Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2025
| ||||
| Cineál | United Nations Climate Change Conference (en) | |||
|---|---|---|---|---|
| Tréimhse | 10 - 21 Samhain 2025 | |||
| Dáta na bliana | 2025 | |||
| Uimhir eagrán | 30 | |||
| Suíomh | Belém, An Bhrasaíl | |||
| Tír | an Bhrasaíl | |||
| Is cúis le | Belém Political Package (en) | |||
| Number of viewers/listeners (en) | 16,900,370 (25 Samhain 2025) | |||
| Suíomh gréasáin | cop30.br… | |||
Reáchtáladh idir 10 Samhain - 21 Samhain 2025 i mBelém na Brasaíle, mórchomhdháil dhomhanda aeráide na bliana 2025, COP30 (Comhdháil na bPáirtithe 29) nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2025.[1][2]
Bhí sé geallta faoin gcomhaontú COP30 go gcuirfí tuilleadh maoiniú ar fáil do thíortha bochta le dul i ngleic le hathrú aeráide, ach ní raibh tagairt ar bith ann sa Doiciméad Clabhsúir faoi bhreoslaí iontaise ar nós gual, gás nádúrtha ná ola.[3][4]

Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé aontaithe ag ceannairí domhanda ag COP21 i bPáras, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid. Ach sáraíodh an teorainn sin sa bhliain 2024.[5]
Tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a bhí páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP30, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Ní raibh Trump nó ionadaithe na Stát Aontaithe i láthair ag COP30. Dúirt an tUachtarán Donald Trump gur “dallamullóg” atá san athrú aeráide.
Roghnaíodh Belém in oirthuaisceart na Brasaíle sa bhliain 2023. Táirgeann an Bhrasaíl ola ach is cuid den ‘Domhan Theas’ í, a thuigeann deacrachtaí na dtíortha bochta sa chath i gcoinne thionchar athrú na haeráide. Buaileadh an Bhrasaíl í féin go dona sa bhliain 2024 ag imeachtaí éagsúla adhaimsire arbh é an t-athrú aeráide ba chúis leo agus gan dabht tá an chuid is mó d’fhoraois na hAmasóine, scamhóga an domhain, laistigh de theorainneacha na tíre – breis is a dóthain cúiseanna ag an mBrasaíl chun iarracht a dhéanamh go leor a bhaint amach.[6]


Aimsir i mBelém
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an aimsir go hainnis i mBelém le linn COP30.[7] Chaith sé fuarlach báistí agus bhí tuilte ann dá bharr. Bhí bogthaise mheirbh na foraoise ag cur isteach go mór ar gach éinne.
Cuireadh pubaill in airde timpeall na cathrach ach bhí an córas aerchóirithe easpach agus bhí an bhogthaise sna dosheasta sna pubaill go minic; chlis an córas aerchóirithe go minic chomh maith. Ar an 20 Samhain, chuaigh an lárionad na meán ar thine[8] agus aistríodh cúpla míle amach as an "Blue Zone". Gan iontas bhí na cuairteoirí cineál cantalach agus bhí cúrsaí an-chorraithe.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhreastail 56,118 toscaire ar COP30, an dara ceann is mó riamh, tar éis COP28 in 2023 in Dubai le 80,000 toscaire. Tháinig an toscaireacht is mó ón mBrasaíl (le 3,805 toscaire), ón tSín (789 toscaire), agus ón Nígéir (749 toscaire). Dhiúltaigh na Stáit Aontaithe aon toscairí a sheoladh chun na comhdhála ach sheol na Stáit (mar sh. California) toscairí ann. D'fhreastail Gobharnóir Stát California, Gavin Newsom, air fiú.[9]
Go luath nuair a d’oscail an chomhdháil chun tabhairt faoina gnó, rinne daoine bundúchasacha agóid, iad gléasta ina n-éide dhúchasach, ag éileamh “níl na coillte ar díol” agus ag lorg cosaint dá n-áiteanna dúchais. Bhí scliúchas ann leis na gardaí slándála agus rinneadh iarracht an líne shlándála a shárú agus dult isteach i halla na comhdhála. Cé nár éirigh leo teacht isteach d’éirigh leo poiblíocht a bhaint amach agus craoladh an scéal ar fud an domhain.[9]
Ag barr an chláir phlé, bhí cosaint na bhforaoiseacha báistí trópaiceacha, aistriú i gcúrsaí fuinnimh, agus breis airgid don chath i gcoinne athrú na haeráide.[5]
Toradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aontaíodh go gcuirfear ar fáil a thrí oiread airgid as seo go 2035 chun dul i ngleic le hathrú na haeráide.
Ach níor aontaíodh tada faoi éirí as breoslaí iontaise ná faoi dheireadh iomlán a chur leis an dífhoraoisiú.[3][10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Conradh idirnáisiúnta i gcoinne truailliú plaisteach ; theip ar na hiarrachtaí teacht ar chomhaontú.
- Aimsir na bliana 2025
- Cóir aeráide
- COP21 (Comhaontú Aeráide Pháras 2015), COP26, COP27, COP28, COP29, COP31
- Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
- ↑ "COP29 Azerbaijan - United Nations Climate Change Conference". cop29.az. Dáta rochtana: 2024-11-20.
- 1 2 An Dr. Gearóid Ó Cuinn, stiúrthóir ar an eagraíocht GLAN. (2025-11-24). "Adhmhaidin / RnaG" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-11-26.
- ↑ Share:. "COP30: landmark outcomes emerge from negotiations despite unprecedented geopolitical tensions" (en). cop30.br. Dáta rochtana: 2025-11-26.
- 1 2 Alex Hijmans (12 Samhain 2025). "‘Is gá lucht séanta athrú na haeráide a chloí’ – Lula" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-23.
- ↑ Alex Hijmans (27 Samhain 2024). "Caithfear a bheith dóchasach go ndéanfar an dul chun cinn in Belém nach ndearnadh in Baku" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-27.
- ↑ By Bob Berwyn (2025-11-18). "Extreme Heat, Leaks and Security Issues Roil COP30" (en-US). Inside Climate News. Dáta rochtana: 2025-11-23.
- ↑ "Reporter’s Notebook: Fire, Floods and Chaos at COP30 - Caixin Global" (en). www.caixinglobal.com. Dáta rochtana: 2025-11-23.
- 1 2 Cathal Ó Murchú (2025-11-14). "COP30 faoi lánseol in Belém na Brasaíle" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-11-23.
- ↑ Alex Hijmans (26 Samhain 2025). "Díomá aeráide agus teannas polaitiúil sa Bhrasaíl" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-26.
