An Páirtí Aontachtach Forásach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Páirtí Aontachtach Forásach
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaAontachtóirí na hÉireann
sóisialachas daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaEite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Scartha óVolunteer Political Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Téann in áitIndependent Unionist Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1979
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Stiúrthóir/bainisteoirBilly Hutchinson Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpupni.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is páirtí polaitiúil beag i dTuaisceart Éireann é an Páirtí Aontachtach Forásach (Béarla: Progressive Unionist PartyPUP). Is as an nGrúpa Aontachtach Neamhspleách (Béarla: Independent Unionist Group) a bhí ag feidhmiú i gceantar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste a tháinig an páirtí. Tá nasc ag an bpáirtí le Óglaigh Uladh agus le Comanlach na Láimhe Deirge. Ba é an t-aon pháirtí aontachtach ar an eite chlé ar feadh tamaill agus is iad na ceantracha dílseacha i mBéal Feirste is mó a thacaíonn leis an bpáirtí.

Ceannairí an pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceannaire Ó Go
1 Hugh Smyth 1979 2002
2 David Ervine 2002 2007
3 Dawn Purvis 2007 2010
4 Brian Ervine 2010 2011
5 Billy Hutchinson 2011 2023
6 Russell Watton 2023 -

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh ionadaithe ón bpáirtí ó am go ham.

Ceapadh ceannaire an pháirtí, Hugh Smyth, mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste sa bhliain 1994.

Toghadh beirt (Hugh Smyth agus David Ervine) d'Fhóram Thuaisceart Éireann sa bhliain 1996.

Thacaigh an páirtí le Comhaontú Aoine an Chéasta agus toghadh Billy Hutchinson agus David Ervine i dtoghchán do Thionól Thuaisceart Éireann sa bhliain 1998. Cailleadh suíochán Hutchinson sa chéad toghchán eile (2003). Fuair David Ervine bás go luath sa bhliain 2007 ach choimeád an páirtí an suíochán i dtoghchán 2007. Níor toghadh éinne ón bpáirtí i dtoghchán 2011.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]