Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha (Eaglais na hÉireann)
Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Ardeaglais Anglacánach nó Easpagóideach | |||
Foirgníocht | 445 | |||
Úsáid | ardeaglais Chaitliceach agus ardeaglais Anglacánach nó Easpagóideach | |||
Tiomnaithe do | Naomh Pádraig | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Ard Mhacha, Droichead na Banna, agus Craigavon, Northern Ireland | |||
Suíomh | Ard Mhacha | |||
| ||||
Foirgneamh liostaithe Ghrád A | ||||
Am | 25 Meitheamh 1975 | |||
Aitheantóir | HB15/20/001 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Deoise | Diocese of Armagh (en) | |||
Reiligiún | Eaglais na hÉireann | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | stpatricks-cathedral.org | |||
Is í Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha suíochán Ardeaspaigh Ard Mhacha de chuid Eaglais na hÉireann. Ba é suíochán na hEaglaise Caitlicí é go dtí aimsir an Reifirméisin.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir traidisiúin, sa bhliain 445, thóg Naomh Pádraig eaglais chloiche ar an chnoc ar a dtugtaí an Droim Saileach. Tógadh ceann de na mórscoileanna mainistreacha ba mhó clú agus cáil in Éirinn ann agus thriall mic léinn uirthi ó cheithre hairde na hEorpa, Bhí léirscrios déanta ar an Ardeaglais agus an láthair naofa, ar a laghad 17 uair lena linn, ach rinneadh í a athchóiriú, i gcónaí, ina dhiaidh. Sa bhliain 1268, mhéadaigh an tArdeaspag Ó Scanláin an teach pobail agus thug seo an leagan amach dó mar atá anois. Rinne an tArdeaspag Tiarna John George Beresford agus an t-ailtire Lewis Nockalls Cottingham an mór-athchóiriú deireanach dó, idir na blianta 1834 agus 1840.
Nithe stairiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na nithe seo a leanas ar thaispeáint san Ardeaglais;
- Dealbh de Sir Thomas Molyneaux M.D. ó Castledillon, Cill Dara, arna dhéanamh ag Roubillac ( 1695-1762).
- Codanna de chros ársa Ceilteach ón 11 ú haois, a bhí ina sheasamh tráth ar shleas an chnoic taobh thoir den Ardeaglais.
- Leach i gcuimhne an Déan Peter Drelincourt. a rugadh i sa bhliain 1644, arna dhéanamh ag Rysbrack, an delabhadóir clúiteach.
- 'Cathaoir Bramhall' ón bhliain 1661, tabhartas ón ardeaspag John Bramhall ((1594—1663).
- Léachtán prais ón bhliain 1879, tabhartas Chichester Samuel Parkinson-Fortescue, an Dara Tiarna Clermont (1823-1898).
- Séipéal Míleata sa Chroslann Dheas, i gcuimhne na Royal Irish Fusiliers ata anois cósnaimthe leis an Royal Irish Regiment.
- Dealbh bhrás den Phríomhaidh Richard Robinson ( 1765-94), arna dhéanamh ag Nollekins.
- Fear Thíon Re Ghaoith.
- Umar baistí ar cóip e de chloch shnoite aisteach ochtagánach a fuarthas seacht dtroigh faoin talamh cóngarach do dhoras thiar na hArdeaglaise sa bhliain 1805. An t-ailtire L.N. Cottingham a dhear é sa bhliain 1834.
- Leacht ar an bhalla thoir taobh amuigh den Chroslann Thuaidh i gcuimhne Brian fir1 Bóramha.
Seirbhísí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Domhnach: 10.00 r.n., 11.00 r.n., 3.15 i,n,
- Laethanta na seachtaine: 9.30 r.n.
- Céad Satharn: 6.00 i.n.
Adhlacthaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Marcus Gervais Beresford (1801-85), Ardeaspag Ard Mhacha agus Príomhach Uile-Éireann (ceaptha 1862). Col ceathair an Tiarna John Beresford.
- Charles Frederick D'Arcy (1859-1938), Ardeaspag Ard Mhacha agus Príomhach Uile-Éireann.
- Naomh Eithne, baiste ag N. Pádraig, agus a fuair bás timpeall na bliana 433 AD.
Orgán and Orgánaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Orgán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sonraí an orgáin ó an 'National Pipe Organ Register'.[nasc briste go buan]
Orgánaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1634 Richard Galway
- 1661 John Hawkshaw
- 1695 Robert Hodge
- 1711 William Toole
- 1722 Samuel Bettridge
- 1752 John Woffington
- 1759 Robert Barnes
- 1776 Langrishe Doyle
- 1782 Richard Langdon
- 1794 John Clarke Whitfield
- 1797 John Jones
- 1816 Frederick Horncastle
- 1823 Robert Turle
- 1872 Thomas Marks
- 1917 G. H. P. Hewson
- 1920 Edred Chaundy
- 1935 Reginald West
- 1951 Frederick Carter
- 1966 Christopher Phelps
- 1968 Martin White
- 2002 Theo Saunders