Ayman al-Zawahiri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ayman al-Zawahiri
Ayman al-Zawahiri portrait.JPG
2. General Emir of Al-Qaeda (en) Aistrigh

Meitheamh 16, 2011 - Iúil 31, 2022
Osama bin Laden
Saol
Ainm iomlán أيمن مُحمَّد ربيع الظواهري
Eolas breithe Maadi, 19 Meitheamh 1951
Náisiúntacht Ríocht na hÉigipte
Poblacht na hÉigipte (1953–1958)
Poblacht Aontaithe na hAraibe
An Éigipt
gan stát
Teanga dhúchais An Araibis
Bás Cabúl, 31 Iúil 2022
Cúis bháis dúnmharú (ionsaí dróin)
Maraithe ag Central Intelligence Agency
Muintir
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Ollscoil Chaireo
Teangacha An Araibis
An Béarla
An Fhraincis
Gairm
Gairm máinlia, ulama (en) Aistrigh agus ceannaire míleata
Ballraíocht Egyptian Islamic Jihad (en) Aistrigh
Al-Qaeda
Gluaiseacht Salafi jihadism (en) Aistrigh
Sloinnte Abdul Mu'iz
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag Cogadh san Afganastáin
insurgency in Khyber Pakhtunkhwa (en) Aistrigh
An Cogadh in éadan na Sceimhlitheoireachta
Cogadh na Sé Lá
Cogadh na hAfganastáine (1979-1989)
Cleamhnú
Reiligiúin An tIoslam
IMDb nm1686942

Ceannaire na heagraíochta sceimhlitheoireachta al-Qaeda, ab ea Ayman al-Zawahir (10 Meitheamh 1951 - 31 Iúil 2022). Bhí baint mhór aige le 9/11, na hionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe ar an 11 Meán Fómhair 2001 ar maraíodh beagnach 3,000 duine dá mbarr.[1] Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhí freagrach as na hionsaithe buamála ar ambasáidí na Stát Aontaithe sa Chéinia agus sa Tansáin i 1998 agus ar long Mheiriceánach in Éimin in 2000.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Máinlia de bhunadh na hÉigipte ab ea Ayman al-Zawahiri.

Bhí Zawahiri ar troigh gan tuairisc ó 2001. Bhí luach $25 milliún á thairiscint ag na Meiriceánaigh i ndíol ar fhaisnéis ina leith.[1]

Maraíodh bin Laden sa bhliain 2012. Bhí Ayman al-Zawahiri i mbun Al-Qaeda idir 2012-2022. Bhíothas riamh den tuairim go raibh sé ag cur faoi san Afganastáin nó sa Phacastáin. É sin ainneoin gur gheall an Talaban sa bhliain 2021 nach dtabharfaidís tearmann san Afganastáin do lucht al-Qaeda feasta choíche.

Osama bin Laden ar chlé agus Ayman al-Zawahiri 2001

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 31 Iúil 2022, mharaigh na Meiriceánaigh Ayman al-Zawahiri, san Afganastáin (71 bliain d'aois ag an am). Scaoileadh dhá dhiúracán leis ó dhrón agus é ina sheasamh ar bhalcóin a árais chónaithe i bpríomhchathair na hAfganastáine Cabúl. Bhí daoine muinteartha le Zawahiri san áras cónaithe ag an am ach nár maraíodh ná nár leonadh aon duine acu mar gheall ar an ionsaí.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2022-08-02). "An sceimhlitheoir Ayman al-Zawahiri maraithe ag na Meiriceánaigh" (in ga-IE).