Jump to content

Aonach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tionól ársa na nGaeil ba ea aonach (Meán-Ghaeilge óenach[1]), eagraithe tar éis bhás , banríona, nó draoigaiscígh mór le rá, mar chuid de nósanna sinsearachta.[2] I dteannta le siamsa a bheith ann, bhuaileadh ríthe agus daoine uaisle agus sos cogaidh i réim eatarthu.

Bhí trí chuspóir ag an aonach: urraim a thabhairt don duine marbh, dlíthe an Fhéineachais a chur i bhfeidhm, agus cluichí sochraide a eagrú.

Mhaireadh an urraim idir lá amháin agus trí lá, ag brath ar tábhacht an duine. Chantai caointe darb ainm gubha,[3] agus chumadh draoithe amhráin lom láithreach darb ainm ceapóga[4] in ómós na marbh. Dhóití an duine ansin ar breocharn.

Cuireadh ansin an tOllamh Éireann dlíthe i bhfeidhm trí bhaird agus draoithe, agus lastaí tine mhór. Tharlaítí ansin Cúiteach Fuatha (airgid cróchair),[5][6] cluichí aithne agus coirp i dteannta le margadh mór.

Bhí Aonach Thailtean an t-aonach is tábhachtaí a bhí ann, eagraithe faoi choimirce an Ardrí agus clann Uí Néill. Dar le scríbhneoirí meánaoiseacha, bunaíodh é sa ré réamhstaire, agus mhair sé go dtí 1770. Luaitear é i n-annála Éireann má bhí achrann nó aighneas ag an aonach, nó má theip ar an ardrí é a eagrú. Chuir Saorstát Éireann athléiriú na gcluichí ar siúl idir na blianta 1924 agus 1932.

I measc aonach tábhachtach eile, bhí:

Ní raibh nasc ag gach aonach le féilí págánacha. Ainmníodh Aonach Cholmáin, eagraithe is dócha ag Lainn Eala, as Naomh Colmán Eala.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, Londain: Batsford, ISBN 0713458828
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0521363950
  • MacKillop, James (1998), Oxford Dictionary of Celtic Mythology, Oxford: Oxford University Press, ISBN 0198609671
  • Ó Cróinín, Dáibhí (1995), Early Medieval Ireland 400–1200, Longman History of Ireland, Londain: Longman, ISBN 0582015650

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "1 oenach". Baile Átha Cliath. eDIL. Dáta rochtana: 2024-10-19.
  2. T. H. Nally (2008). "The Aonac Tailteann and the Tailteann Games Their History and Ancient Associations". Jesson Press.
  3. "guba". eDIL. Dáta rochtana: 12 Meitheamh 2026.
  4. "cepóc". eDIL. Dáta rochtana: 12 Meitheamh 2026.
  5. "2 cúitech". eDIL. Dáta rochtana: 12 Meitheamh 2026.
  6. "1 fúat". eDIL. Dáta rochtana: 12 Meitheamh 2026.