Brian Bóramha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Brian Bórú)
Infotaula de personaBrian Bóramha

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Brian Bóruma mac Cennétig
Beathaisnéis
Breith941
Cill Dalua Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Aibreán 1014
72/73 bliana d'aois
Cluain Tarbh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaArdeaglais Phádraig, Ard Mhacha (Eaglais na hÉireann) Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
1002 – 1014
← Máel Sechnaill mac DomnaillMáel Sechnaill mac Domnaill →
Rí na Mumhan
978 – 1014
← Máel Muad mac BrainDonnchad mac Briain → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Tréimhse amaGlúin an 10ú aois agus glúin an 11ú aois
TeangachaAn Mheán-Ghaeilge
Ardú
Lá féile12 Márta Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGormflaith ingen Murchada
Echrad (?)
Mor (?) (en) Aistrigh
Dub Choblaig (?) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDonnchad mac Briain
 ( Gormflaith ingen Murchada)
Murchad mac Briain
 ( Mor (?) (en) Aistrigh)
Sláine ingen Briain
 ( )
Tadhg mac Briain
 ( Echrad (?))
Dearbforgail (?)
 ( NN (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCennétig mac Lorcáin  agus Bébhinn ní Urchadha

Find a Grave: 5887388 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Brian Bóramha mac Cennétig (nó Brian Bóirmhe; Meán-Ghaeilge: Brian Bóruma; i mBéarla: Brian Boru) ina ar chúige Mumhan ó 976 agus ina Ard-Rí ar Éirinn ó 1002 go 1014. D’éirigh le Brian náisiún a bhunú ón dúiche[1].

Cailleadh Brian Bóramha ar Aoine an Chéasta, an 23 Aibreán, 1014 i rith Chath Chluain Tarbh in aghaidh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath.

Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

997[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail Brian Bóirmhe agus a chéile comhraic Máel Sechnaill mac Domnaill - Rí na Mí agus Ard-Rí na hÉireann roimh Bhrian - le chéile i gCluain Fearta sa bhliain 997. D'aontaigh an bheirt go dtabharfaidís aitheantas don chuid den oileán a bhí á rialú acu ag an bpointe seo. Bhíodh Brian Bóirmhe ag ionsaí thalún Mháel Sechnaill ar bhun leanúnach, agus ghéill sé a chuid dóibh dá bharr.

1002[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glactar leis go raibh Brian Ború aitheanta mar Ard-Rí na hÉireann i 1002 nuair a d’éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar chlann Uí Néill. Bhíodh aithne air mar Brian Bóirmhe de bharr an chíosa a bhailigh sé ó thaoisigh beaga na hÉireann agus a d'úsáid sé chun na mainistreacha agus na leabharlanna a réab na Lochlannaigh a atógáil, más fíor.

Bhí an chuid ba mhó den oileán faoi riail ag Brian Bóirmhe ón bhliain 1002, ach ní tír aontaithe a bhí ann ar chor ar bith, cé go raibh an teideal Ard-Rí na hÉireann bronnta air. Mar thoradh, bhí sé de sprioc ag Brian Bóirmhe talamh an oileáin ar fad a aontú faoina cheannas féin.

1012[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1012, d'éirigh Rí Laighean Máel Mórda mac Murchada amach. Níor bhain Brian Bóirmhe feidhm as an lámh láidir ar an toirt, ach shocraigh sé póstaí tábhachta ina áit. Thug sé a iníon mar bhean do Sitric II, rí na Lochlannach i mBaile Átha Cliath, agus phós Brian féin Gormlaith, máthair Sitric agus deirfiúr Mháel Mórda). Níor mhair an socrú seo rófhad, áfach.

Dealbh, Dublin Castle Chapel Royal

1013[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Máel Mórda agus Sitric réidh chun troda arís sa bhliain 1013, agus Máel Mórda faoi bhrú ag a bhean Gormlaith dul i ngleic le Brian. Bhí slua maith de clanna na tíre a bhí éadmhar as cumhacht Bhrian, agus d'aontaigh iad go léir le chéile.

Mar fhreagra, chuir Brian Gormlaith faoi ghlas. Bhí airm aige lonnaithe i gContae Bhaile Átha Cliath, ó Mheán Fómhair 2013 go dtí Nollaig[2]. Ag an am seo, rinne Brian ionsaithe ar fud Bhaile Átha Cliath chun Gaeil na cathrach a choimeád as arm na Lochlannach. Ag an am céanna, sheol Gormlaith teachtaireacht chuig Sigurd Hlodvisson, iarla Lochlannach na nInse Orc.

1014 agus cath Chluain Tarbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí an cath beagnach thart, tháinig Brodir ar Bhrian ag guí ina phuball, agus é faoi cheilt sna choillte gar do Bhaile Átha Cliath. Bhailigh Brodir roinnt dá fhir le chéile gan mhoill agus d'ionsaigh siad agus mharaigh siad an Rí agus a fhoireann. D'éalaigh siad láithreach, agus Brodir ag béiceadh "Anois, inis do gach fear gurb é Brodir a mharaigh Brian".

Cath Chluain Tarbh, greanadóireacht, le John Fergus O'Hea

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Brian Bóramha timpeall na bliana 941 (in aice le Cill Dalua i gContae an Chláir mar atá inniu air, nó Dál gCais mar a tugadh ar an gceantar fadó). Cennétig mac Lorcáin, rí Thuadhmhumhan ab ea a athair, Bé Binn ingen Aurchada, iníon Rí Iar-Chonnacht ab ea a mháthair.

Pósadh Briain ceithre huaire:

  • An chéad uair le Mór - máthair Mhurchaide, a cailleadh le Briain i gCath Chluain Tarbh
  • An dara huair le Echrad - máthair a chomharba, Turlach
  • An tríú huair le Gormlaith - an bhean chéile is cáiliúla, iníon Mhurchaide Mac Finn, rí Laighean agus baintreach Olaf Cuaran, Lochlannach, rí Bhaile Átha Cliath agus Eabhrac. Ba í máthair Dhonncha, a bhí ina rí ar chúige Mumhan tar éis Bhriain.
  • An ceathrú huair le Dub Choblaig - iníon rí Chonnacht.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Brian Bóramha in Ard Mhacha.

Brian Bóramha

D'éag a mhac agus a gharmhac i gCath Chluain Tarbh chomh maith, agus mar sin ní fhéadfadh a shliocht a gcumhacht a choinneáil mar Ardríthe.

Sa 12ú haois, d'fhoilsigh a chlann leabhar bolscaireachta, Cogadh Gaeil ré Gaill, ina ndearnadh móradh ar Bhrian agus ar na héachtaí a rinne sé i rith a shaoil.

De réir an tseanchais feictear Brian mar pholaiteoir glic ar éirigh leis seilbh a fháil ar thailte na tíre thuaidh, thoir agus theas.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. glorcheatharlach.ie 22 Aib 2014 The Nationalist
  2. Duffy, Seán (2013). Brian Boru and the Battle of Clontarf. Dublin: Gill & Macmillan. pp. 123–4. ISBN 9780717157785