Fínis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Fínis
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Galway Magnified.png
Daonra (2002) 0
Airde: 4 m
Contae: Contae na Gaillimhe
Cúige: Connachta

Is oileán é Fínis atá suite ceathrú míle amach ó chósta Roisín na Mainiach, agus ar féidir siúl amach an trá chuige nuair a bhíonn an taoide amuigh nó dul isteach ann i gcurach. Iomaire íseal talún atá ann agus é ag síneadh siar ó dheas, é míle agus ceathrú ar fad agus ceathrú míle ar leithead. Is ón bhfocal "fiodh", a chiallaíonn coill, agus "inis", a chiallaíonn oileán, a tháinig an t-ainm Fínis.

Sna 1890idí, roinn Bord na gCeantar Cung an t-oileán ina gharranta fada caola agus tógadh claíocha fada trasna an oileáin. Faoi láthair tá na garranta nochta síos go cloch beagnach, agus tá an gaineamh carntha suas in aghaidh na gclaíocha. Níl le feiceáil ach barr na gclaíocha ag gobadh aníos as dumhcha fada gainimh agus gleannta caola clochacha eatarthu.