile den tír.[12]

Ar an 8 Bealtaine, d'fhógair an rialtas go mbogfaidh leath na tíre go céim 1 i gceann trí lá. Athosclaíodh áit suí faoin aer ag bialanna, agus ceadaíodh cruinnithe de 10 duine le scaradh sóisialta. D’fhan Maidrid ag céim 0.[13]

Ar an 16 Bealtaine, bheartaigh an rialtas an staid éigeandála a leathnú ar feadh míosa.[14] Ar an 18 Bealtaine, thosaigh céim 2 sna hOileáin Chanáracha agus Formentera. Ceadaíodh cruinnithe de 15 duine agus athosclaíodh ionaid siopadóireachta. D'fhan Maidrid, Barcelona agus Castilla y León ag céim 0 fós. Bhí céim 1 i bhfeidhm sa chuid eile den tír.[15]

Ar an 8 Meitheamh, thosaigh céim 3 i 52% den tír. Chuimsigh céim 3 srianta nach bhfuil chomh dian ar ghnó, ar nós bialanna nó leabharlanna. Bhí céim 2 i bhfeidhm sa chuid eile den tír.[16] Ón 15 Meitheamh, bhí céim 3 i bhfeidhm i 70% den tír.[17]

Chríochnaigh an staid éigeandála ar an 21 Meitheamh, agus thosaigh an "normáltacht nua" céim. Bhí na srianta bearthaite ag an údarás i ngach comhphobail fhéinrialaitheacha.[18]

Iúil go dtí Meán Fómhair 2020: athbheochan den víreas[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Iúil, thosaigh líon cásanna COVID-19 ag méadú timpeall na tíre i Barcelona, Zaragoza agus Maidrid,[19] agus cuireadh srianta réigiúnach i bhfeidhm. Dúirt rialtas na Catalóine leis na saoránaigh fanacht sa bhaile agus bhí cosc ar cruinnithe de níos mó ná 10 duine.[20] Tugadh ordú do gach duine san Chatalóin clúdaithe aghaidhe a chaitheamh go poiblí.[21] Dúnadh clubanna oíche agus cuireadh cosc ar chaitheamh tobac i La Rioja agus sa Réigiún Murcia.[22] I mí Lúnasa, bhí an ráta ionfhabhtaithe is airde san Iarthar na hEorpa ag an Spáinn.[23]

Deireadh Fómhair 2020 go dtí an lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús mhí Dheireadh Fómhair, cuireadh Maidrid faoi dhianghlasáil arís tar éis ardú suntasach ar líon na gcásanna den COVID-19.[24] Ar an 25 Deireadh Fómhair, chuaigh An Spáinn i staid éigeandála ar ais.[25] Thosaigh an clár vacsaíne sa Spáinn ar an 27 Nollaig.[26]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Sanidad confirma en La Gomera el primer caso de coronavirus en España". El País (31 Eanáir 2020).
  2. "La pandemia del coronavirus, en datos, mapas y gráficos". RTVE. Dáta rochtana: 26 Feabhra 2021.
  3. "State of emergency as Spain to enter partial lockdown". RTÉ (14 Márta 2020).
  4. Simon Hunter (29 Márta 2020). "Spanish government tightens lockdown to include all non-essential workers". El País.
  5. Carlos E. Cué (4 Aibreán 2020). "Pedro Sánchez alarga dos semanas más el estado de alarma y avanza que habrá más prórrogas". El País.
  6. Anabel Díez, Javier Casqueiro (9 Aibreán 2020). "Sánchez logra el apoyo del Congreso y convoca a un acuerdo nacional del que recela la oposición". El País.
  7. Melissa Kitson (13 Aibreán 2020). "‘I don’t know why the heck we have to go back if there’s no way of staying apart’". El País.
  8. "Spanish government does U-turn, will allow children aged 14 and under out for walks". El País (25 Aibreán 2020).
  9. "Spain extends lockdown till May 9, but will let children out on short walks". France 24 (23 Aibreán 2020).
  10. "Spain details four-phase plan to ease lockdown". RTÉ (29 Aibreán 2020).
  11. "Spain begins to ease its strict lockdown from today, as parts of Europe slowly open up". TheJournal.ie (2 Bealtaine 2020).
  12. "Shopping, driving, training: New deescalation measures go into effect in Spain on May 4". El País (4 Bealtaine 2020).
  13. "Spanish government announces areas that will move to the next phase of coronavirus deescalation". El País (8 Bealtaine 2020).
  14. "Spanish government to seek one-month extension of state of emergency". TheJournal.ie (16 Bealtaine 2020).
  15. Simon Hunter (17 Bealtaine 2020). "Coronavirus deescalation plan: Everything you need to know about the changes in Spain on Monday". El País.
  16. Melissa Kitson (5 Meitheamh 2020). "More than half of Spain moving to Phase 3 of coronavirus deescalation plan on Monday". El País.
  17. Simon Hunter (15 Meitheamh 2020). "With 70% of Spain in Phase 3 of the coronavirus deescalation plan, the regions resist allowing free movement". El País.
  18. "Guía de la 'nueva normalidad', comunidad por comunidad". elDiario.es (21 Meitheamh 2020).
  19. "Coronavirus: Spain drives fears of European 'second wave'". BBC News (25 Iúil 2020).
  20. "Barcelona tells people to stay at home and 100,000 mink to be culled in Aragon". TheJournal.ie (17 Iúil 2020).
  21. Joan Faus (8 Iúil 2020). "Spain's Catalonia makes masks compulsory in public at all times". Reuters.
  22. "New virus restrictions come in force in two Spanish regions". RTÉ (16 Lunasa 2020).
  23. "Spain at 'critical' moment as numbers of Covid-19 cases rise". RTÉ (11 Lunasa 2020).
  24. "Partial lockdown introduced for Madrid as cases rise in the Spanish city". TheJournal.ie (3 Deireadh Fómhair 2020).
  25. "Spain prepares to enter state of emergency amid coronavirus rise". TheJournal.ie (25 Deireadh Fómhair 2020).
  26. "Europe rolls out Covid-19 vaccine". The Irish Times (27 Nollaig 2020).