Tuilte sa Spáinn, 2024
Cineál | cold drop (en) tubaiste nádúrtha |
---|---|
Dáta na bliana | 29 Deireadh Fómhair 2024 |
Suíomh | Comhphobal Valencia, An Spáinn An Andalúis, An Spáinn Castilla-La Mancha, An Spáinn Murcia, An Spáinn |
Tír | an Spáinn |
Líon básanna | 95 (30 Deireadh Fómhair 2024) |
Líon gortaithe | luach anaithnid |
Líon ar iarraidh | 43 (30 Deireadh Fómhair 2024) |
Haischlib | #temporaldelevante |
Bhí os cionn 100 duine maraithe de bharr maidhmeanna tuile a tharla in oirthear na Spáinne ar an 29 Deireadh Fómhair 2024. Bhí leibhéal na fearthainne chomh hard le 200 milliméadar in áiteanna. Chomh maith leis na daoine a maraíodh, tá an-díobháil déanta ag na tuilte do bhonneagar an réigiúin agus tá slad déanta ar bharra.[1]
Sáinníodh go leor daoine san áit a raibh siad nuair a réab na tuilte isteach orthu. B'éigean do dhaoine greim daingean a choinneáil ar chrainn agus gach saghas cuaille ionas nach scuabfaí chun siúil iad.
Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fronta fuar aimsire a leath ar fud an réigiúin ba chionsiocair leis na tulcaí báistí a thit ann de ruathar agus go caiseach. Ach dúirt saineolaithe gur de dheasca athrú aeráide a bhíonn aimsir mhínádúrtha ann níos minice ar na saolta seo.[1]
Tá uisce na Meánmhara ag éirí níos teo an t-am ar fad, tá níos mó uisce á ghalú dá bharr agus tá tuairteanna báistí sa réigiún níos troime ná mar a bhí riamh mar thoradh air sin, dar leis na meitéareolaithe.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-10-30). "Os cionn 70 duine maraithe de bharr tuilte in oirthear na Spáinne" (as ga-IE).
Is síol faoin Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |