Gleann an Lagáin (Toghcheantar Tionóil)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gleann an Lagáin (Toghcheantar Tionóil)

Is toghcheantar tionóil é Gleann an Lagáin ar Thionól Thuaisceart Éireann (Béarla: Lagan Valley).

D'úsáideadh an suíochán den chéad uair i dtoghchán do Thuaisceart Éireann amháin, d’Fhóram Thuaisceart Éireann i 1996. Ó 1998, tá baill tofa aige don Tionól reatha.

2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtoghchán an Tionóil ar an 5 Bealtaine 2022, bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, ar cheann an chomhairimh i nGleann an Lagáin. Ansin d’fhógair Donaldson go bhfanfadh sé ina fheisire Parlaiminte Westminister mar chuid dá fheachtas in éadan an phrótacail iarBhreatimeachta agus d’ainmnigh sé Little Pengelly mar theachta Tionóil ina ionad. Bhí an beart dleathach ach baineadh siar as daoine gur tharla sé chomh luath sin tar éis lá na vótála; an chéad uair a ndearnadh é mar gur roghnaigh an té a toghadh gan freastal ar Stormont. Comhthoghtar ionadaithe chun fothoghcháin a sheachaint. Ba é seo an dara huair a comhthoghadh Emma Little Pengelly mar theachta.[1]

Baill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ball Páirtí
Robbie Butler PAU
Sorcha Eastwood PCTÉ
Paul Givan PAD
Emma Little-Pengelly PAD
David Honeyford PCTÉ

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Póilín Ní Chiaráin (18 Bealtaine 2022). "Caithfear a chinntiú gur ar mhaithe leis an bpobal seachas na páirtithe an comhthoghadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-03.