Codex Usserianus Primus
Cineál | lámhscríbhinn |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Laidin |
Bunábhar | veilleam |
Leabhar Soiscéalach Éireannach as Sean-Laidin is ea Codex Usserianus Primus (Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Tríonóide, 55). A bhuí le hainilís déanta ar an seanpheannaireacht, meastar go dtí an lámhscríbhinn siar go dtí an 6ú nó 7ú haois.[1] Tugtar r don leabhar sa chóras traidisiúnta.
Feictear ar Fóilió 149v (féach bosca sonraí) an t-aon mhaisiúchán amháin sa leabhar atá ar marthain.[2]
Cur síos
Tá drochbhail ar an lámhscríbhinn; tá drochdhath ar na leathanaigh agus tá siad bearnach. Tá iarsmaí de thuairim is 180 fóilió párpháipéar athchurtha ar páipéar.
Is leagan Eorpach é treabha an leabhair de Vetus Latina.[3] Is de chuid an Iarthair é ord na soiscéalta: Matha, Eoin, Lúcás agus Marcas.[1] Tá roinnt lacunae ann: Matha 1:1–15:16; 15:31–16:13; 21:4–21; 28:16–20; Eoin 1:1–15; Marcas 14:58–15:8; 15:29–16:20.[4] Ainmnítear an bheirt ghadaithe a céasadh le hÍosa mar Ioathas agus Capnatas (Lúcás 23:32). Feictear ann an téacs den Pericope Adulterae, cosúil le lámhscríbhinní as Vetus Latina eile.
Níl ann sa lámhscríbhinn anois ach maisiúchán amháin ar mharthain, crios ag deireadh Lúcáis (fol. 149v), agus poncanna dubha thart timpeall uirthi. Ar gach taobh, tá na litreacha Gréigise alfa agus óimige. Ar barr agus ar bun, tá explicit Lúcáis incipit Mharcais. Tá gach uile seo laistigh de chearnóg thriarach de phoncanna agus "s"-marcanna beaga, agus móitífeanna corránchruthacha sna cúinní. A cosúlachtaí ann idir an chrois seo, a mheastar, agus iad atá le feiceáil san Bologna Lactantius, an Paris St. John agus Soiscéil Valerianus.
Ar fhóilió 94, 101 agus 107, feictear túslitreacha maisithe le poncanna beaga dearga. Is é seo i ndáiríre an chéad uair a rinneadh poncanna dá leithéid, motíf thábhachtach i lámhscríbhinní níos deireanaí de chuid ealaín na nOileán.
Ó thaobh na peannaireachta de, tá cosúlachtaí ann idir an codex agus na luath-lámhscríbhinní a scríobhadh ag mainistir Bobbio, amhail is Ambrosiana Jerome agus Ambrosiana Orosius. Meastar áfach go ndearnadh an saothar i nÉirinn, agus más fíor, is é an codex Éireannach is luaite atá ar marthain.
Rinneadh comhthiomsú den codex sa bhliain 1884 ag T. K. Abbott, a tá ainm dó,[5] .i. Chéad Leabhar Ussher, ainmnithe as James Ussher, Ardeaspag Ard Mhacha. In ainneoin an ainm, is amhrasach é an raibh Ussher féin riamh i seilbh ar an scríbhinn.
Caomhnaítear an leabhar inniu i gColáiste na Tríonóide (55) gar do Bhaile Átha Cliath,[1] le feiceáil ar líne sna Bailiúcháin Digiteacha, Leabharlann Choláiste na Tríonóide.
Féach freisin
Foinsí
- Abbott, T. K., Catalogue of the manuscripts in Trinity College, Baile Átha Cliath, 7, 1900.
- —, Evangeliorum versio antihieronymiana ex codice Usseriano, 2 iml., 1884.
- —, eag, The book of Trinity College, Dublin, 1591–1891, 1892.
- Aberg, N., The Occident and the Orient in the art of the seventh century, I; The British Isles, Stockholm, 1943.
- Alexander, J. J. G., Insular Manuscripts: 6th to the 9th Century, ui. 1, Londain, 1978.
- Gilbert, J. T., Facsimiles of National Manuscripts of Ireland, Cuid I, vi, pl. II, 1848.
- Henry, K. Irish Art in the Early Christian Period (to 800 A.D), 62, 64, 187, pl. 58, Londain, 1965
- Kenney, J. F., The Sources for Early History of Ireland, ui. 453, Nua-Eabhrac, 1929.
- Lowe, E. A., Codices Latini Antiquiores, iml. II, ui. 271,
- McGurk, P., Latin Gospel Books from A.D. 400 to A.D. 800, ui. 84, Páras, an Bhruiséil, 1961.
- Nordenfalk, C., Celtic and Anglo-Saxon painting. Book Illumination in the British Isles 600–800, 13, fig. 1, Nua-Eabhrac, 1976.
- —, 'Before the Book of Durrow', Acta Archaeologica, 18, 1947, 147 ff., fig. 5
- Palaeographical Society: Facsimiles of Manuscripts and Innscriptions, eag. E. A. Bond, E. M Thompson, G. F. Warner, 2a sraith, pl. 33, Londain, 1884–94.
- Westwood, J. O., Palaeographia sacra pictoris, ui. 19, Londain, 1843–5.
Naisc sheachtracha
- Nasc díreach chuig lámhscríbhinn dhigitithe manuscript, Leabharlann Choláiste na Tríonóide
- Earlier Latin Manuscripts, NUIG
Tagairtí
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Bruce M. Metzger, The Early Versions of the New Testament, Oxford University Press 1977, lch. 300.
- ↑ Thomas, Collen (10ú Lúnasa 2016). "The Cross in Codex Usserianus Primus". Coláiste na Tríonóide. Dáta rochtana: 7ú Iúil 2017.
- ↑ Gregory, Caspar René (1902). "Textkritik des Neuen Testaments" 2. Leipzig: Hinrichs.
- ↑ Scrivener, Frederick (1894). "A Plain Introduction to the Criticism of the New Testament" 2. Londain: George Bell & Sons.
- ↑ Abbott, T. K., Evangeliorum versio antihieronymiana ex codice Usseriano, 2 iml., 1884.