Jump to content

TheJournal.ie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánTheJournal.ie
Cineálnuachtán
Cárta innéacs

Suíomhthejournal.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: thejournal_ie Bluesky: thejournal.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Nuachtán ar líne is ea TheJournal.ie. Bhunaigh Distill Media é sa bhliain 2010 agus é ag foilsiú meascán d'ábhar nua agus ábhar ó fhoinsí eile. Faoi láthair, ní fhoilsítear ach a scríobhann a fhoireann féin, ag cur béime ar shaothar ceannródaíoch. Fostaíonn TheJournal.ie 20 duine agus foilsíonn siad 70 tuairisc dá mbunús féin gach lá.[1]

Tá an suíomh idirlín roinnte ina cheithre chuid, mar atá: TheJournal.ie féin i gcomhair nuacht agus tuairimí Éireannacha agus idirnáisiúnta; FORA le haghaidh cúrsaí gnó; The42 le haghaidh nuacht spóirt; agus The Daily Edge le haghaidh siamsaíocht agus cadrála. Ag tosnú ar an 29 Márta 2019, áfach, éiríodh as ábhar nua don The Daily Edge a chur i láthair.[2]

Sa bhliain 2025 ceapadh an bheirt iriseoirí Concubhar Ó Liatháin as Cúil Aodha agus Conor Brummell as Uíbh Fháilí mar "fhoireann Ghaeltachta" TheJournal.ie, le hailt a scríobh i nGaeilge dírithe ar phobail Ghaeltachta ar fud na hÉireann. Dúirt an t-eagarthóir Sinéad O’Carroll ina thaobh seo: "Is mian le muintir na hÉireann an Ghaeilge a fheiceáil ag déanamh go maith, rud a chiallaíonn gur cheart dúinn a bheith ar an eolas faoi na rudaí atá ag tarlú sna ceantair is mó atá ag obair chun é sin a dhéanamh."[3]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "AOP Member Profiles". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-12-20. Dáta rochtana: 2020-04-18.
  2. "Bye from DailyEdge.ie, and thanks for all the memories".
  3. "Dia dhaoibh: Seo agaibh foireann nua Ghaeltachta The Journal". TheJournal.ie (2025-08-28). Dáta rochtana: 2025-12-13.