Oileán Mhic Dara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileán Mhic Dara
Íomhá
CineálEaglais Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae na Gaillimhe, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°18′16″N 9°55′03″W / 53.304445°N 9.917369°W / 53.304445; -9.917369
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir242

Oileán Mhic Dara suite trí chiliméadar amach ó Cheann Mhása[1], thart ar cúig chiliméadar siar ó shráidbhaile Charna, Contae na Gaillimhe - amuigh san Aigéan Atlantach.[2]

Tugtar Cruach na Cara mar ainm eile ar an oileán freisin. Cruach mar gheall ar an gcruth atá air - agus cara (cora) - tá cosán déanta de charraigeacha ag gabháil trasna go hOileán Muirleach.

Dé réir na seandálaithe, tá Teampall Mhic Dara, an t-aireagal atá suite in oirthear an oileáin in onóir do Mhac Dara, ar cheann de na foirgnimh oidhreachta is sine agus is tábhachtaí atá in Éirinn. Ceann de na sonraí is suimiúla atá ag baint leis is ea go bhfuil an díon déanta de chlocha agus go bhfuil sé sách géar. Síltear, mar gheall air seo, gur tógadh an teampall sa 6ú haois.

Is léir gur naomh den 6ú haois é Mac Dara agus ó thaobh na staire de níl mórán eolais le fáil faoi ach is cinnte go raibh sé ina phátrún ag pobal Mhaírois agus ag na hiascairí áitiúla i gConamara Theas.


Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhéaloideas, tá dhá scéal spéisiúla a bhaineann le Mac Dara. Sa bhliain 1684 sa leabhar "West or H. iar Connaught" le Ó Flaitheartaigh, tá trácht ar bháid ag taisteal idir Oileán Máisean agus Oileán Mhic Dara. Scríobhadh go ligeadh na báid síos a gcuid seolta trí huaire i dtreo an oileáin ar fhaitíos go leanfadh aon mhí-ádh iad. Leantar leis an traidisiún seo i gcónaí agus tá sé láidir go fóill i measc an phobail sa lá atá inniu ann.

Tá sliocht eile in Hardimans History of Galway a dhearbhaíonn gur sloinne é Mac Dara (rud a bhí neamhchoitianta i liosta na Naomh) agus gur thuig na bádóirí go raibh "sionnach" mar ainm ar an naomh agus nár ghlac siad leis seo mar gheall ar phiseog a deir má fheictear sionnach, giorria, nó coinín nó fiú amháin má chloistear a leithéid d'ainm agus tú ag dul amach ag iascaireacht - nach bhfuil maith ar bith duit dul amach. Ach cuireadh ceist faoin stair seo agus athraítear litriú (agus míniú) an ainm go "síothnach" agus i 1971 rinneadh Mac Dara a athchoisricean mar naomh agus phátrún na mbádóirí.

Traidisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1975 rinne Oifig na nOibreacha Poiblí deisiúchán mór ar an teampall agus thug an Rialtas aitheantas dó mar leacht náisiúnta. Ina dhiaidh sin sna hochtóidí d'úsáid An Post pictiúr den teampall ar stampa cuimhneacháin.

Leis na cianta bíonn ceiliúradh ann lá an phátrúin - 16 Iúil - le hoilithreacht go dtí an t-oileán. Bíonn an tAifreann á léamh ann agus bíonn geallta bád agus rásaí lúthchleasa ann um thráthnóna.[3]

Téann na céadta amach ar na báid iascaireachta ó Cheann Mhása agus is iontach an radharc ar lá breá bheith ag freastal ar an Aifreann in oirthear an oileáin agus ag breathnú amach ar an armáid de bháid agus an ciúnas thart i ngach uile áit.[4]

Camchuairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is thíos faoin séipéal ag Aill na hIomlachta a chuireas na báid daoine nó ainmhithe i dtír ar an oileán. Ciallaíonn iomlacht iompar thar uisce. Tá tobar beannaithe atá tirim ó thuaidh den séipéal agus Ballaí an Díthreabhaigh - fothrach botháin cloiche - in aice leis.

Ó thuaidh, tá an cósta níos airde, an Aill Bhuí a thugtar air. Tá scoilt dhomhain san aill - an Fhuaigh Bheag a thugtar air seo (fuaigh = scoilt). An Sceird Bheag a thugtar ar an bpointe is faide ó thuaidh ar an oileán; an Poll Gorm a thugtar ar an gcuan beag ar an gcósta thuaidh, ansin an Fhuaigh Mhór agus ansin Poll an Gheamaire. An Geamaire a thugtar ar an gcladach anseo.

Ar chósta thiar theas an oileáin tá bloc mór cloiche a dtugtar Mullán na bhFathach air. Tá creathnach bhreá le fáil ar an gcósta taobh thiar den mhullán.

An Leag Dheirg a thugtar ar an gcuid seo den chósta agus fuair sé a ainm ó dhath dearg na creathnaí nuair a nochtas sí aníos tríd an taoide trá. Deirtear má bhaineann tú creathnach anseo lá breá go mbrisfidh an aimsir.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ceann Mhása/Mace Head" (enga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-07-16.
  2. Google maps. "léarscáil". Dáta rochtana: 2020.
  3. Máire Ní Fhinneadha. "Ó Dhúchas: Lá Mhic Dara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-16.
  4. Seosamh Ó Cuaig. "Mac Dara, naomhphátrún pharóiste Mhaírois á cheiliúradh inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-16.