Is oileán é Maínis[1] (nó Muighinis go traidisiúnta) amach ó chósta Chonamara i gcroílár na Gaeltachta. Tá an t-oileán gar do Charna agus ceanglaíonn droichead an t-oileán leis an mórthír.
Tá Maínis suntasach mar gheall ar áilleacht na háite agus láidreacht chultúr na nGael.
Bhí thart ar 150 duine ag maireachtáil ar an oileán in 2016 (Daonáireamh 2016) agus labhraítear an Ghaeilge ann. Dúirt 94% de dhaonra Mhaínse go raibh Gaeilge acu agus dúirt 79% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge gach uile lá.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.