Glór Traidisiúnta Aontachtach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGlór Traidisiúnta Aontachtach
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrTUV Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaAontachtóirí na hÉireann
coimeádachas náisiúnta
Eoraisceipteach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite dheis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh7 Nollaig 2007
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáintuv.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Is páirtí polaitíochta aontachtach é an Glór Traidisiúnta Aontachtach (Béarla: Traditional Unionist VoiceTUV) i dTuaisceart Éireann. Bunaíodh an páirtí ar an 7 Nollaig 2007, nuair a chuaigh scoilt ar an DUP.[1] Ón lá ar tháinig an páirtí ar an bhfód, tá sé á stiúradh ag Jim Allister, a bhí ina theachta Neamhspleách i bParlaimint na hEorpa go dtí an bhliain 2009, nó vótáladh isteach ansin é thar cionn an DUP. Chaill sé an suíochán sin, áfach, nuair a bhí sé ina iarrthóir ag an TUV féin.

Is iad na príomhphrionsabail a gcloíonn an TUV leo ná:

  • Aontacht Thuaisceart Éireann agus na Ríochta Aontaithe a choinneáil i bhfeidhm
  • déabhlóid gan chomhrialtas éigeantach
  • forlámhas an dlí ar fud Thuaisceart Éireann
  • coimeádachas sóisialta

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

TUV agus an Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seasamh láidir ag an bpáirtí i gcoinne na Gaeilge, agus tá cur síos déanta acu uirthi mar 'theanga leipreachán'[2], seasamh a cáineadh go minic.

Ag Éileamh Saoirse do Torrens Knight[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí na Nollag 2009 bhí Trevor Collins, ball de chuid an pháirtí, ag déanamh promóisin d'achainí a bhí ag éileamh go scaoilfí saor le Torrens Knight. Sceimhlitheoir de chuid Troidaithe Saoirse Uladh (UFF) ab ea Knight a raibh téarma príosúin curtha isteach aige toisc gur ghlac sé páirt in Ár Ghlas-stéille agus i nDúnmharuithe Charraig Ceasail. Tugadh cead a chos do Knight de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. ach ina dhiaidh sin príosúnaíodh in athuair é nuair a d'ionsaigh sé beirt bhan i mbeár.

Ainghníomhartha Collaí in aghaidh Páistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Samhain 2012 ciontaiodh David Tweed, Comhairleoir de chuid an TUV sa Bhaile Meánach, i dtrí choir chollaí déag ar fad a rinne sé ar chailíní óga.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]