Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2024
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) 2024 United Nations Climate Change Conference (az) Birləşmiş Millətlər Təşkilatının İqlim Dəyişikliyi Konfransı (2024) | ||
---|---|---|---|
Cineál | United Nations Climate Change conference (en) | ||
Tréimhse | 11 - 22 Samhain 2024 | ||
Uimhir eagrán | 29 | ||
← 2023
| |||
Suíomh | Bakı, An Asarbaiseáin | ||
Tír | an Asarbaiseáin | ||
Eagraí | an Asarbaiseáin | ||
Rannpháirtí | |||
Suíomh gréasáin | cop29.az | ||
Reáchtáladh idir 11 Samhain - 22 Samhain 2024 san Asarbaiseáin, COP29 (Comhdháil na bPáirtithe 29) nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2024.[1][2][3]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé aontaithe ag ceannairí domhanda ag COP21 i bPáras, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid. Ach sáraíodh an teorainn sin sa bhliain 2024.
Tharla Tuilte sa Spáinn cúpla lá roimh COP29. Chonaic pobal na hÉireann an damáiste uafásach a rinneadh i Valencia d'fhoirgneamh, d'infrastruchtúr, do thithe daoine agus an t-uafás ina dhiaidh. Bhí sé sé soiléir an tionchar diúltach ag athrú aeráide ar phobail timpeall an domhain ag an am.[4]
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a bhí páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP29, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Phléigh siad topaicí a bhaineann leis an timpeallacht, maoiniú go háirithe.
Bhí beagnach 65,000 duine i láthair ag COP29[5] (100,000 ag COP28 i Dubai), agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair.
Margadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leis an gcomhaontú a saothraíodh in Baku, réitítear an bealach le haghaidh córais airgeadais dhomhanda a athchóiriú ionas gur féidir airgead a dhíriú ar na háiteanna a bhfuil an gá is mó acu leis.[6]
Ba bheag nár thit an chomhdháil as a céile uilig nuair a shiúil na hoileántíortha agus na tíortha is boichte amach as na comhráite mar agóid ar an 23 Samhain. Ach cúpla uair níos déanaí, tháinig na toscairí a bhí ann fós sa ar chomhaontú. 300 billiún dollar sa bhliain (in ionad an 500 billiún a raibh súil leis, gan trácht ar an 1,000 billiún dollar a cheaptar a bhfuil gá leis dáiríre): sin é an cúnamh aeráide atá tíortha saibhre an domhain sásta a thabhairt do na tíortha bochta – ón mbliain 2035 ar aghaidh. (Is iad na tíortha saibhre is cúis leis an athrú aeráide den chuid is mó agus ar an mórgóir is iad na tíortha bochta is mó a bhíonn thíos leis).[7]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus Olltoghchán 2024 faoi lánseol, chinn an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Mícheál Martin gan freastal ar COP29.
Céim chun tosaigh é an comhaontú i dtreo cothroime airgeadais a chinntiú do na tíortha a bhfuil an gá is mó acu léi, a dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Dúirt an tAire gur cheart féachaint ar na $US300 billiún ar a laghad atá geallta mar bhunús le haghaidh tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh maoiniúcháin de, agus conair shoiléir romhainn anois i dtreo $US1.3 trilliún in aghaidh na bliana a bhaint amach faoin mbliain 2035. Fágann sé sin go bhfuil an domhan i bhfad níos gaire anois don ollstruchtúr airgeadais domhanda a athchóiriú ionas gur féidir le tíortha i mbéal forbartha teacht ar mhaoiniú inacmhainne le haghaidh infheistíocht riachtanach i réimsí amhail an t-oiriúnú.[6]
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Agus gan tús curtha le COP28, bhí COP29 ag cothú aighnis cheana féin. Bhain an t-aighneas ar dtús le cá mbeidh comhdháil na bliana seo chugainn ar siúl. Bhí COP29 le bheith ar siúl in oirthear na hEorpa ach chuir an Rúis bac ar aon tír atá ina ball den AE an chomhdháil a reáchtáil.[8]
- Mhaígh uachtarán na tíre óstaí, an tUachtarán Ilham Aliyev, leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne sé cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Bhí pleananna ag an tír, a dúirt Aliyev, táirgeadh gáis a mhéadú sa tréimhse 2025-2035 agus éileamh láidir san Eoraip i gcónaí. Go gearr ina dhiaidh sin, dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, nach raibh bun ná barr leis an ghreim daingean ar úsáid a bhaint as bhreoslaí iontaise.[9]
- Ar an 13 Samhain, tharraing an Airgintín a n-ionadaithe amach as comhdháil aeráide.[10]
- Bhain an Asarbaiseáin úsáid as COP29 chun Socar, cuideachta breosla iontaise san Asarbaiseáin, a chur chun cinn.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aimsir na bliana 2024
- Cóir aeráide
- COP21 (Comhaontú Aeráide Pháras 2015), COP26, COP27, COP28, COP30
- Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
- ↑ "COP29 Azerbaijan - United Nations Climate Change Conference". cop29.az. Dáta rochtana: 2024-11-20.
- ↑ RnaG (11 Samhain 2024). "Tús Áite: COP29" (as ga-IE).
- ↑ RTÉ / agallamh le Deirdre de Búrca, Comhairleoir Neamhspleách Timpeallachta Deirdre de Búrca (2024-11-10). "Bhfuil Éireann réidh d'eachtraí adhaimsire aeráide?" (as ga-IE).
- ↑ Eco-Business (2024-11-15). "Analysis: Which countries have sent the most delegates to COP29?" (en). Eco-Business. Dáta rochtana: 2024-11-20.
- ↑ 6.0 6.1 "Deir an tAire Ryan gur pointe tosaigh dóchasach maidir le cothroime airgeadais é comhaontú COP 29" (ga). www.gov.ie (2024-11-24). Dáta rochtana: 2024-11-27.
- ↑ Alex Hijmans (27 Samhain 2024). "Caithfear a bheith dóchasach go ndéanfar an dul chun cinn in Belém nach ndearnadh in Baku" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-27.
- ↑ "Súil ‘go ndúiseofar ónár néal sinn’ ag COP28 in Dubai" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-30). Dáta rochtana: 2024-11-21.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (16 Samhain 2024). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-11-21.
- ↑ RnaG / Tús Áite: An Airgintín (2024-11-14). "Phléamar an scéal seo leis an Iriseoir Michael McCaughan." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-21.
- ↑ Seathrún Sardina (2024-11-15). "Thréig COP29 Muid. Réabhlóid nó Bás atá i nDán Anois Dúinn – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-11-23.