Naomh Cainneach
Naomh Cainneach | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Doire, 515, 516 | ||
Náisiúntacht | Éire | ||
Bás | Achadh Bhó, 600 | ||
Gairm | |||
Gairm | duine rialta | ||
Ballraíocht | Dhá Aspal Déag na hÉireann | ||
Féile | |||
11 Deireadh Fómhair |
Ab agus misinéir ab ea Naomh Cainneach (nó Canice)[1] (514, 515 nó 527? - 600). Is duine de Dhá Aspal Déag na hÉireann é.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is i gceantar Chiannachta[2] (Dún Gheimhin[3]) i gContae Dhoire a rugadh Cainneach circa 514-527.[4] Cé go raibh a muintir bocht, rinne sé staidéar faoi threoir Naomh Finnian i gCluain Ioraird agus faoi Naomh Mobhí i nGlas Naíon.
D’fhás dlúthchairdeas idir é féin agus Naomh Colm Cille. Ar feadh tamaill d’oibrigh sé i gcomhar le Colm Cille in Albain agus bhunaigh sé roinnt eaglaisí ansin.
In Éirinn bhí a phríomhmhainistir i nAchadh Bhó i gContae Laoise.
Fuair sé bás in Achadh Bhó i gContae Laoise sa bhliain 603.
I bhfad ina dhiaidh sin, tiomnaíodh eaglais do Naomh Cainneach i gCill Chainnigh. Tá dlúthbhaint ag an gcontae le Naomh Cainneach.[5] Fuair sé réidh leis na draoithe i gCill Chainnigh de réir an tseanchais.
Ceiliúrtar a lá féile ar 11 Deireadh Fómhair.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ nó Cainnech moccu Dalánn
- ↑ "Cianachta/Keenaght" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-11.
- ↑ "'Dún Geimhin'" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-11.
- ↑ "Naomh Cainneach, ab: Deireadh Fómhair 11 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2020-10-11.
- ↑ "Béaloideas Chontae Chill Chainnigh". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2020-10-11.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |