Rem Koolhaas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rem Koolhaas

Is ailtire as an Ísiltír é Rem Koolhaas (IPA : ˈrɛm ˈkɔːlhɑːs, ainm iomlán: Remment Lucas Koolhaas, Rotterdam, 17 Deireadh Fómhair 1944).

Beatha[athraigh | edit source]

Bhí a sheanathair ina ailtire agus bhí a athair ina scríbhneoir.[1] Nuair a bhí sé ocht mbliana d'aois, fuair a athair cuireadh clár cultúrtha a eagrú san Indinéis, mar gur ghníomhaí ar son shaoirse na tíre sin é. Chaith an teaghlach trí bliana in Iacárta agus chuaigh an turas sin i gcion go mór ar Rem óg.[2] Ar ais san Ísiltír, bhí sé ina iriseoir leis an nuachtán De Haagse Post,[3], agus scríobh sé scripteanna scannáin chomh maith.

Ailtireacht[athraigh | edit source]

D'fhreastail Koolhaas ar scoil ailtireachta Architectural Association School of Architecture[4] sa bhliain 1968, nuair a bhí sé 24 bliain d'aois, agus ansin ar Ollscoil Cornell,[5] in Ithaca, New York i 1972, áit a raibh sé faoi stiúradh Mathias Ungers. Ina theannta sin, chaith sé tamall ina mhac léinn san Institute for Architecture and Urban Studies[6] i Nua-Eabhrac freisin. Bhunaigh Koolhaas OMA (Office for Metropolitan Architecture) in éineacht le hElia Zenghelis, Zoe Zenghelis agus a bhean Madelon Vriesendorp.[7] Sa bhliain 1978 scríobh sé an leabhar Delirious New York[8] inar leag sé amach a idé-eolaíocht i dtaobh na hailtireachta. D'fhoilsigh sé S,M,L,XL i 1995 i gcomhpháirt le Bruce Mau, Jennifer Sigler agus Hans Werlemann. Leabhar thar a bheith fada atá ann (1376 leathanach) i stíl nua-aoiseach, a d'athraigh foilsiú i réimse na hailtireachta go mór.

Foirgnimh agus Tionscadail[athraigh | edit source]

Duaiseanna[athraigh | edit source]

  • Pritzker Prize (2000)[17]
  • Chevalier de Légion d'honneur (2001)[18]
  • Praemium Imperiale (2003)[19]
  • Royal Gold Medal (2004)
  • Doctor honoris causa san Katholieke Universiteit Leuven (2007)[20]
  • Leone d’Oro della Biennale di Architettura di Venezia (2010)[21]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Historici
  2. New Statesman
  3. HP
  4. AASA
  5. Cornell
  6. Institute for Architecture and Urban Studies
  7. OMA
  8. New Statesman
  9. What we do is secret
  10. Stories of houses
  11. CNNGO
  12. Snumoa
  13. Milsteinhall
  14. Deezen
  15. Bryghusprojektet
  16. Torre Bicentenario
  17. Pritzker Prize
  18. Légion d'honneur
  19. Praemium Imperiale
  20. Katholieke Universiteit Leuven
  21. La Biennale