Arsanaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachArsanaic

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus miotalóideach
Arsanaic sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAs
Uimhir adamhach33
Mais adamhach74.921595
Peiriad, Grúpapeiread 4
tailings (en) Aistrigh
Dúil Ghrúpa 15
arsenide(3-) (en) Aistrigh
Airíonna fisiceacha
Dlús5.73 kg/m⁻³
Leáphointe1,135
Leictridhiúltacht2.18
Ga ianach0.58, 0.34 agus 0.46
Stair
AimsitheoirAlbertus Magnus
Fionnachtain13 haois
Eapainmór, orpiment (en) Aistrigh agus virility (en) Aistrigh

Is dúil cheimiceach í an arsanaic, agus is é an meáchán adamhach atá aici ná 74.92160 g/mol. Níl ach aon iseatóp nádúrtha amháin ag an arsanaic, is é sin, arsanaic a 75, agus sin é an t-aon iseatóp amháin atá cobhsaí. Tá cuid mhór iseatóp radaighníomhach cruthaithe ag na heolaithe, áfach, ó arsanaic a 66 go harsanaic a 93. Is í arsanaic a 73 an ceann is cobhsaí de na hiseatóip radaighníomhacha, nó tá sé 80.3 lá ar leathré. Is é an uimhir adamhach atá ag an arsanaic ná 33, agus is í an tsiombail cheimiceachAs. Ba é Albertus Magnus, an tEaspag Gearmánach a bhí ina cheimiceoir chomh maith, an chéad eolaí a dhoiciméadaigh an arsanaic ina chuid scríbhinní thiar sa bhliain 1250.

Tá a fhios ag cách, beagnach, gur nimh atá san arsanaic. Dúnmharaíodh a lán daoine mór le rá sa Mheánaois agus i ré an Renaissance le harsanaic, agus tá cáil ar na cásanna seo. Sna scéalta bleachtaireachta, is minic a bhíonn na dúnmharfóirí ag tabhairt arsanaice dá gcuid íobartach. Chuirfeadh an nimhiú arsainice calar i gcuimhne duit leis na hairíonna a thiocfadh ar an othar, agus a fhad is nach raibh modh iontaofa tástála ann le haghaidh na harsainice, bhí sé furasta a shíleadh gurbh é an galar seo a bhí i gceist. Sa bhliain 1836 áfach d'fhorbair an ceimiceoir Sasanach James Marsh tástáil leis an arsainic a aithint. Baintear úsáid as comhdhúile arsanaice le feithidí is le luibheanna a mharú, freisin. Maidir leis an dúil, tá sí le fáil ina lán allatróp, cosúil leis an bhfosfar. Is í an arsanaic liath an ceann is tábhachtaí de na hallatróip, agus í cosúil leis an bhfosfar dubh ina struchtúr móilíneach. Tá an arsanaic bhuí cosúil leis an bhfosfar bán, agus tá allatróp eile fós - an arsanaic dhubh - agus struchtúr an fhosfair dheirg aige.

Is é an uimhir ocsaídiúcháin is minicí a bhíonn ag an arsanaic ina cuid comhdhúl ná +III, ach is féidir le hocsaídeoirí láidre comhdhúile a tháirgeadh ina bhfuil an arsanaic ocsaídithe go +V, go háirithe peantocsaíd na harsanaice, As2O5. Is í an trí-ocsaíd an ocsaíd is tábhachtaí, áfach - As2O3. Má thuaslagtar an pheantocsaíd san uisce, cruthófar aigéad arsanach, H3AsO5. Tá sé cosúil leis an aigéad fosfarach ina struchtúr, ach is aigéad lag é. Ocsaídeoir maith láidir atá ann, áfach, nó is féidir leis an aigéad arsanach an t-ian iaidíde (I-) a ocsaídiú go hiaidín (I2).

Is féidir leis an arsanaic dul i gcomhdhúil leis an hidrigin le hairsín, nó tríhidríd arsanaice, a tháirgeadh - AsH3. Cosúil le hidríd an fhosfair, is comhdhúil éagobhsaí é an t-airsín agus claonadh láidir imoibriúcháin ann.

Is iad na comhdhúile is tábhachtaí ná an trí-ocsaíd arsanaice As2O3 (an "arsainic bhán"), an tríshuilfíd arsanaice As2S3 ("óirpimint"), a bhfuil dath an óir inti (is é is bunús leis an ainm "óirpimint" ná auri pigmentum, a chiallaíonn "dath an óir" sa Laidin), an teitreashuilfíd teitrea-arsanaice As4S4 ("rialgar"), an Paris Green (aicéatarsainít an chopair dhéfhiúsaigh), arsanáit an chailciam, agus hidrigin-arsanáit na luaidhe. Tá úsáid bainte as an trí cinn dheireanacha mar fheithidicídí sa talmhaíocht.

Is féidir trí-ocsaíd arsanaice a tháirgeadh tríd an dúil féin a ocsaídiú. Maidir leis an bpeantocsaíd arsanaice, As2O5, is é an dóigh cheart le hí a chruthú ná díhiodráitiú an aigéid arsanaigh - is é is brí leis an "díhiodráitiú" ná go mbaintear móilíní uisce de na móilíní aigéid arsanaigh, ionas nach bhfágtar ach móilíní peantocsaíde. Is féidir an dá ocsaíd seo a thuaslagadh i dtuaslagán bunata, agus is dual dóibh imoibriú leis an mbun, ionas go gcruthófar ceann den dá ainian - an arsainít (AsO33-) nó an arsanáit (AsO43-).

Tá an arsanaic in ann dul i gcomhdhúil leis an hidrigin: is í an airsín, nó an tríhidríd arsanaice AsH3 an chomhdhúil is simplí dá bhfuil ag an arsanaic leis an hidrigin. Gás nimhe atá inti - le fírinne nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda á chur, bhíothas ag pleanáil airsín a úsáid mar gás cogaidh. Níor baineadh úsáid aisti, áfach, nó sa bhreis ar an nimhiúlacht tá an airsín araiciseach chun pléasc a dhéanamh agus dul trí thine.

Nimhiúlacht na hArsanaice[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nimheanna láidre iad an arsanaic agus an chuid is mó de na comhdhúile arsanaice. Cuireann an arsanaic isteach ar oibriú na trífhosfáite adanóisín, ar comheinsím thábhachtach í a bhfuil cuid mhaith feidhmeanna aici sna cillíní. Sa deireadh, gheobhaidh an t-othar bás le neacróis na gcillíní. Thairis sin, is carcanaiginí (údair ailse) iad cuid mhaith de chomhdhúile na harsanaice.

Is minic a thruaillíonn arsanaic na hithreach uisce na dtobar.

Go bunúsach, is é is cúis le nimhiúlacht na harsanaice ná nach bhfuil sí in ann gnó an fhosfair a dhéanamh, cé go bhfuil sí in ann a áit a ghlacadh. I ndeireadh na bliana 2010, áfach, chuaigh an nuacht ar fud an domhain gur tháinig bitheolaithe Meiriceánacha ar bhaictéir i Mono Lake, California, a bhí in ann an arsanaic a chur in áit an fhosfair ina gcuid móilíní aigéid dhí-ocsairibeanúicléasaigh (DNA, ADN).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]