An Cumann Camógaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Cumann Camógaíochta
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1905
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáincamogie.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh an Cumann Camógaíochta sa bhliain 1904. Ba í Márie Ní Chinnéide an chéad Uachtarán ar an gCumann Camógaíochta sa bhliain 1905. Eagraíonn agus cuireann an Cumann Camógaíochta spórt na camógaíochta in Éirinn agus ar fud an domhain chun cinn.

Tá dlúthbhaint ag an gcumann le Cumann Lúthchleas Gael.

Bunaíodh é i 1904. I 1932 ocht mbliana is fiche tar éis bhunú an Chumainn Camógaíochta imríodh craobhchomórtas na hÉireann don chéad uair.[1]

An Ráiteas Misin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is eagraíocht dheonach pobalbhunaithe é an Cumann Camógaíochta a chuireann Cluichí Gaelacha, cultúr agus rannpháirtocht ar feadh an tsaoil chun cinn.

Is eagraíocht dheonach é an Cumann Camogaíochta. Déantar Cluichí Camogaíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn le féiniúlacht agus cultúr na hÉireann mar chroílár an chumainn.

Tá siad tiomanta a chinntiú go saibhríonn ár dteaghlach cluichí, agus na luachanna a mairimid, saol ár mball, ár dteaghlach agus an phobail.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an Cumann Camógaíochta i bhFeabhra na bliana 1904. Ba í Máire Ní Chinnéide an chéad uachtarán ar an gCumann Camógaíochta sa bhliain 1911.[3] I 1911, athbhunaíodh é mar Chualacht Lúthchleas na mBan Gaedheal ag cruinniú a d’eagraigh Seaghán Ua Dúbhtaigh ag Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath.

Imríodh an chéad chluiche poiblí camógaíochta faoin gCumann idir Craobh an Chéitinnigh agus Cúchulainn i gContae na Mí. Imríodh an chéad chluiche idir chontae sa bhliain 1912.

Níor reáchtáladh an chéad chraobh Camógaíochta go dtí 1932. Bhunaigh an Cumann Camógaíochta Craobhchomórtas na hÉireann. Níor raibh ach deich gcontae sa chéad chraobh. Bhronn fear as Maigh Eo darbh ainm Sean O'Duffy an trófaí, agus mar sin tugadh trófaí O'Duffy ar an gcomórtas.

Bhuaigh Baile Átha Cliath cluiche ceannais na hÉireann agus faoin mbliain sin bhí an cluiche camógaíochta á imirt ar fud na dtríocha dó contae in Éirinn.

Faoin mbliain 1934 bhí Craobh na hÉireann sa chamógaíocht dá imirt i bPáirc an Chrócaigh. Neartaíodh an Cumann ar fud na tíre agus faoin mbliain 1974 ghlac an Cumann Camógaíochta páirt i bhFéile na nGael. Bunaíodh Comhairle na mBunscoileanna i 1977 agus ba í Sighle Nic an Ultaigh an chéad Uachtarán ar an gcomhairle. Tá Ardstiúrthóir fostaithe ag an gCumann ó 1980 ó shin i leith agus tá oifig acu i bPáirc an Chrócaigh. Faoi láthair tugann Foras na Gaeilge urraíocht do Chraobhchomórtas na hÉireann. Tá baint ag an gCumann le Cumann Lúthchleas Gael.[1]

I 1995 ba iad Foras na Gaeilge agus Bord na Gaeilge na céad urraitheoirí móra ar an gCumann Camógaíochta.

I 1999 ghlac an Cumann Camógaíochta le rialacha an C.L.G.[4] maidir le struchtúr foirne cúigear déag an taobh agus tomhas páirce.[5]

An tUachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Márie Ní Chinnéide an chéad Uachtarán ar an gCumann Camógaíochta sa bhliain 1905. Bhí sí ina hUachtarán ar an Cumann Camógaíochta ar feadh cúig bliana. Ag sé bliana is fiche d’aois, toghadh í ina hUachtarán ar an gCumann Camógaíochta, tasc dúshlánach do dhuine chomh hóg.[6]

Is í Kathleen Woods Uachtarán reatha an Chumainn Camógaíochta faoi láthair. Insealbhaíodh í in 2018[7]

Tháinig sí i gcomharbacht ar Catherine Neary ag Comhdháil Bhliantúil an Chumainn do 2018.[8] Ag labhairt tar éis di an ról a ghlacadh, dúirt sí: “Tá mo fhócas ar leanúint leis an obair go dtí seo chun cluiche a thógáil a theastaíonn ó dhaoine a imirt ...agus leanúint ar aghaidh leis an obair i gcomhlachas atá láidir, a bhfuil meas aige ar gach ball."[9]

Iar-Uachtaráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1911 Elizabeth Countess of Fingall ()
  • 1923 Mollie Gill (Baile Átha Cliath)
  • 1942 Lil Kirby (Corcaigh)
  • 1945 Agnes Hennessy (Cabhan)
  • 1946 Sheila Horgan (Corcaigh)
  • 1949 Sheila McAnulty (Dún)
  • 1953 Lucy Byrne (Cill Mhantáin)
  • 1956 Lily Spence (Aontroim)
  • 1959 Eilish Redmond (Baile Átha Cliath)
  • 1962 Crios O’Connell (Luimnach)
  • 1965 Lil O’Grady (Corcaigh)
  • 1968 Rosina McManus (Aontroim)
  • 1971 Nell McCarthy (Baile Átha Cliath)
  • 1973 Nancy Murray (Antroim)
  • 1976 Agnes Purcell (Baile Átha Cliath)
  • 1979 Mary Moran (Corcaigh)
  • 1982 Mary Fennelly (Cill Chainnigh)
  • 1985 Mary Lynch (Muineachán)
  • 1988 Máire Ní Cheallacháin (Corcaigh)
  • 1991 Brídín Uí Mhaolagáin (Baile Átha Cliath)
  • 1994 Belle O’Loughlin (Dúin)
  • 1997 Phyllis Breslin (Baile Átha Cliath)
  • 2000 Pat Rafferty (Baile Átha Cliath)
  • 2003 Miriam O’Callaghan (Uíbh Fhailí)
  • 2006 Liz Howard (Tiobraid Árann)
  • 2009 Joan O’Flynn (Cill Dara)
  • 2012 Aileen Lawlor (Iarmhí)
  • 2015 Catherine Neary (Cill Chainnigh)
  • 2018 Kathleen Woods (Ard Mhaca)

Comórtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craobhchomórtais na hÉireann urraithe ag Liberty Insurance[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann Liberty Insurance urraíocht ar Chraobhchomórtas Camógaíochta na hÉireann. I 2018, rinne Liberty Insurance athnuachan ar an gconradh ar feadh trí bliana eile.[10]

Tá trí chomórtas éagsúla laistigh de Chraobhchómortas na hÉireann.

Tá leibhéal sinsearach, leibhéal idirmheánach agus leibhéal sóisearach ann.

Ag leibhéal an chontae, téann an deich bhfoireann is fearr in iomaíocht lena chéile i gCraobhchomórtas na hÉireann, a chríochnaíonn le Cluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh gach Meán Fómhair. Is é 33,154 an tinreamh is airde riamh go dtí seo agus bíonn an cluiche ceannais beo ar an teilifís, le lucht féachana teilifíse ós cionn 300,000 duine.[11]

Bhuaigh Baile Átha Cliath an chéad Chraobhchomórtas agus sa bhliain 2020 bhuaigh Cill Chainnigh Craobhchomórtas Sinsearach na hÉireann. I 2020, bhuaigh an Dún Craobhchomórtas Idirmhéanach na hÉireann and bhuaigh Ard Mhaca Craobhchomórtas Sóisearach na hÉireann.

Rolla Onóra le Tríocha Bliain Anuas (Sinsear)[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1990: Cill Chainnigh/Loch Garman: 1-14 go0-7
  • 1991: Cill Chainnigh/Corcaigh: 3-8 go 0-10
  • 1992: Corcaigh/Loch Garman: 1-20 go 2-6
  • 1993: Corcaigh/Gaillimh: 3-15 go 2-8
  • 1994: Cill Chainnigh/Loch Garman: 2-11 go 0-8
  • 1995: Corcaigh/Cill Chainnigh: 4-8 go 2-10
  • 1996: Gaillimh/Corcaigh: 4-8 go 1-15
  • 1997: Corcaigh/Gaillimh: 0-15 go 2-5
  • 1998: Corcaigh/Gaillimh: 2-13 go 0-15
  • 1999: Tiobaird Árann/Cill Chainnigh: 0-12 go 1-8
  • 2000: Tiobaird Árann/Corcaigh: 2-11 go 1-9
  • 2001: Tiobaird Árann/Cill Chainnigh: 4-13 go 1-6
  • 2002: Corcaigh/Tiobaird Árann: 4-9 go 1-9
  • 2003: Tiobaird Árann/Corcaigh: 2-11 go 1-11
  • 2004: Tiobaird Árann/Corcaigh: 2-11 go 0-9
  • 2005: Corcaigh/Tiobaird Árann: 1-17 go 1-13
  • 2006: Corcaigh/Tiobaird Árann: 0-12 go 0-4
  • 2007: Loch Garman/Corcaigh: 2-7 go 1-8
  • 2008: Corcaigh/Gaillimh: 2-10 go 1-8
  • 2009: Corcaigh/Cill Chainnigh: 0-15 go 0-7
  • 2010: Loch Garman/Gaillimh: 1-12 go 1-10
  • 2011: Loch Garman/Gaillimh: 2-7 go 1-8
  • 2012: Loch Garman/Corcaigh: 3-13 go 3-6
  • 2013: Gaillimh/Cill Chainnigh: 1-9 go 0-7
  • 2014: Corcaigh/Cill Chainnigh: 2-12 go 1-09
  • 2015: Corcaigh/Gaillimh: 1-13 go 0-9
  • 2016: Cill Chainnigh/Corcaigh: 1-13 go 1-9
  • 2017: Corcaigh/Cill Chainnigh: 0-10 go 0-9
  • 2018: Corcaigh/Cill Chainnigh: 0-14 go 0-13
  • 2019: Gaillimh/Cill Chainnigh: 3-14 go 0-17
  • 2020: Cill Chainnigh/Gaillimh: 1-14 go 1-11[12]

An tSraithchomórtas Náisiúnta urraithe ag Littlewoods Ireland[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an tSraithchomórtas Náisiúnta an chéad chomórtas idirchontae camógaíochta a bhíonn ar siúl gach bliain.

I 1976, bhuaigh Tiobraid Árann an chéad Sraithchomórtas Náisiúnta a bhí ar siúl.

Tá cúig roinn sa tSraithchomórtas Náisiúnta. Imríonn na foirne is fearr i roinn a haon.

Maidir leis na foirne eile tarlaíonn cáiliú má bhuann tú an rioinn. Mar shampla i roinn a dó, má bhuann an fhoireann an roinn a dó cáilíonn tú go roinn a haon.

Rolla Onóracha Roinn 1 (Fiche Bliain anuas)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comórtas Scoileanna na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor ranna éagsúla i gcraobh Camógaíochta na hÉireann.

Ritheann na ranna ó roinn A go dtí roinn E. Tugann sé deis do scoileanna ag gach leibhéal páirt a ghlacadh i gcomórtas na scoileanna.

Is iad Tesco Ireland urraitheoirí an chraobhchomórtais seo.[13]

Buaiteoirí Rionn A (le deich mbliana anuas)[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2009 Naomh Bríd, Callain, Cill Chainnigh
  • 2010 Loreto, Cill Chainnigh
  • 2011 Loreto, Cill Chainnigh
  • 2012 Loreto, Cill Chainnigh
  • 2013 Loreto, Cill Chainnigh
  • 2014 Presentation, Cill Chainnigh
  • 2015 Seamount, Cinn Mhara, Gaillimh
  • 2016 Naomh Bríd, Baile Locha Riach, Gaillimh
  • 2017 Loreto, Cill Chainnigh
  • 2018 Loreto, Cill Chainnigh
  • 2019 Naomh Angela Ursulines, Port Láirge[14]

Urraitheoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá urraitheoirí an-tiomanta ag an gCumann Camógaíochta; AIB, Liberty Insurance, Tesco agus Littlewoods Ireland.[15]

Tá rannpháirtíocht na n-urraitheoirí i gcur chun cinn na camógaíochta ríthábhachtach. Tá an infheistíocht a rinne siad i bhfeachtais an Chumainn tar éis táirge nuálach a chur chun cinn i measc an phobail.[16]

Déanann AIB urraíocht ar Chraobhchomórtas Clubanna Camógaíochta na hÉireann. Déanann Liberty Insurance urraíocht ar Chraobhchomórtas idirchontae na hÉireann agus déanann Littlewoods Ireland urraíocht ar an tSraith Chomórtas Náisiúnta Camógaíochta. Déanann Tesco urraíocht ar Chraobhchomórtas na Meanscoileanna.[15]

Déanann Littlewoods Ireland urraíocht ar an gCumann Camógaíochta agus CLG. Tá athnuachan déanta acu go dtí 2022 ag daingniú a dtiomantas do na Cluichí Gaelacha.[17]

Tá Littlewoods Ireland tar éis urraíocht a dhéanamh ar Shraitheanna Camógaíochta na hÉireann ó 2017.

Chabhraigh Littlewoods Ireland le feasacht a mhéadú i spórt na mban le Sraitheanna Camógaíochta Littlewoods Ireland, ag soláthar sruthú beo de phríomhchluichí go dtí os cionn 140,000 i 2019.[17]

Realta Camógaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn searmanas bronnta ‘All-Stars’ an Chumainn Chamógaíochta ar siúl gach bliain in Óstán an City West i mBaile Átha Cliath.

Téann an fhoireann ‘All Star’ a roghnaítear gach bliain go dtí Nua-Eabhrac ar thuras ‘All-Stars’.[18]

Foireann 2019 'All-Stars' urraithe ag Liberty Insurance:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cúl Báire - Sarah Healy, Gaillimh
  2. Lánchúlaí Clé - Shauna Healy, Gaillimh
  3. Lánchúlaí Láir - Sarah Dervan, Gaillimh
  4. Lánchúlaí Deas - Edwina Keane, Cill Chainnigh
  5. Leathchúlaí Clé - Heather Cooney, Gaillimh
  6. Leathchúlaí Láir - Claire Phelan, Cill Chainnigh
  7. Leathchúlaí Deas - Lorraine Bray, Port Láirge
  8. Lár na Páirce - Aoife Donohue, Gaillimh
  9. Lár na Páirce - Niamh Kilkenny, Gaillimh
  10. Leatosaí Clé - Niamh Mulcahy, Luimneach
  11. Leastosaí Láir - Denise Gaule, Cill Chainnigh
  12. Leatosaí Deas - Amy O’Connor, Corcaigh
  13. Lántosaí Clé - Michelle Quilty, Cill Chainnigh
  14. Lántosaí Láin - Ailish O’Reilly, Gaillimh
  15. Lántosaí Deas - Beth Carton, Port Láirge

Eagraíocht Leasa Imreoirí - WGPA (Women's Gaelic Players Association)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é mana an WGPA na ‘ar son na himreoirí, de réir an imreora’.

Imríonn baill an WGPA Peil Ghaelach na mBan agus Camógaíocht, cluichí atá dúchasach d’Éirinn agus na spóirt is mó tóir i measc mná na hÉireann.

Seoladh WGPA i 2015 chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na n-imreoirí idirchontae; na lúthchleasaithe amaitéaracha a imríonn ar an leibhéal is airde de na spóirt seo.

Tá an bhallraíocht méadaithe go dtí os cionn 1,350 imreoir reatha.[19]

Tá an WGPA comhcheangailte leis an GPA i mbliana.[20] Is é an GPA an leagan fireann[21]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "History" (en). The Camogie Association. Dáta rochtana: 2021-02-09.
  2. "GAA Mission, Vision and Values" (en). www.gaa.ie. Dáta rochtana: 2021-02-09.
  3. "History" (en). The Camogie Association. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  4. "The History of Camogie". www.scoilsportg.ie. Dáta rochtana: 2021-02-13.[nasc briste go buan]
  5. "Official Rules of the Camogie Association" (en). The Camogie Association. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  6. "Presidents" (en). The Camogie Association. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  7. "Kathleen Woods named Camogie Association president" (as en) (2018-04-07). 
  8. "Kathleen Woods unopposed as President Elect of Camogie Association" (en). The Camogie Association (2017-02-21). Dáta rochtana: 2021-02-15.
  9. Off The Ball. "Kathleen Woods named as the new Camogie Association President". Off The Ball. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  10. The PA Team (2018-06-28). "Liberty Insurance Announce Further Three-Year Sponsorship Of Camogie Championship" (en-GB). Pundit Arena. Dáta rochtana: 2021-02-13.[nasc briste go buan]
  11. "Everything you wanted to know about Camogie, but were afraid to ask. | Liberty Insurance Ireland". www.libertyinsurance.ie. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  12. "Roll of Honour - All-Ireland Championships" (en). The Camogie Association. Dáta rochtana: 2021-02-10.
  13. Checkout. "Tesco Ireland Signs Up As Youth Development Sponsor Of Camogie Association" (en). Checkout. Dáta rochtana: 2021-02-13.
  14. "Roll of Honour - Post-Primary Schools" (en). The Camogie Association. Dáta rochtana: 2021-02-13.
  15. 15.0 15.1 "Sponsorship & Branding" (en). The Camogie Association. Dáta rochtana: 2021-02-11.
  16. "Liberty Insurance All-Ireland Camogie Championships | Liberty Insurance Ireland". www.libertyinsurance.ie. Dáta rochtana: 2021-02-15.
  17. 17.0 17.1 "Littlewoods Ireland Renew Camogie and GAA Sponsorships Until 2022 Solidifying Commitment to Gaelic Games" (en). The Camogie Association (2019-10-29). Dáta rochtana: 2021-02-11.
  18. Nigel McCarthy (2019-11-07). "Liberty Insurance Camogie All-Stars Tour Set For New York" (en-US). We Are Dublin GAA. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-31. Dáta rochtana: 2021-02-13.
  19. "About Us | WGPA" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-22. Dáta rochtana: 2021-02-13.
  20. "Cora Staunton hails 'monumental day' in bid for equality in women's sport" (en-GB). Extra.ie (2020-12-15). Dáta rochtana: 2021-02-15.
  21. "GPA and WGPA to merge after votes passed at separate EGMs" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-02-13.