Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre
SDLPlogo.png
Ceannasaíocht Margaret Ritchie
Bunaithe 1970
Ceanncheathrú 121 Bóthar Ormeau, Béal Feirste
Idé-eolaíocht Daonlathas sóisialta, Náisiúnachas Éireannach
Cleamhnas Idirnáisiúntán Sóisialach
Dathanna Glas, Dearg, Buí
Gréasáin www.sdlp.ie

Páirtí Náisiúnaíoch i dTuaisceart Éireann is ea é Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO; as Béarla, Social Democratic and Labour Party, SDLP). Páirtí daonlathach sóisialach is ea é atá ina chomhalta den Idirnáisiúntán Sóisialach. Tá Margaret Ritchie ina ceannaire ar an bpairtí anois. Shiolraigh an pairtí ó Pháirtí Poblachtach an Lucht Oibre, na Daonlathaigh Náisiúnaíocha, agus Pháirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann sna 1970í. Is é Ógra PSDLO an eagraíocht don aos óg.

Tá triúr Feisirí ag an bpáirtí i dTeach na dTeachtaí, agus tá seisear Comhaltaí Tionóil déag acu i dTionól Thuaisceart Éireann.

Is iad an ceathrú páirtí is mó sa Tuaisceart faoi láthair. Bunaíodh an páirtí sna seachtóidí, agus b'iad an páirtí náisiúnaíoch ba mhó sa stáitín roimh olltoghchán Westminster sa bhliain 2003. B'iad ba mhó a bhí ag caint thar cionn an phobail Náisiúnaígh faoin am ar tháinig Comhaontú Bhéal Feirste chun saoil, agus is iadsan an t-aon pháirtí amháin den cheithre cinn is mó nach raibh baint ar bith acu riamh leis na paraimíleataigh.

Ceannairí [athraigh]


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.