Jump to content

Buailteachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fothrach buaile i gCo. Phort Láirge

Is cineál tréadaíochta é an buailteachas ina n-aistrítear beostoc idir tailte féaraigh éagsúla sa samhradh agus sa gheimhreadh.

In áiteanna sléibhtiúla, cuirtear an tréad ar féarach sna sléibhte le linn an tsamhraidh agus ar thalamh níos ísle nó i ngleannta le linn an gheimhridh, cleachtas a dtugtar "buailteachas sléibhe" air. Go ginearálta, is iad na tréada amháin a théann ó áit go háit, in éineacht le líon beag daoine a dhéanann buachailleacht orthu, agus fanann an chuid eile den phobal sa bhaile, go hiondúil sna gleannta.

I gcodarsnacht leis seo, tugtar "buailteachas cothrománach" ar ghluaiseacht ar thalamh cothrom, mar shampla ar mhachairí nó ar ardchlár. Is mó seans go gcuirtear cúrsaí aeráide, eacnamaíochta, nó polaitíochta isteach ar an mbuailteachas cothrománach.[1]

Tá samplaí den bhuailteachas ar fáil ar fud an domhain, go háirithe san Eoraip agus in iarthar na hÁise. Tá sé tábhachtach do shochaithe tréadacha, toisc go gcuimsíonn na táirgí déiríochta a thagann ó na tréada (bainne, im, iógart, agus cáis) cuid mhór d'aiste bia na bpobal sin.

An t-ainm agus logainmneacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I nGaeilge, tugtar "buaile" ar ghort féaraigh a úsáidtear le linn an tsamhraidh (nó ar áit le ba a chrú ina leithéid de ghort), agus is as sin a thagann an focail buailteachas. In go leor teangacha eile, tá téarmaí speisialta ar na tailte arda féaraigh a úsáidtear le linn an tsamhraidh, agus is minic a fheictear na téarmaí sin i logainmneacha: m.sh. hafod sa Bhreatain Bheag, shieling in Albain, nó alp sa Ghearmáin, san Ostair, agus san Eilvéis.

In Éirinn, faightear an focal “buaile” in go leor logainmneacha in áiteanna a gcleachtaí an buailteachas, mar shampla An Bhuaile, An Bhuaile Bhán, An Bhuaile Bheag, An Bhuaile Dhubh, Baile na Buaile, Buaile na hAbhann, srl. Tá an logainm Cnoc an tSamhraidh measartha coitianta freisin, ar an gcúis chéanna. Téann an buailteachas siar go dtí an Mheánaois Luath in Éirinn, nó fiú níos luaithe. Bhí sé luaite san Fhéineachas. Tháinig laghdú ar an gcleachtas sa 19ú haois mar gheall ar thiarnaí talún a chuir cosc ar innilt ar a n-eastát. Chuirtí an beostoc i ngabhann agus ghearrtaí fíneálacha troma ar na tréadaithe. Mar sin féin, mhair an buailteachas in iarthar na hÉireann suas go dtí aimsir an Dara Cogadh Domhanda.[2] Chuir imirce shéasúrach go hAlbain agus go Sasana isteach ar an gcóras, in éineacht le heisimirce bhuan go dtí na Stáit Aontaithe.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Blench (17 May 2001). "'You can't go home again' – Pastoralism in the new millennium". London: Overseas Development Institute. Dáta rochtana: 23 August 2011. 
  2. "The lost art of 'booleying' in Ireland" (2021-08-31). Dáta rochtana: 2024-11-03.