Anagaire
Anagaire | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 223 (2006) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 70 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1414058 |
Sráidbhaile is ea Anagaire (Annagry as Béarla) i gContae Dhún na nGall, Éire. Tá Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill, ach níl sé chomh láidir leis na ceantair máguaird, ar nós Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair. Bhí cónaí ar 236 duine in Anagaire sa bhliain 2016.[1]
Ainm
Tagann an t-ainm 'Anagaire' ó ‘Áth na gCoire'[2].
Stair
Ó taobh imirce, tá stair fhada ag Anagaire cosúil le an gcuid eile de Dhún na nGall. Sna 1950idí, d'fhág líon mór de mhuintir na háite an ceantar chun oibriú i dtíortha eile.
Cultúr
Teanga
Tá Anagaire suite sa réigiún Gaeltachta agus ciallaíonn seo gurb é Gaeilge teanga oifigiúil an cheantair. É sin ráite, tá an teanga ag meath ó na 1950idí mar thoradh ar imirce. In ainneoin seo, tá cólaiste gaeltachta suite sa cheantar agus bíonn cúrsaí samhraidh do mhic léinn a labhraíonn Béarla chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ar siúl . ‘Cólaiste Na Rosann’ an t-ainm atá ar an Chólaiste Gaeltachta. Tá an comharthaíocht sa cheantar ar fad i nGaeilge.
Ceol
Tá ceol traidisiúnta na hÉireann go forleathan i gceantar Anagaire, agus é le cluinstin go minic sna hóstáin agus sna tí tábhairne atá sa cheantar agus timpeall an cheantair. Tá banna ceoil áitiúla ann agus bíonn siad amuigh ag seinm ar laethanta speisialta cosúil le Lá Fhéile Pádraig agus Dhomhnach Cásca. Tagann na grúpaí cáiliúla Clannad, Altan agus an ceoltóir Enya ó thimpeall an cheantair seo.
Creideamh
Is ceantar Caitliceach den chuid is mó é Anagaire. Tá an séipéal paróiste suite i lár an cheantair agus tagann muintir ó Anagaire, Loch an Iúir agus Rann na Feirste go dtí an séipéal don aifreann.
Oideachas
Is é Scoil Naomh Dúigh an bunscoil áitiúil sa cheantar. D’oscail an scoil sa bhliain 1974 agus scoil Chaitliceach measctha í. Sa bhliain 2017/2018 bhí céad dalta ann, caoga buachaillí agus caoga cailíní. Is iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair[3] agus Pobalscoil Na Rosann[4] na meánscoileanna áitiúla don cheantar. Is meánscoil lán-Ghaeilge í Pobalscoil Ghaoth Dobhair i gceantar Gaeltachta Gaoth Dobhair Contae Dún na nGall, Éire. Is scoil mheasctha í agus tá thart ar cheithre chéad mac léinn ag freastal air. Is meánscoil lán-Bhéarla í Pobalscoil Na Rosann i gceantar An Clochán Liath, Contae Dhún na nGall, Éire. Is scoil mheasctha í agus tá thart ar cheithre chéad nócha mac léinn ag freastal air.
Spórt
Is é CLG Naomh Mhuire an fhoireann áitiúil péil ghaelach. Bíonn muintir ó Anagaire, Mullach Dubh, Cionn Caslach, Loch an Iúir agus Rann na Feirste le chéile ag imirt leis an gclub seo amháin. Bunaíodh an club i 1980 agus tá sé fós ann. Tá foireann bhuachaillí agus cailíní ag an gclub ó na haoisghrúpaí d'ocht mbliana d'aois suas go dtí na foirne sinsearacha. Tá tóir ar sacar sa cheantar chomh maith agus bíonn muintir na háite ina mbaill de foireann Keadue Rovers’. Chomh maith leis an peil gaelach agus sacar tá club lúthchleas Gael sa cheantar darbh ainm ‘Rosses Athletic Club’.
Córas Iompar
Tá Anagaire suite míle ón Aerfort Dhún na nGall agus bíonn eitiltí laethúla go dtí Baile Átha Cliath nach maireann ach daichead nóiméad agus ceathair a seachtain go dtí Glaschú nach maireann ach uair a chloig. Bhuaigh an t-aerfort duais don rúidbhealach is fearr ar son na radharcanna aláinn atá le feiceáil ann nuair atá tú ag eitilt. Tá seirbhísí bus ar siúl sa cheantar freisin. Bíonn seirbhísí ó Anagaire go dtí Sligeach agus Gaillimh ar siúl ag Bus Feda agus seirbhísí go dtí Baile Átha Cliath agus Glaschú ag John Mc Gingley.
Tionscal
Is comhlacht Gaeltachta é Tionscail GPE Teoranta, Ionnaithe in Anagaire i nGaeltacht Dhún na nGall, le formhór na bhfostaithe ón cheantar mór-thimpeall. Mornacha gloine shnáithíneach atá le linn an comhlacht seo i Anagaire.
Áiseanna
Is baile beag é Anagaire ach é sin ráite tá a neart áiseanna le fáil ann. Tá dhá Ostan ann ‘Cáislean Óir’ agus ‘Danny Minnies’ atá suite croílár Ghaeltacht Dhún na nGall ar Slí an Atlantaigh Fhiáin.Tá fiche seomraí mór i gCaislean Óir agus freastal ar gach bia le roghchlár leathan bia agus dí. Bíonn ceol traidisiúnta ar siúl gach Satharn chomh maith leis a lán ceoltóirí áitiúla. Bíonn a lán imeachtaí ar siúl i gCáislean Óir mar shampla bainise agus cóisir. Tá dhá teach tábhairne sa bhaile beag ‘Sharkey’s’ agus ‘Duffy’s’ agus tá siad ar siúl ag teaghlach. Tá bialann sínis ,café, cogaslann, cúpla siopa gruagaire agus ollmharagadh darbh ainm ‘The Cope’ ann. Is ea ‘The Cope’ nó Comharchumann Talmhaíochta agus Sóisialta Theampall Cróine’ slabhra comhoibriú miondíola suite i ‘The Rosses’ i Dhún na nGall. Bunaíodh sé i 1906, agus tá roinnt ollmhargaí ag an comhlacht seo sa cheantar agus timpeall ón cheantair.
Turasóireacht
Is é an trá i Charraig Fhinne an rud is mó san ait a meallann turasóirí. Is trá ghainmheach é trá Charraig Fhinn le córas maith dune. Tá bhratach gorm ag an trá agus bíonn gardaí tarrthála ag obair fríd an samhradh ó mí Bealtaine go Méan Fomhair. Is minic a bíonn tonnta mór ann agus téann daoine ag surfáil agus ag canúáil ar an trá. Sráidbhaile beag gleoite atá Anagaire, go háirithe mar gheall ar an trá. Tá ‘An Earagail’ an sliabh is mó i Dhún na nGall agus tá sé suite in aice leis Angaire. Tagann a lán turasóirí go Anagaire chun An Earagail agus na tránna a fheiceáil.
Tagairtí
- ↑ "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonraó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, BliainDaonáirimh agus Staitistic - StatBank - sonraí agus staitisticí". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ "Anagaire/Annagary" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2018-12-04T19:14:55Z.
- ↑ "Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Donegal on SchoolDays.ie". www.schooldays.ie. Dáta rochtana: 2018-12-04T19:17:52Z.
- ↑ "Rosses Community School > Home". www.rossescommunityschool.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-31. Dáta rochtana: 2018-12-04T19:18:48Z.