Alan Kurdi
Báthadh Aylan Kurdi (nó Alan Kurdi), 3 bliain d'aois, i mBodrum, in iardheisceart na Tuirce ar an 2 Meán Fómhair 2015. Thug a theaghlach aghaidh ar an nGréig chun éalú ón bhforéigean i Siria; turas farraige dainséarach.
Tharraing íomhánna chorp an linbh óig i mBodrum aird go hidirnáisiúnta ar ghéarchéim na dteifeach ag an am sin. Choinnigh an grianghrafadóir nuachta, Nilüfer Demir, taifead d'iarmhairt na tubaiste (le cabhair ó Peter Bouckaert, ó Human Rights Watch[1]). Bhí íomhánna a choirp marbh ar an dtrá i mBodrum feicthe morthimpeall an domhain; tharraing siad aird ar ghéarchéim na dteifeach[2].
Báthadh máthair Aylan Kurdi, Rehan (35 bliain d'aois) agus a dheartháir Galip (5) sa tubaiste céanna.
Fritheadh athair na leanaí, Abdullah Kurdi gan aithne, gan urlabhra ar an trá. Tugadh ag an ospidéal in Bodrum é.
Bhí clann an bhuachalla linbh, ag iarraidh Ceanada a bhaint amach i ndiaidh dóibh cathair Kobani i Siria a fhágaint de bharr na cogaíochta ann. Bhí iarrachtaí thréanna déanta ag an gclann an Tuirc a bhaint amach ar dtús. Bhí gaol an teaghlaigh lonnaithe i gCeanada.
Adhlacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tugadh corp Aylan, corp Galip agus corp mháthair na beirte, abhaile chomh fada leis an tSiria. Cuireadh na buachaillí agus an mháthair ina mbaile dúchais Kobane ar an 4 Meán Fómhair.
Dúirt athair na leanaí go raibh súil aige go gcabhródh na Stáit Arabacha le teifigh agus le himircigh anois i bhfianaise na géarchéime seo. Choinnigh sé guaim air féin d'ainneoin na tubaiste.
Gabháil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ghabh póilíní na Tuirce ceathrar as an tSiria, agus iad faoi amhras gur smuigleáil siad teifigh ón Tuirc go hoileán Dogan na Gréige ar bhád a chuaigh go grinneall agus as ar báthadh 12, Aylan Kurdi ina measc.
Ar an 4 Márta 2016, bhí ceithre bliana príosúin gearrtha ar bheirt ón tSiria maidir le smuigléireacht ar an 2 Meán Fómhair 2015[3]. Fuarthas neamhchiontach iad, áfach, i gcúiseanna a bhain le neamart go raibh bás mar thoradh air.
Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar dtús, tarraingíodh aird an domhain ar riocht na n-inimirceach nuair a taispeánadh grianghrafanna sna meáin de chorp Aylan Kurdi ar an trá[4]. Úsáideadh grianghraf den leanbh básaithe i bhfeachtas ar son na dTeifeach[5]. Léiríodh comhbhá ar fud an domhain leis na teifigh.
Mar shampla, ocht lá níos déanaí, ar an 10 Meán Fómhair 2015, dúirt an tAire Dlí is Cirt in Éirínn, Frances Fitzgerald go gcuirfeadh Éire fáilte roimh 4,000 teifeach faoi "Chlár Chosanta Teifeach na hÉireann"[6]. Ach níor rinne sí beart de réir a briathair; níor tháinig ach líon beag in Éirínn sa bhliain 2015.
Ar an 15 Meán Fómhair 2015, bhí "staid éigeandála" fógraithe ag an Ungáir (an príomh-aire Viktor Orbán agus a rialtas a bhí go mór ar an eite dheas), toisc go raibh os cionn 200,000 teifeach agus imirceach tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana.[7]
Cúpla mí ina dhiaidh an tuabaiste Aylan Kurdi, chuaigh géarchéim na n-inimirceach san Aontas Eorpach chun donais. Sa bhliain 2016, bhí an AE ag áitiú ar bhallstáit agus ar an Tuirc tuilleadh comhoibriú a dhéanamh lena chéile féachaint le dul i ngleic leis an ngéarchéim.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Géarchéim imirceach na hEorpa
- "Ag teitheadh ón uafás", Frank Reidy, 7 Nollaig 2015
- "Cás na dteifeach: an mairfidh spiorad na fáilte?", Alex Hijmans, 9 Meán Fómhair 2015 Nuacht RTÉ,
- "Córas nua le bunú le teacht i gcabhair na dteifeach", 3 Meán Fómhair 2015
- "Ní féidir linn balla cosanta a chur trasna na Meánmhara", Tuairisc.ie 4 Meán Fómhair 2015
- "Cén dearcadh atá againn ar teifigh?", Fiona McGowan, universityobserver.ie, 16 Meán Fómhair 2015
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ http://time.com/4162306/alan-kurdi-syria-drowned-boy-refugee-crisis/
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0903/725446-4-gafa-ag-poilini-faoi-bhathadh-teifeach-sa-tuirc/
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0304/772563-priosun-gearrtha-ar-bheirt-faoi-bha-theifigh/
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0903/725497-coras-nua-foirthinte-teifeach-le-bunu/
- ↑ https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/0904/725764-aylan-kurdi-on-tsiria-curtha-i-gcre-na-cille-inniu/
- ↑ Nuacht RTÉ
- ↑ Nuacht RTÉ