Anmchad mac Con Cherca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnmchad mac Con Cherca
Beathaisnéis
Bás760í
Ríthe na nOsraí
740 – 760
← Forbasach mac AilellaTóim Snáma mac Flainn → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteFergal mac Anmchada Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCú Cherca mac Fáeláin

Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Anmchadh mac Con Chearca (Sean-Ghaeilge Anmchad mac Con Cherca) (bás 760idí). Bhí Osraí mar chuid den and Mhumhain ag an am. Chuaigh Anmchadh arís is arís eile ar feachtais in éadan a chomharsana thoir, na Laigin.

Tosca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhailt: Osraí agus Ríthe na nOsraí

Bhí ríocht Osraí ar cheann de tuairim is céad ríocht bheaga a bhí ann i nÉirinn san 8ú haois. Bhí na hOsraí lonnaithe i gContae Chill Chainnigh agus cuid de Contae Laoise. Bhí dhá phríomheaglais sa ríocht sa ré seo, Achadh Bhó (eaglais Naomh Chainneach) agus Saighir (Contae Uíbh Fhailí, eaglais Naomh Chiarán).[1][2]

Cé gur tugadh do rítheaghlach na nOsraí, an Dál Bhirn agus Anmchad mar bhall, ginealach a shín i bhfad siar i míotar agus seanscéal, is amhlaidh nár tháinig siad chun cinn go dtí deireadh na 6ú haoise. Feictear Colmán Mór Mac Feradaigh mar rí Osraí sa [Naomhsheanchas|Bheatha]] Naomh Cainneach. Is amhlaidh go raibh Scanlán mac Colmáin (bás 643), luaite sa Beatha Cholm Cille le Adhamhnán, ina rí freisin.[3][4]

Is doiléir é comharbacht na ríthe Osraí tar éis bhás Scanláin. Níl iontu i réamhtheachtaí Anmchadha ach ainmneacha a bheag nó a mhór. Fuair athair Anmchadha, rí Cú Chearca, bás sa bhliain c. 713; maraíodh Ceallach mac Faolchair sa bhliain in 735 ag troid le Cathal mac Finghin in éadan na Laigean; agus maraíodh Forbasach mac Ailealla is dócha dá bhliain 740, ach ní fios an chúis.[5][6][7][8][9] Meastar go ndearnadh Anmchadh ina rí tar éis bhás Fhorbasaigh.[10][11]

Réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bhás Chathail mhic Fhinghin, tháinig i réim sa Mhumhain sraith ríthe nár fhág ach pas beag ar díol suntais sna hannála. Rinne Donnchadh na Mí, ardcheannaire Uí Néill agus Ardrí na hÉireann, sraith feachtas in éadan Uí Dhúnlainge na Laigean, ach níor tháinig fir na Mumhan ina choinne. Dar leis na hannála, bhí Anmchadh ina rí is gníomhaí ón gceachtar úd i lár na 8ú haoise.[12]

Is é sa bhliain 742, le bás Chathail, a fheictear an chéad taifead do réimeas Anmchadha. Insítear i nAnnála Uladh agus i nAnnála Tiarnaigh gur scrios na hOsraí tailte Chineál Fiachach agus Dealbhna, suite thar Gleann na Brosnaí, idir mainstir Dharú agus an tSionainn i gContae Uibh Fhailí an lae inniu.[13][14][15] Is amhlaidh sa bhliain dár gcionn, ach b'fhéidir 745, chloígh Anmchadh na Déise Mhumhan i oirthear Chontae Phort Láirge, ag marú a rí, Uargus mac Fiachrae.[16][17] An bhliain dár gcionn eile, chloígh agus mharaigh Anmchadh triúr mac Chumascraihh, cé nach fios cé haidsan nó fáth an achrainn.[18][19]

Bhí na Laighean fós ina bpríomhchéilí comhraic Anmchadha, Uí Bhairrche Tíre agus Uí Chinnsealaigh i gCeatharlach ach go háirithe. Ní fios go cruinn, ach b'fhéidir é go raibh na Laighin ar an bhfód ag Cath Inis Snaic, timpeall na bliana 750.[20][21][22] Sa bhliain 754, scrios na hOsraí críocha Fhotharta Feá i gCeatharlach.[23][24][25] Sna blianta 759 agus 761, throid Anmchadh ag Bealach Gabhráin, an príomhshlí idir Laigin agus Osraí, agus chloígh sé gur na Laigin faoi dhó. Sa dar cath, maraíodh Donngal mac Laidcnén, rí Uí Chinnsealaigh.[26][27][28][29]

Níl trácht ar bith ar Anmchadh le fáil sna foinsí tar éis bhás Donnghaile. Sa bhliain 769, tharla cath cathartha sna hOsraí inar cloíodh mic réamhtheachtaí Anmchadha, Ceallach, ag Tuaim Snámha mac Flainn, anois i gceannas is amhlaidh. Más fíor, meastar go bhfuair Anmchadh bás an éigin idir 761 agus 769. Bhí mac amháin ar a laghad ag Anmchadh a mhair ina dhiaidh, Fearghal (bás 902), a bhí ina rí Osraí freisin.[30][31][32]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Downham, "Career", lch. 7
  2. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 292–294.
  3. B'fhéidir é go raibh athair Cholmáin ina rí. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 292–294 & 488–489
  4. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, ll. 84 & 86.
  5. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, ll. 127, 129, tábla 23
  6. Annála Uladh, AU 735.3
  7. Annála Tiarnaigh, AT 735.3
  8. Annála Inis Faithlinn, AI 735.1
  9. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 735.7.
  10. Mac Niocaill, lch. 129, tábla 23
  11. Leabhar Laighneach, Reges Osairge.
  12. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 596.
  13. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 127
  14. AT 742.2
  15. AU 742.2.
  16. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 127
  17. ACM 741.10.
  18. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 129
  19. ACM 742.16.
  20. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 576
  21. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 129
  22. AT 750.10.
  23. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 127
  24. AU 754.6
  25. AT 754.6
  26. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 576 & 596 nóta 40
  27. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 129
  28. AT 759.6, 761.2
  29. AU 761.3.
  30. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 576
  31. Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 129
  32. AU 769.1, 770.2, 802.4.