Carna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cárna)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCarna

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°20′N 9°50′W / 53.33°N 9.83°W / 53.33; -9.83
Tíreolaíocht
Airde4 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413462
Radharc ó Chnoc an Choillín
Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna

Is sráidbhaile é Carna[1] atá suite in Iorras Aithneach i nGaeltacht Chonamara, Contae na Gaillimhe, timpeall ar 50 ciliméadar siar ó Chathair na Gaillimhe. Tá traidisiún láidir amhránaíochta, ceoil, damhsa Gaelach agus bádóireachta fite fuaite i gcultúr ársa an cheantair.

Tá eaglais Luath-Chríostaí le feiceáil ar Oileán Mhic Dara. Bíonn oilithreacht agus rás bád ar siúl ann gach bliain. Tá gallán le feiceáil ag Loch na Scainimhe.

Tá roinnt oileáin an-ghar don chósta sa cheantar seo. Ina measc tá Fínis, Maínis, Bior Beag agus Bior Mór.

Daoine cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Carna don bheirt fhonnadóirí cáiliúla Seosamh Ó hÉanaí (nó Joe Éinniú mar a thugtaí air freisin) agus Sorcha Ní Ghuairim (a bhí ina bean léinn freisin). Bhí cónaí ar an seanchaí Éamon a Búrc i gCarna freisin. Is i gCarna freisin, a bhailigh Seán Mac Giollarnáth, an bailitheoir béaloidis, an-chuid scéalta agus amhráin. Is ann a bhí cónaí ar Dhara Bán Mac Donnchadha, an t-amhránaí sean-nóis, chomh maith.

Ollscoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá ionad ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gCarna:

  • Is ionad oideachais 3ú leibhéal é Áras Shorcha Ní Ghuairim. Bíonn réimse leathan de chláir ollscoile agus de ghníomhaíochtaí forbartha pobail idir lámha ag an ionad atá dírithe ar láidriú an phobail Ghaeltachta. Ritear an t-ionad faoi stiúir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
  • Tá ionad bitheolaíochta na mara lonnaithe i Maínis (oileán in aice le Carna a bhfuil ceangal aige leis an mórthír).
Comhartha bóthair ar an mbealach isteach sa mbaile

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Lúnasa 2017, bhí suíomh idirlín[2] faoi stair Loch Conaortha in Iorras Aithneach i gConamara curtha i dtoll a chéile ag coiste áitiúil[3].  Bhí imní ar lucht an choiste faoin laghdú mór atá tagtha ar an daonra i Loch Conaortha le blianta agus iad ag iarraidh go gcoinneofaí cuimhne ar na daoine agus ar na nósanna a bhí ann san aimsir a caitheadh.

I measc an ábhair atá le feiceáil ar an suíomh, tá léarscáil de na garraithe, na fothraigh, na cnoic agus na háiteanna a mbíodh stileanna poitín. Tá cur síos ann ar shlí mhaireachtála na ndaoine srl.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]