Jump to content

An Ghailísis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Ghailísis
lingua galega agus galego

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais2,500,000
Á labhairtan Ghailís, El Bierzo (en) Aistrigh, cúige Zamora, Trás-os-Montes e Alto Douro (en) Aistrigh agus Minho (en) Aistrigh
Dúchasach doan Ghailís agus Bragança (en) Aistrigh
Stáitan Spáinn agus an Phortaingéil
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
teangacha Ibéar-Rómánsacha
teangacha Iar-Ibéaracha
Galician-Portuguese (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheAcadamh Ríoga na Gailíse
Cóid
ISO 639-1gl
ISO 639-2glg
ISO 639-3glg
Glottologgali1258
Linguasphere51-AAA-ab
Ethnologueglg
IETFgl

Teanga Rómánsach is ea an Ghailísis (Gailísis: galego, AIF: [ɡaˈleɣo̝]) a labhraítear sa Ghailís in iarthuaisceart na Spáinne, taobh thuaidh den Phortaingéil. Tá sí an-chosúil leis an bPortaingéilis, agus ó thaobh na staire de, ní raibh sa Phortaingéilis féin, i dtús báire, ach canúint de chuid na Gailísise a chuaigh i bhfairsinge ó dheas, de réir mar a bhí na Múraigh ag cúlú roimh na Críostaithe i ré an Reconquista, nó athghabháil Leithinis na hIbéire.

Tá sé ina chnámh spairne inniu féin, cé acu dhá theanga ghaolmhara nó canúintí aon teanga amháin iad an Ghailísis agus an Phortaingéilis.

Líon na gCainteoirí Dúchais

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Gailísis ó dhúchas ag breis is trí mhilliún duine. Is léir go bhfuil an mhórchuid acu ina gcónaí sa Ghailís féin, ach is féidir teacht ar dhaoine ón nGailís in áiteanna eile sa Spáinn, i Maidrid agus i mBarcelona mar shampla. Thairis sin, is iomaí Gailíseach a chuaigh ar imirce thar lear i rith na mblianta. Chuir siad fúthu san Airgintín, in Uragua, i gCúba, sa Bhrasaíl, i Veiniséala, i Meicsiceo agus i bPanama. Chuaigh an oiread daoine ón nGailís go dtí an Airgintín is gur éirigh sé coitianta sa tír sin, tráth, galego nó Gailíseach a thabhairt ar gach inimirceoir a thiocfadh ón Spáinn.

Stádas Oifigiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an Ghailísis stádas oifigiúil ó stát na Spáinne mar cheann de theangacha na Spáinne, nó lenguas españolas. Is iad teangacha oifigiúla eile na Spáinne ná an Spáinnis féin - nó an Chaistílis, mar a thugtar uirthi fosta -, an Chatalóinis, agus an Bhascais. Bíonn an Ghailísis á múineadh sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna, agus baintear úsáid aisti sna hollscoileanna chomh maith. Ní thugann Parlaimint na hEorpa aitheantas oifigiúil don Ghailísis mar Ghailisis, ach caitear léi mar a bheadh Portaingéilis ann. Mar sin, nuair a labhraíonn Feisirí Gailíseacha, ar nós José Posada, Camilo Nogueira nó Xosé Manuel Beiras, a dteanga dhúchais os comhair na Parlaiminte, is é teangaire na Portaingéilise a dhéanann teanga do na Feisirí eile.

Go dtí le déanaí, ba nós leis na scríbhneoirí Gailíseacha a gcuid leabhar a bhreacadh síos i Spáinnis. Uaireanta, bhainidís úsáid as an gcorrfhocal Gailísise le blas an réigiúin a chur ar an stíl. Bhí Gailísis ó dhúchas ag a lán scríbhneoirí tábhachtacha Spáinnise, cosúil le Ramón del Valle-Inclán agus Camilo José Cela. Lenár linn féin, áfach, d'éirigh sé faiseanta Gailísis a scríobh. Is é Manuel Rivas an scríbhneoir comhaimseartha is tábhachtaí, agus is é an t-úrscéal O lapis do carpinteiro ("Peann Luaidhe an tSiúinéara") an leabhar is clúití dár scríobh sé. Foilsíodh aistriúcháin ina lán teangacha, an Béarla san áireamh (The Carpenter's Pencil, Jonathan Dunne a d'aistrigh).

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuachtáin i nGailísis:

Naisc eile a bhaineann le Gailísis:

An Ghailísis
Vicipéid le fáil as An Ghailísis freisin