Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó IPA)
WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaAibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta
Cineálaibítir na foghraíochta
CruthaitheoirAlexander John Ellis (en) Aistrigh, Henry Sweet (en) Aistrigh agus Daniel Jones
CruthúLúnasa 1888
Bunaithe arRomic alphabet (en) Aistrigh, aibítir Laidineach agus an aibítir Ghréagach
AimsitheoirOtto Jespersen ()
Stairstair na hAibítre Idirnáisiúnta Foghraíochta
Suíomh gréasáinSuíomh gréasáin oifigiúil

Is éard atá san Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta (AIF) (Béarla: International Phonetic Alphabet, nó IPA) ná córas scríofa atá coitianta sa teangeolaíocht. Cé go bhfuil ceangal soiléir leis an aibítir Rómhánach, is rud eile ar fad é. Chruthaigh an Cumann Idirnáisiúnta Foghraíochta an córas sa 19ú haois. Úsáideann teangeolaithe, múinteoirí teangacha, foclóirí, agus teiripeoirí urlabhra ar fud an domhain an córas seo.

Taispeánann an aibítir an teanga labhartha agus conas a fhuaimníonn sé. Tá siombail amháin ag baint le gach fuaim. Is féidir é a úsáid do gach teanga ar domhan. Mar sin, má bhfuil an aibítir ar eolas agat, is féidir leat aon teanga a fhuaimniú.

Consain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Consain Scamhógacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad consain scamhógacha an saghas consain is coitianta. Is iad an saghas atá ag an nGaeilge agus ag an mBéarla. Déantar iad trí bhac a chur ar an nglotas nó ar an mbéalchuas agus aer a scaoileadh ó na scamhóga.

Seo tábla na gconsan. Taispeántar an modh ina dhéantar an fhuaim sna rónna. Tá an áit a dhéantar an fhuaim sna colúin.

Aibítear Idirnáisiúnta Foghraíochta
Áit→

↓Modh

Déliopach Liopadhéadach Déadach Ailbheolach Iar-ailbheolach Aisfhillte Carballach Coguasach Úbhalach Faraingeach Glotasach
Srónach m ɱ n ɳ ɲ ŋ ɴ
Pléascach p b t d ʈ ɖ c ɟ k ɡ q ɢ ʔ
Aifricéad ts dz ʈʂ ɖʐ ɟʝ
Cuimilteach ɸ β f v θ ð s z ʃ ʒ ʂ ʐ ç ʝ x ɣ χ ʁ ħ ʕ h ɦ
Neasach ʋ ɹ ɻ j ɰ
Cnagchonsan ɾ ɽ
Tronnchrith ʙ r ʀ
Cuimilteach taobhach ɬ ɮ
Neasach taobhach l ɭ ʎ ʟ

Nóta: Nuair a bhíonn péire siombail ann, bíonn an ceann ar chlé neamhghlórach agus an ceann ar dheis glórach. Ní féidir linn fuaim a dhéanamh sna spásanna liath.

  • Srónach: Tagann an t-aer amach trí chuas na sróine nuair a íslíonn muid an t-úbhal.
  • Pléascach: Cruthaíonn muid bac iomlán ar an t-aer agus ansin scaoileann muid é.
  • Aifricéad: Nuair a déanann muid dhá fhuaim ag an am céanna. De ghnáth, is consan pléascach ar dtús agus consan cuimilteach ina dhiaidh atá i gceist.
  • Cuimilteach: Consan a dhéantar trí chúngú caol a chruthú leis an teanga nó na liopaí agus ina dhiaidh, aer bhogadh tríd. Tá frithchuimilt ag an aer ann.
  • Neasach: Tagann na liopaí nó an teanga gar don áit a fhuaimnítear an fhuaim, ach gan frithchuimilt ag an aer.
  • Cnagchonsan: Déanann muid matán a chrapadh agus caitheann muid an liopa nó an teanga in aghaidh páirt eile den bhéal.
  • Tronnchrith: Cosúil leis an gcnagchonsan, ach déantar frithchuimilt aeir agus critheann an liopa nó an teanga.
  • Consan taobhach: Déanann an teanga aer a bhlocáil i lár an bhéalchuais agus tagann an t-aer amach sna taobhanna.

Gutaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gutaí
Tosaigh Leaththosaigh Lárnach Leathchúil Cúil
Dúnta


i • y
ɨ • ʉ
ɯ • u
e̞ • ø̞


ɪ • ʏ
• ʊ


e • ø
ɘ • ɵ
ɤ • o
ɪ̈ • ʊ̈


ə
ɤ̞ • o̞


ɛ • œ
ɜ • ɞ
ʌ • ɔ


æ •
ɐ


ä • ɒ̈


a • ɶ
ɑ • ɒ

Gardhúnta
Laethdhúnta
Leathard
Leathoscailte
Garoscailte
Oscailte
Nuair a thaispeántar dhá shiomabail in aice le chéile,
déantar an ceann ar chlé le liopaí rabhnáilte agus an ceann ar dheis neamhrabhnáilte.

Déantar guta leis an teanga a chur in áit sa bhéalchuas agus aer a scaoileadh amach go leanúnach. Féach ar tábla na ngutaí ar dheis:

Tá trí shaintréith ag baint le gach guta:

  • Airde (an bhfuil sé oscailte nó dúnta)
  • Cúile guta (an bhfuil sé chun tosaigh nó ar chúl an bhéil)
  • Liopaí rabhnáilte nó neamhrabhnáilte

Défhoghair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é défhogar an t-ainm atá ar dhá ghuta a deirtear le chéile. Tá ceithre dhéfhogar ag an nGaeilge /əu̯ uə̯ əi̯ iə̯/.

  • /əu̯/: labhair [l̪ˠəu̯ɾʲ]
  • /uə̯/: thuas [huə̯sˠ]
  • /əi̯/: saghas [sˠəi̯sˠ]
  • /iə̯/: ciall [ciə̯l̪ˠ]
Áit na teanga nuair a deir muid na gutaí /i e ɛ a/. Taispeánann sé an pointe is airde. Is é an pointe is airde a shocraíonn airde agus cúile an ghuta.
Cairt a mhíníonn an Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta

Diaicriticí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear na diaicriticí chun fuaim a athrú. Is féidir iad a chur os coinn, thíos, roimh, nó i ndiaidh litir, ag breathnú ar an gcineál. Seo roinnt diaicriticí le samplaí:

Diaicritic Saghas Sampla
◌̩ l̩ n̩ Siollach Béarla: bottle [bɔtl̩], film [fɪlm̩]
◌̯ ɪ̯ ʊ̯ Neamhshiollach Béarla: out [aʊ̯t]

Gaeilge: saghas [sˠəi̯sˠ]

◌ʰ Análú Béarla: time [tʰaɪ̯m]

Gaeilge: cainéal [ˈkʰa.nʲeːl̪ˠ]

◌̚ Gan scaoileadh inchloiste Béarla: doctor [dɒk̚təɹ]
◌̥ n̥ d̥ Neamhghlórach Breatnais: fy nhad [və n̥aːd]
◌̪ t̪ d̪ Déadach Gaeilge: déan [d̪ʲeːn̪ˠ]

Spáinnis: tiempo [ˈt̪jem.po]

◌̺ t̺ d̺ Déanta le barr na teanga Bascais: euskara [e̞u̯s̺ˈka.ɾa]
◌̻ t̻ d̻ Déanta le bos na teanga Bascais: zeru [s̻e̞.ɾu]
◌̈ ë Láraithe Catalóinis: sac [

Gearmáinis: Katze [ˈkʰät͡sə]

◌̞ e̞ β̞ Íslithe Catalóinis: abans

Spáinnis: cada [ˈkä.ð̞ä]

◌̴
◌ˠ
ɫ

tˠ dˠ

Úbhalacháilte Béarla: full [fʊɫ]

Gaeilge: [bˠoː]

◌ʲ tʲ dʲ Carballacháilte Gaeilge: beo [bʲoː]
◌ˤ tˤ aˤ Faraingáilte Araibis: طَاء [tˤaːʔ]
◌̃ Srónaíl Fraincis: pain [pɛ̃]

Spáinnis: banco [ˈbã̈n.ko̞]

◌˞ ɚ a˞ Rótacht Béarla (Éire/SAM): nurse [nɝs]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]