Áras Shorcha Ní Ghuairim
Cuma
| Áras Shorcha Ní Ghuairim | ||||
|---|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | Sorcha Ní Ghuairim | |||
| Sonraí | ||||
| Cineál | Foirgneamh | |||
| Cuid de | Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Roisín na Mainiach, Éire | |||
| Suíomh | Roisín na Mainiach | |||
| ||||
Is ionad Gaeltachta de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Áras Shorcha Ní Ghuairim. Tá sé suite i Roisín na Mainiach, dhá mhíle taobh thoir de shráidbhaile Charna, i gContae na Gaillimhe, Éire.
Bunaíodh an tÁras sa mbliain 1998 agus ainmníodh in ómós d'amhránaí cáiliúil ón gceantar, Sorcha Ní Ghuairim (1911-1976)[1]. Tá stórchiste de chartlanna á ndigitiú san Áras, ar mhaithe le hacmhainní taighde agus foghlama comhaimseartha a chur ar fáil. Ritear cúrsaí tríú leibhéal Gaeilge, béaloidis agus ríomhaireachta ann.

Tá áras eile de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh i Roisín na Mainiach: Áras na hOllscoile. Mar chuid d'Áras Shorcha Ní Ghuairim atá sé seo á riaradh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Curtha i gcartlann 2017-10-28 ar an Wayback Machine Sroiste 15 Deireadh Fómhair 2017.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leathanach Áras Shorcha Ní Ghuairim Curtha i gcartlann 2017-10-28 ar an Wayback Machine, ar láithreán Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
