Tionól Thuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tionól Thuaisceart Éireann

Is é Tionól Thuaisceart Éireanntionól a cuireadh ar bhun de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Is é roinnt cumhacht idir náisiúnaithe agus aontachtaithe bonn an tionól. Chuireadh ar cheall é a lán uaireanta ina stair de réir easaontais idir na pairtí aontachtaithe agus náisiúnaithe. Tá sé ar cheall anois agus tá Tuaisceart Éireann á rialladh díreach ón mBreatain.

De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is gá don dá phobal cumhacht a roinnt eatarthu - .i. is gá Céad-Aire a bheith ón bpairtí is mó agus an LeasChéad-Aire a bheith ón pairtí is mó ón bpobal eile. Freisin, ní féidir le haon vóta a theacht isteach mura vótáil an dá pobal dó. Ní foláir dona airí a bheith roinnte idir an dá pobal freisin.

Beachtaíochtaí an Tionól[athraigh | edit source]

Ón tús, bhí an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) ag cáineadh an tionól agus d'iarr siad ar a lucht leanúna votáil 'ní' sa reifreann chun é a chur ar bhun. Dúirt siad nach cheart a thabairt cumhacht do Shinn Féin, a bheith scheimlitheoirí ina shúile. Ba é Martin McGuinness an chéad Aire Oideachais agus rinne a lán duine magaidh faoi go mbeadh sé ag cleachtadh conas gunnaí a lámhadh.

Chomh maith le sin, dúirt a lán daoine gur ceap magaidh é toisc go raibh sé ar cheall chomh coitianta agus nach mbeadh na pobail in ann comhaontú a obriú gan troideadh arís.

Bhí sé ar na comhaltaí iad féin a ainmniú mar 'náisiúnaithe', 'aontachtaí' nó 'eile' chun ábhair vóta. Deirtear ag Páirtí na Comhghuaillíochta nach ndéanann é sin ach na deighiltí aicmeacha a threisiú.

I vótáil tar éis Seamas Mallen a éirí as mar Leas-Chéadaire, bhí dóthain comhaltaí frith-chomhaontú chún vótáil i gcoinne Mark Durkan a bheith mar LeasChéad-Aire. Mar sin, d'athainmnigh daoine ón bPáirtí Chomhaontais mar aontachtaithe chun an vóta a chaitheamh. Cháin an DUP an Tionól go géar tar éis an eachtra sin.

Ranna[athraigh | edit source]