Prótacail Sheanóirí Shión

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Velikoe v malom - Serge Nilus - 1905 (facsamhail)

Is éard atá i gceist le Prótacail Sheanóirí Shión (Prótacail Shinsir Shión scaití ) ná paimfléad frith-Ghiúdach a thugann cur síos ar an "gcomhcheilg dhomhanda Ghiúdach". Tá na Prótacail bunaithe ar mhiotais fhrith-Ghiúdacha a bhí ann roimh ré, ach thairis sin tarraingíonn siad ar fhoinsí liteartha éagsúla: Dialogue aux enfers entre Machiavel et Montesquieu ("Agallamh Beirte Machiavelli agus Montesquieu in Ifreann") le Maurice Joly, Les Mystères du Peuple ("Mistéirí an Náisiúin") agus Le Juif errant ("An Giúdach Fáin") le hEugène Sue agus Biarritz le Hermann Goedsche. San úrscéal le Goedsche a tháinig na "seanóirí Giúdacha" le chéile leis an gcomhcheilg a chur ar bun, agus is as sin a fuarthas an bunsmaoineamh. Úrscéalta lónléitheoireachta a bhí i gceist le saothair an Fhrancaigh Sue agus an Ghearmánaigh Goedsche, agus ba aoir é saothar Joly nach raibh dírithe ar na Giúdaigh ar aon nós. Foilsíodh úrscéal Goedsche sa bhliain 1868, agus is ina dhiaidh sin a cuireadh na leaganacha éagsúla de na Prótacail i gcló.

Ní fios cé a chum an chéad leagan de na Prótacail, nó bhí leaganacha éagsúla á bhfoilsiú i ndeireadh na naoú haoise déag, ach tháinig an leagan is coitianta ó pheann Sergey Nilus sa bhliain 1905. Misteach reiligiúnach agus fear mór frith-Ghiúdachais a bhí ann agus é ag obair do sheirbhís rúnda Impireacht na Rúise. Foilsíodh na Prótacail mar aguisín don leabhar Velikoye v malom i Antikhrist kak blizkaya politicheskaya vozmozhnost´ ("An Mórán sa Bheagán agus Ainchríost mar fhéidearthacht chóngarach pholaitiúil") le Nilus.

An Cúlra Stairiúil[athraigh | edit source]

Frith-Ghiúdachas na luath-Chríostaíochta[athraigh | edit source]

Téann na miotais fhrith-Ghiúdacha siar go stair na luath-Chríostaíochta, nuair a bhí na Críostaithe agus na Giúdaigh ag iompairc faoi anamacha na ndaoine céanna - bhí cuid mhaith daoine idir eatarthu faoin dá chreideamh, agus mar sin, chum na scríbhneoirí Críostaí a lán tréadlitreach agus scríbhinní rabhaidh do na fíréin faoi chomh dainséarach is a bhí an Giúdachas. Cuid den díonchruthú agus den teagasc Chríostaí a bhí san fhrith-Ghiúdachas san am sin, go bunúsach. Rachadh sé rite le haithreacha na hEaglaise féin a mhíniú do na caiticiúmanaigh cén fáth a raibh sé chomh tábhachtach gan an iomarca mórtachais a dhéanamh leis na Giúdaigh, ó nach raibh na daoine simplí in ann duibheagáin na diagachta a thuiscint, agus mar sin fuair na teagascóirí riachtanach dul i dtuilleamaí na garbh-bholscaireachta agus na Giúdaigh a dhamnú mar chomhghuaillithe de chuid Ainchríost.

Na Crosáidí[athraigh | edit source]

D'athbheoigh an Eaglais na miotais seo i dtréimhse na gCrosáidí. Chuir bolscairí na linne tuilleadh leis na seanmhiotais, fiú, nó ba sa 12ú haois a cuireadh i leith na nGiúdach an chéad uair go raibh siad ag marú páistí Críostaí ina gcuid searmanas nó ag nimhiú na dtoibreacha. Dúradh gurbh é an Diabhal a bhí ina Dhia acu agus go raibh an Diabhal in ann cumhachtaí neamhshaolta draíochta a bhronnadh orthu. Maidir leis an gcomhcheilg dhomhanda, bhí saol réasúnta sábháilte ag na Giúdaigh sa Spáinn Mhoslamach san am seo, agus chreid a lán go raibh comhairle rúnda raibithe ag obair sa tír sin le cogadh draíochta a chur ar na Críostaithe.

Bhí cuid mhór Easpag ag iarraidh an tseafóid seo a chosc agus a chur faoi chois, ach má bhí féin, ba mhinic a bhí na gnáthshagairt breá sásta smaointí den chineál seo a chraobhscaoileadh, agus sa deireadh, chuaigh siad i bhfairsinge i measc na bhfíréan. Bhí sé de chlaonadh sna Giúdaigh gan an iomarca caidrimh a bheith acu le lucht na gcreideamh eile, nó chaithfeadh an Giúdach dílis aird a thabhairt ar na geasa éagsúla a bhaineann lena chreideamh féin (na rialacha i leith an chineál bia is féidir leis a ithe, mar shampla). Mar sin, ní raibh mórán eolais ag na Críostaithe ar shaol na nGiúdach pé scéal é, ná aithne acu ar Ghiúdaigh indibhidiúla. Bhí siad ábalta a rogha rud a chreidiúint faoi chine chomh seachantach sin, rud a thug spreagadh do chailleacha an uafáis. Nuair a thosaigh na Críostaithe ag ionsaí agus ag géarleanúint na nGiúdach, ní raibh siad siúd in ann a dhath eile a dhéanamh ach éirí ní ba seachantaí sin, agus bhain na Críostaithe a gcuid conclúidí as sin. Fáinne fí a bhí ann.

An Frith-Ghiúdachas Nua-Aimseartha[athraigh | edit source]

Tá miotas na comhcheilge Giúdaí bunaithe ar an traidisiún a múnlaíodh ar an dóigh seo thuas. Is éard is croí don mhiotas ná go bhfuil rialtas rúnda domhanda ag na Giúdaigh agus é ag stiúradh chinniúint an domhain trí ghréasán iomlán d'eagraíochtaí soip a bhfuil clár oibre faoi cheilt acu - idir bhainc, pháirtithe polaitiúla agus eile. Sa mhiotas seo, tagann na seanscéalta uafáis agus an míshuaimhneas nua-aimseartha le chéile in aon mheascán amháin.

Chuir na hathruithe móra sóisialta agus polaitiúla i ndiaidh agus de thoradh Réabhlóid na Fraince imní ar a lán daoine: chaill na huaisle a bpribhléidí oidhreachtúla, agus cuireadh amhras sa chreideamh Chríostaí féin. Chuir forbairt na tionsclaíochta tús le hidé-eolaíochtaí nua, cosúil leis an liobrálachas agus - ní ba déanaí - leis an Sóisialachas, rud eile a chothaigh an míshuaimhneas i measc na ndaoine coimeádacha. Fuair cuid mhór acu deacair a chreidiúint go bhféadfadh athrú chomh cuimsitheach teacht ar an tsochaí gan aon duine nó dream a bheith ag iarraidh é a tharraingt anuas ar na daoine go toilghnústa. Mar sin, bhí claonadh iontu géilleadh do mhiotas na comhcheilge Giúdaí.

Ghlac na Giúdaigh féin buntáiste áirithe ar na hathruithe móra seo. Theastaigh ó réabhlóidithe na Fraince gach sórt pribhléidí a chur ar ceal, ionas nach mbeadh ach saoránaigh - citoyens - d'aon chineál amháin ann, agus na cearta céanna ag cách. Mar sheachthoradh, baineadh na srianta dlí de na Giúdaigh agus dá saoirse chomh maith, agus d'fhéach siad féin le slabhraí an gheiteo a chaitheamh uathu agus a mhór a dhéanamh den tsaol nua a chonaic siad á oscailt rompu amach.

D'éirigh go maith le cuid acu, agus ba dá thoradh sin a tháinig na teaghlaigh shaibhre chlúiteacha ar an bhfód - na baincéirí agus na caipitlithe Giúdacha, ar nós mhuintir Rothschild. An chuid eile de na Giúdaigh, cé nach raibh siad chomh saibhir, bhí cónaí ar an gcuid ba mhó acu sna cathracha, seachas faoin tuath - bhí na geiteonna féin suite taobh istigh de na cathracha. Nuair a thosaigh muintir na tuaithe ag tonnadh isteach ar lorg oibre, fuair siad na Giúdaigh rompu ansin, agus bhí an mhuintir isteach in éad leis na Giúdaigh go raibh siad siúd ní b'fhearr i dtaithí an tsaoil chathartha. An chuid ba mhó de na Giúdaigh, thaobhaigh siad leis na fórsaí liobrálacha sa pholaitíocht, rud nár thaitin le cuid mhór de na fíréin Chríostaí, ó nach raibh siad sásta le dearcadh sceiptiúil na liobrálach i leith an chreidimh.

Tríd is tríd, d'fhoghlaim na daoine an Giúdach a shamhlú leis an saol nua-aimseartha. Dar lena lán, ba é an Giúdach ionchollú na nua-aimsearthachta agus ba é an Giúdach an cineál duine ba mhó a ghnóthaigh ar an nua-aimsearthacht. Iad siúd a bhí thíos leis an saol nua-aimseartha, cosúil leis na tiarnaí talún faoin tuath, ba dual dóibh col a ghlacadh leis na Giúdaigh. Maidir leis na coimeádaigh reiligiúnacha, bhí cuid mhaith acu sásta faomhadh agus tacaíocht a thabhairt, fiú, don fhrith-Ghiúdachas den tseanchineál - an cineál a rinne diabhail agus deamhain de na Giúdaigh.

Bhí frith-Ghiúdachas le haithint i measc na Sóisialaithe freisin. Ba é saibhreas na mbaincéirí Giúdacha ba chúis leis, ar ndóigh. Thairis sin, bhí an eite chlé ag lochtú an chreidimh Chríostaí, agus ba chuid den chritic seo go raibh siad ag milleánú an Ghiúdachais faoin gCríostaíocht. Fuair an eite chlé réitithe den chineál seo frith-Ghiúdachais timpeall ar chasadh an chéid, nuair a bhí cás Alfred Dreyfus i mbéal an phobail.

Forbairt na bPrótacal[athraigh | edit source]

Abbé Barruel agus an Chomhcheilg Mháisiúnach[athraigh | edit source]

Tá dlúthghaol ag miotas na comhcheilge Giúdaí le miotas na comhcheilge Máisiúnaí. Ba é an t-Abbé Augustin Barruel, Íosánach Francach, a chuir tús leis an miotas seo leis an mórshaothar a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1797, Mémoires pour servir à l'histoire du jacobinisme ("Cuimhní cinn a léiríonn stair an tSeacaibíneachais" - réabhlóidithe radacacha Francacha a bhí sna Seacaibínigh). Leabhar - nó sraith cúig imleabhar - atá ann atá dírithe ar chlú na réabhlóidithe Francacha a chur ó mhaith, agus is é an bunsmaoineamh atá ann go raibh comhcheilg taobh amuigh de réabhlóid na Fraince, comhcheilg a bhí ag iarraidh cinniúint an chine dhaonna a stiúradh ón Meánaois i leith. Níorbh iad na Giúdaigh an chomhcheilg seo, dar le Barruel, ach na Teamplóirí, Illuminati na Baváire agus na Máisiúin. Déanta na fírinne, b'ionann an trí rud mar a thuig Barruel an scéal, nó shíl sé gur insíothlaigh na Teamplóirí na hIlluminati ar dtús, agus gur insíothlaigh na hIlluminati na Teamplóirí ina dhiaidh sin. Is ar éigean a luaigh Barruel na Giúdaigh ina leabhar, áfach, nó ní raibh mórán páirte ag aon Ghiúdach in imeachtaí na réabhlóide.

Chuaigh saothar Barruel ar fud na hEorpa in aistriúcháin éagsúla, agus d'fhág an leabhar mór-ratha a scríbhneoir ina thoicí. Sa bhliain 1806, fuair Barruel litir aisteach ó fhear darbh ainm Simonini - dealraíonn sé gur ainm bréige a bhí ann - a thréaslaigh Barruel leis an obair mhaith a bhí déanta aige ag tarraingt shúil na ndaoine ar an gcomhcheilg Mháisiúnach. San am chéanna, áfach, mhínigh Simonini do Barruel go raibh dearmad déanta aige den chuid ba tábhachtaí den scéal: gurbh iad na Giúdaigh a bhunaigh an chomhcheilg agus gurbh iad na Giúdaigh a bhí ag iarraidh teacht i gcumhacht ar fud an domhain. Chuaigh an litir seo go mór i gcion ar Barruel, agus tá an chuma ar an scéal gur thosaigh sé ag déanamh a mharana ar an bhféidearthacht go mbeadh comhcheilg Ghiúdach taobh thiar den chomhcheilg Mháisiúnach a bhí ag déanamh scime dó. Scríobh sé lámhscríbhinn leabhair inar cheangail sé dá chéile an dá dhream sin, na Giúdaigh agus na Máisiúnaigh, ach ansin, chuir sé an lámhscríbhinn trí thine cúpla lá sula bhfuair sé bás.

B'fhíor do Barruel gur minic a bhí na Máisiúin ag craobhscaoileadh na smaointí liobrálacha nó fiú réabhlóideacha a chuir tús le Ré na hEagnaíochta agus a thug spreagadh do Réabhlóid na Fraince féin. Scéal eile áfach go raibh na Máisiúin sách naimhdeach i leith na nGiúdach ar feadh i bhfad.

Benjamin Disraeli agus Coningsby[athraigh | edit source]

Ní raibh mórán tionchair ag na miotais chomhcheilge sa chéad leath den naoú haois déag. Le fírinne, ní raibh ann dar lena lán ach scéal magaidh. Ar a laghad, is mar scéal magaidh a luaitear an "chomhcheilg Ghiúdach" an chéad uair riamh sa litríocht. Sa bhliain 1844, d'fhoilsigh Benjamin Disraeli - scríbhneoir Sasanach de phór Ghiúdach a bhí ina Phríomh-Aire ar an mBreatain Mhór ní ba deireanaí sa saol - d'fhoilsigh sé an t-úrscéal Coningsby. San úrscéal seo, insíonn duine de na príomhcharachtair, Giúdach saibhir darb ainm Sidonia, do Choningsby, laoch an scéil, conas a bhí sé in ann iasacht mhór airgid a shocrú do rialtas na Rúise: ba Ghiúdaigh iad na hAirí Airgeadais go léir a raibh gnó aige leo. "Féach, a Choningsby, na daoine a bhfuil an fhíorchumhacht acu sa domhan seo", a deir Sidonia le Coningsby. - Le fírinne, luaigh Disraeli na hAirí sin ina n-ainmneacha, agus mar is aithin dúinn mar charachtair stairiúla iad, ní raibh oiread is duine amháin acu ina Ghiúdach. Mar sin féin, nuair a d'éirigh miotas na comhcheilge Giúdaí faiseanta sa dara leath den naoú haois déag, ba mhinic a thagair na frith-Ghiúdaigh d'fhocail seo Disraeli mar fhianaise, "ós duine acu féin a dúirt é".

Biarritz[athraigh | edit source]

Ní raibh mórán glacadh leis na miotais chomhcheilge seo roimh lár na naoú haoise déag, nuair a chuir trioblóidí réabhlóideacha na bliana 1848 na daoine coimeádacha ar a bhfaichill ar fud na hEorpa. Chuir an meon seo leis an bhfáilte a bhí acu roimh theoiricí comhcheilge. Sa bhliain 1868, áfach, d'fhoilsigh Hermann Goedsche an t-úrscéal úd Biarritz, nach raibh ann go bunúsach ach lón léitheoireachta den chineál éadrom. Tá caibidil amháin san úrscéal seo ina dtugtar cur síos ar "chruinniú na seanóirí Giúdacha", díreach cosúil leis an gcur síos atá le léamh sna Prótacail.

Iriseoir coimeádach agus scríbhneoir scéalta éadroma a bhí i Hermann Goedsche, agus é ag obair ina agent provocateur do rúnseirbhís na Prúise tráth dá shaol. Nuair a bhreac sé síos Biarritz, ní raibh sé ag iarraidh a áitiú gur fíricí á bhí á sceitheadh aige. Ní raibh sa leabhar ach ficsean, agus níor fhoilsigh Goedsche an leabhar faoina ainm féin: is é an t-ainm cleite a bhí air ná "Sir John Retcliff" (!).

Bhí caibidil amháin in Biarritz a thug cur síos ar chruinniú na seanóirí Giúdacha i reilig Ghiúdach Phrág. Bhí dháréag acu ann, agus gach duine ag seasamh do cheann den "dá threibh déag"; thairis sin, bhí fear amháin ann sa bhreis ar an dáréag, agus é ina ionadaí do "lucht an mhífhortúin agus na deoraíochta" i measc na nGiúdach. Ansin, d'inis gach duine acu an obair a bhí idir lámhaibh acu le cumhacht dhomhanda an chine Ghiúdaigh a chur chun cinn agus le leatrom a imirt ar na Críostaithe.

Thug na bolscairí frith-Ghiúdacha an-taitneamh don radharc seo in úrscéal "Retcliff". Thosaigh siad ag athfhoilsiú na caibidle seo ina gcuid paimfléad ag tabhairt le fios nach ficsean a bhí ann ach lomlán na fírinne. Ar dtús, foilsíodh cúpla paimfléad den chineál seo sa Rúis sna 1870idí. Sa bhliain 1881, cuireadh an radharc i gcló ar an nuachtán úd Le Contemporain san Fhrainc. Le craiceann inchreidteachta a chur ar an scéal, scríobh eagarthóir an nuachtáin gur tháinig sé ó pheann an "taidhleora Shasanaigh" "Sir John Readclif". Sa bhliain 1896, arís, d'fhoilsigh scríbhneoir darbh ainm François Bournand i leabhar frith-Ghiúdach dá chuid féin leagan den scéal chéanna. Luaigh sé an scéal le "John Readclif" freisin, ach dúirt sé gur raibí Sasanach a bhí ann (!).

Sna leaganacha seo, ní raibh na "Prótacail" á gcraobhscaoileadh mar phrótacail - is é sin, mar thuairiscí ó chruinniú - go fóill, ach mar óráid a thug an t-"Ard-Raibí" ag an gcruinniú.

Tír thar a bheith frith-Ghiúdach a bhí sa Rúis riamh, agus foilsíodh leaganacha éagsúla d'"óráid an raibí" ansin i bhfad sular fhág Sergey Nilus an chuma dheifnídeach ar na "Prótacail". Sa bhliain 1903, bhain Pavel Aleksandrovich Krushevan (leagan Rómáinise dá ainm: Pavalаchii Cruşeveanu) leas as "óráid an raibí" sna paimfléid fhrith-Ghiúdacha a bhí sé ag scaipeadh i gCísineá le spreagadh a thabhairt do ghéarleanúint na nGiúdach. (D'éirigh leis freisin, nó chuaigh pogram mór ar Ghiúdaigh Chísineá sa bhliain chéanna.) Iriseoir, foilsitheoir agus bolscaire frith-Ghiúdach a bhí in Krushevan. Eisean a chuir i gcló an chéad leagan de na "Prótacail" i gceann de na nuachtáin a bhí á bhfoilsiú aige go gairid i ndiaidh an phograim i gCísineá.

Gougenot des Mousseaux[athraigh | edit source]

Go gairid i ndiaidh do Goedsche a shaothar féin a fhoilsiú, tháinig leabhar frith-Ghiúdach eile i gcló a raibh tionchar thar na bearta aici ar fhoirmiú na bPrótacal, mar atá, Le Juif, le judaïsme et la judaïsation des peuples chrétiens ("An Giúdach, an Giúdachas agus Giúdú na bpobal Críostaí") le scríbhneoir darbh ainm Gougenot des Mousseaux. Is é an tuiscint a bhí ag des Mousseaux ar cheist na comhcheilge gurbh iad na "Giúdaigh Chabalacha" a bhí ag iarraidh an domhan seo a fhorghabháil.

Níl i gceist leis an gCabala, go bunúsach, ach misteachas meánaoiseach Giúdach de chineál ar leith, agus mar is eol dúinn, tá sé iompaithe ina thráchtearra inniu le haghaidh daoine cáiliúla ar sirtheoirí spioradálta iad, cosúil le Madonna. An té a bhfuil Eabhrais aige, is féidir leis na leabhair chuí a léamh agus gach a bhfuil le foghlaim faoin gCabala a fhoghlaim.

Sa leabhar a scríobh sé, áfach, thug des Mousseaux le fios gur reiligiún ann féin a bhí sa Chabala agus go raibh lucht leanúna an Chabala ag tabhairt urraime don Diabhal féin. Bhí sé den tuairim go raibh baint ag na Teamplóirí agus ag na Máisiúin leis an gcultas freisin, ach ba iad na Giúdaigh a bhí i gceannas ar an iomlán dearg. Bhí lucht leanúna an chultais ag dul le gach sórt collaíochta agus ag adhradh an bhaill fhearga ina gcuid deasghnáth, dar le des Mousseaux, ach thairis sin, d'áitigh sé go raibh na Giúdaigh ag marú leanaí Críostaí, ó bhí siad ábalta cumhachtaí neamhshaolta a fháil ar an dóigh seo.

Tá leabhar des Mousseaux ar maos leis an gcineál seo piseoga meánaoiseacha. Ón taobh eile de, áfach, nuair a thugann sé cur síos ar "stát Ainchríost" atá na Giúdaigh ag iarraidh a bhunú (ar ndóigh, is Giúdach é Ainchríost), is stát nua-aimseartha é go bunúsach. Le fírinne, is deacair le daoine ón 21ú aois a thuiscint, cén fáth a bhfuil a leithéid d'fhuath ag des Mousseaux ar an stát domhanda seo: nuair a bheidh Ainchríost ag rialú an domhain, beidh síocháin dhomhanda ann, agus gach duine ag baint suilt as a shaol agus as flúirse na n-earraí mar is áil leis. Deir Norman Cohn:

Ag léamh an chur síos seo duit [is é sin, an cur síos ar ríocht dhomhanda na comhcheilge] tagann iontas ort cén fáth nach ndearcfá ar na comhchealgairí Giúdacha agus Máisiúnacha mar lucht sábhála an chine dhaonna, seachas mar lucht a chaillte. Caithfidh tú cuimhne a choinneáil air, cé go bhfuil beagnach gach páirtí polaitiúil sna tíortha forbartha inniu sásta leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta agus le leas an phobail i dtéarmaí ábhartha mar idéil, go raibh fuath na ndaol ag an eite dheis antoisceach ar na hidéil seo a fhad is a bhí a leithéid de rud ann agus an eite dheis antoisceach i gciall cheart an fhocail. Bheadh Hitler agus des Mousseaux ar aon fhocal faoi nár chóir a cheadú ar aon nós go dtiocfadh a leithéid d'ordú domhanda ar an bhfód. [1]

Bhí a aithne ar an leabhar go raibh na Máisiúin agus an Eaglais Chaitliceach in achrann a chéile san am. Bhí dearcadh poblachtach frithchléireach ag na Máisiúin, agus san Iodáil, bhí siad ag cur catha ar son aontú na tíre sin. Ní raibh na fíréin Chaitliceacha sásta leis an bhfeachtas sin, ó bhí lucht athaontaithe na hIodáile meáite ar a chuid tailte - Stáit an Phápa - a bhaint den Phápa. Mar sin, chreid siad go raibh na Máisiúin i ndáiríre ag cur chúis an Diabhail chun cinn agus ag iarraidh an Eaglais Chaitliceach a dhíothú. Maidir le Gougenot des Mousseaux, bhí sé féin ag caitheamh anuas ar na Máisiúin thar aon dream eile, agus is dócha go raibh sé ag féachaint le traidisiún an frith-Ghiúdachais a úsáid in aghaidh na Máisiún, seachas ag cothú frith-Ghiúdachais ar a shon féin. Ina dhiaidh sin, bhí an-tionchar ag leabhar des Mousseaux ar chultúr an fhrith-Ghiúdachais agus ar chultúr na dteoiricí comhcheilge sa chiall is leithne, mar is léir d'aon duine a rachaidh ag scimeáil an Idirlín: is beag smaoineamh de chuid des Mousseaux nach bhfuil le fáil ar leathanaigh Ghréasáin na dteoiriceoirí comhcheilge inniu.

Abbé Chabauty[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1881, d'fhoilsigh an tAbbé Chabauty, sagart Caitliceach a raibh paróiste aige i gcóngar do Poitiers, d'fhoilsigh sé leabhar mór faoi "chomhcheilg na nGiúdach is na Máisiún", nó Les Franc-Maçons et les juifs: Sixième Âge de l'Église d'après l'Apocalypse ("Na Máisiúin is na Giúdaigh: Séú hAois na hEaglaise i ndiaidh an Apacailipsis"). Sa saothar seo, tharraing an t-abbé go mór mór ar smaointí Gougenot des Mousseaux. D'áitigh sé go raibh an Diabhal ag baint úsáide as an "gcomhcheilg" leis an ród a réiteach do chumhacht dhomhanda na nGiúdach.

Bliain ina dhiaidh sin, tháinig leabhar nua ó pheann an abbé, mar atá, Les Juifs nos maîtres ("Na Giúdaigh, ár máistrí"). Sa leabhar seo, rinne sé athchló ar dhá litir ar tháinig sé orthu ar an iris úd Revue des études juives ("Iris an Léinn Ghiúdaigh"). Go bunúsach, litreacha bréige a bhí iontu agus an chuma ar an scéal gur scríobhadh sa Spáinn thiar sa séú haois déag iad. An chéad cheann acu, tá sí sínithe ag "Chamor, Raibí na nGiúdach in Arles" (le fírinne, is é "Chamor" an focal Eabhraise a chiallaíonn "asal", rud a thugann le fios gur cleas magaidh a bhí i gceist leis an dá litir seo ó thús). Tá Chamor ag déanamh a ghearáin faoin dóigh a bhfuil na gintlithe ag géarleanúint na nGiúdach. An dara litir, tá sí sínithe ag "VSSVFF, Prionsa na nGiúdach i gCathair Chonstaintín". (Is dócha gur litriú bréag-Eabhraise ar an ainm úd Iósaf nó Seosamh é an "VSSVFF" sin.) Is éard a deir VSSVFF ná gur chóir do na Giúdaigh an tonn bhaiste a ghlacadh orthu féin agus seangú isteach i sochaí na "ngintlithe" lena gcuid féin a dhéanamh d'fhorais na sochaí sin. Mar a deir Cohn:

Más staraí litríochta thú, cuirfidh tú spéis áirithe sna litreacha seo. Is dócha gur sa Spáinn a scríobhadh ar dtús iad, agus gur tráchtaireacht scigmhagúil iad ar chás na Marranos, na Giúdaigh Spáinneacha a bhí in ainm is a bheith iompaithe chun Caitliceachais, siúd is go gcreidtí go raibh siad fanta ina nGiúdaigh ina gcroíthe istigh - drochamhras a raibh cúis leis, muis.[2]

Más cleas magaidh féin a bhí i gceist leis na litreacha, ní raibh ciall mhaith don ghreann ag Chabauty. Is é an tátal a bhain an t-abbé as na litreacha seo go raibh aon rialtas Giúdach amháin ann a raibh Giúdaigh an domhain go léir dílis dó, agus go raibh an rialtas Giúdach seo ag iarraidh na gintlithe féin a chur faoi smacht. Bhí Chabauty suite siúráilte freisin nach raibh i maithe ná i móruaisle na hEorpa ná na Stát Aontaithe ach sclábhaithe sochomhairleacha i lámha na nGiúdach. Mar sin, ba dual don abbé a cheapadh go raibh an-úimléid sna litreacha sin.

Meurin, na Máisiúin, agus na Giúdaigh[athraigh | edit source]

Bhí tionchar ag saothar Chabauty ar na hÍosánaigh Iodálacha R. Ballerini agus F. S. Rondina, a chaith na 1890idí ag soláthar ábhair fhrith-Ghiúdaigh do na nuachtáin bheaga Iodálacha. Ní nárbh ionadh, bhí a lán Francach faoi dhraíocht an chineál seo bolscaireachta freisin, go háirithe na sagairt tuaithe nach raibh mórán oideachais orthu. Ba mhinic nach raibh na bolscairí in ann Giúdaigh a aithint thar Mháisiúin. Mar shampla, luaigh an tEaspag Meurin ina leabhar La Franc-Maçonnerie, Synagogue de Satan ("An Máisiúnachas, Sionagóg an Diabhail") go raibh "Giúdaigh na tríú céime déag is fiche" (!) ag stiúradh "lóistí rúnda cúil" na Máisiún. Sa leagan den Mháisiúnachas ar a dtugtar an Máisiúnachas Albanach, is í an tríú céim déag is fiche an chéim is airde iararcachta, agus is dócha gurb ansin a fuair Meurin an bunsmaoineamh. Is léir agus is follas, áfach, nach bhfuil ciall ar bith le "Giúdaigh na tríú céime déag is fiche".

Mar is léir ó na samplaí seo, bhí an Fhrainc ar fiuchadh le frith-Ghiúdachas agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais. Íorónta go leor ní raibh cónaí ach ar cheithre scór míle Giúdach sa tír san am, agus iad féin clóite go maith le saol agus le nósanna na Fraince, ó saoradh ó bhráca an gheiteo iad chomh luath leis an mbliain 1791. Na cúigí ba mheasa ó thaobh an fhrith-Ghiúdachais de, ba iad na cúigí nach raibh Giúdaigh ar bith ina gcónaí ansin. B'fhollasach nach raibh fuath ag na daoine ar na Giúdaigh féin, ach ar an nua-aimsearthacht uirbeach a shamhlaigh siad leis na Giúdaigh. Bhí na Francaigh faoi thionchar na Gearmáine freisin, agus an frith-Ghiúdachas díreach ag dul i dtreise sa tír sin. A lán daoine san Fhrainc a raibh a luí le radacachas na heite deise agus leis an náisiúnachas, bhí siad ag déanamh aithrise ar an bhfrith-Ghiúdachas Gearmánach. Duine acu siúd a bhí in Édouard Drumont, agus é ag craobhscaoileadh smaointeoireacht Gougenot des Mousseaux agus Chabauty ina chuid scríbhinní féin.

An frith-Ghiúdachas sa Rúis[athraigh | edit source]

Cé go raibh an frith-Ghiúdachas ag éirí coitianta in Iarthar na hEorpa, bhí an scéal i bhfad ní ba mheasa sa Rúis. Bhí frith-Ghiúdachas Críostaí, reiligiúnach na Meánaoise beo bríomhar ansin i gcónaí. Thairis sin, ba impireacht uathlathach í an Rúis, agus í an-naimhdeach i dtaobh an daonlathais, na bunreachtúlachta agus na n-idéanna liobrálacha nua-aimseartha eile. Sa Rúis a bhí cónaí ar dhuine as an triúr de Ghiúdaigh an domhain go léir, nó nuair a chuaigh na críochdheighiltí ar an bPolainn i ndeireadh na hochtú haoise déag, ba leis an Rúis a thit oirthear na Polainne, réigiún a raibh a lán pobal Giúdacha ann. Murab ionann agus Giúdaigh Iarthar na hEorpa, chloígh Giúdaigh na Rúise lena gcreideamh agus lena nósanna féin, agus sráidbhailte dá gcuid féin acu - shtetl an focal Giúdaise ar a leithéid. Ba í an Ghiúdais a dteanga - canúint Gearmáinise a bhí breac le hiasachtaí ón Eabhrais, ón bPolainnis agus ó theangacha eile an réigiúin - agus bhí cuid mhór de na Giúdaigh seo dall ar fad ar an Rúisis.

An Réabhlóideachas Rúiseach agus na Giúdaigh[athraigh | edit source]

Faoin am seo, bhí fás agus borradh ag teacht faoi na gluaiseachtaí réabhlóideacha sa Rúis, nó ba léir nach raibh an seanchóras cumhachta in ann freastal ar riachtanaisí an tsaoil chomhaimseartha. Ba leasc leis an Impire agus le lucht a leanúna a admháil go bhféadfadh Rúisigh dhúchasacha bheith míshásta leis an Sár nó fiú go rachaidís chun ceannairce air. Mar sin, b'fhearr leo an milleán a chur ar na Giúdaigh agus ar chomhcheilg na nGiúdach. Bhí seirbhísí rúnda an tSáir breá sásta ábhar frith-Ghiúdach ón gcoigríoch a aistriú go Rúisis is a chur in athchló, nó leas a bhaint as na leabhair fhrith-Ghiúdacha eachtrannacha i ndéantús a gcuid paimfléad bolscaireachta féin.

Le fírinne, ní raibh mórán baint ag na Giúdaigh leis an réabhlóideachas Rúiseach roimh na 1880idí. Na Giúdaigh a chuir suim sa Sóisialachas agus i ngluaiseachtaí réabhlóideacha, ba Ghiúdaigh shaolta iad agus droim láimhe tugtha acu lena gcreideamh cheana féin. Ón taobh eile de, ba iad na géarleanúintí - na pograim agus an bholscaireacht a chuir i dtreo na haindiagachta is an tSóisialachais ar an gcéad ásc iad. Ó bhí na Sóisialaithe ag gealladh todhchaí gan reiligiún gan seicteachas, is beag an t-ábhar iontais a bhí ann go mbeadh Giúdaigh ag tarraingt ina leith. Tar éis an tsaoil ba iad an dream ba mhó a bhí thíos le seicteachas an rialtais Rúisigh.

Jacob Brafman[athraigh | edit source]

Ó bhí airgead le saothrú ar an bhfrith-Ghiúdachas sa Rúis, agus an státchiste féin breá sásta slám deas a íoc leis an mbolscaire as a fhuadar, is ríléir go ndeachaigh a lán daoine suaracha le frith-Ghiúdachas mar shlí bheatha. Duine acu siúd a bhí in Jacob Brafman. Giúdach a bhí ann féin ar dtús, ach ansin ghlac sé an tonn bhaiste air féin agus thosaigh sé ag caitheamh anuas ar a chuid iar-chomhreiligiúnach le caoinchead na n-údarás Impiriúla. Sa bhliain 1866, chuaigh sé i dteagmháil le lucht ardcheannais na bpóilíní lena áitiú orthu go raibh a leithéid de rud ann agus qahal, agus é ag stiúradh shaol na nGiúdach ar chúla téarmaí.

Le fírinne, níl san fhocal sin qahal ach an gnáth-théarma Eabhraise a chiallaíonn "pobal" nó "paróiste", ach is é an chiall a bhain Brafman as ina chuid scríbhinní ná gurbh ionann é agus an chomhcheilg Ghiúdach. Rinneadh кагал/kagal den téarma seo i mbéal na Rúiseach, agus chuaigh sé in úsáid go forleathan mar fhocal a raibh blas na comhcheilge air. Deirtear gur chualathas an scríbhneoir cáiliúil Fedor Dostoyevsky féin ag rá: Жид и его кагал — это заговор против русских! ("An Giúdach agus an kagal s'aige, sin comhcheilg in aghaidh na Rúiseach!") Ní mór cuimhne a choinneáil air gur frithghníomhaí a bhí i Dostoyevsky agus gur chreid sé go tréan i gcumhacht an Impire agus i naofacht na hEaglaise Ortadocsaí. Is dócha go raibh sé sásta scríbhinní gránna frith-Ghiúdacha a léamh, agus nach raibh sé ag fáil mórán lochta orthu.

Sa bhliain 1869, d'fhoilsigh Brafman "Leabhar an Kagal", nach raibh ann go bunúsach ach bailiúchán tuairiscí cruinnithe ó phobail éagsúla Ghiúdacha - tuairiscí nach raibh ach ag cur síos ar ghnáthghnóthaí na nGiúdach, cé a pósadh, cé a fuair bás, an gcaithfí aire a thabhairt do bhaintreach an duine a fuair bás, agus cúrsaí coitianta eile den chineál sin. Chuir Brafman a thráchtaireacht féin leis na tuairiscí seo, áfach, lena áitiú ar an léitheoir gur fianaise a bhí ann a chruthaigh go raibh an chomhcheilg ann i ndáiríre. Ós sa Rúis a bhí sé ag obair, fuair Brafman urraíocht agus cuidiú ón Stát lena leabhar a fhoilsiú is a scaipeadh.

Sa bhliain chéanna, chuaigh leabhar eile leis an mbolscaire bisiúil seo i gcló, mar atá,"Na Comhbhráithreachais Ghiúdacha, idir áitiúil agus idirnáisiúnta". Sa saothar seo, rinne Brafman trácht cuimsitheach ar shraith eagraíochtaí idirnáisiúnta Giúdacha, agus é ag fógairt gur cuid den chomhcheilg a bhí iontu. Le fírinne, carthanachtaí ab ea iad agus iad ag obair go hoscailte ar fad. Nó bhí cumainn luaite ansin cosúil leis an gCumann um Scaipeadh an Oideachais i measc na nGiúdach sa Rúis, nó an Cumann um Thacú na nDídeanaithe Giúdacha i Londain. Ba í an Alliance Israélite Universelle ba mhó a chuir isteach ar na frith-Ghiúdaigh, toisc go raibh a leithéid d'ainm uirthi ("an Chomhghuaillíocht Iosraelach Uilechoiteann"). Le fírinne ba eagraíocht í a raibh a gníomhaíocht lonnaithe san Fhrainc amháin, ach ó bhí sí ag cabhrú le Giúdaigh na Rúise a bhí faoi ionsaí ag údaráis stáit na tíre sin, bhí siocair ag Brafman lena chuid líomhaintí.

Ipolit Lyutostansky[athraigh | edit source]

Bhí bolscairí frith-Ghiúdacha eile ag obair sa Rúis seachas Brafman, ar ndóigh. Duine acu siúd a bhí in Ipolit Iosifovich Lyutostansky, nó Hipolit Lutostański, mar a litrítear a ainm as Polainnis. Bhí Lyutostansky ina shagart Chaitliceach tráth, ach i ndiaidh dó sraith coireanna tromchúiseacha a dhéanamh chuir an Eaglais ó chóta é. Ansin, d'athraigh sé creideamh, nó chuaigh sé san Eaglais Ortadocsach agus thosaigh sé ag saothrú a choda ar bholscaireacht fhrith-Ghiúdach.

Scríobh sé leabhair fhrith-Ghiúdacha ó na 1870idí go dtí an bhliain 1905. Sa bhliain sin, phléasc an chéad réabhlóid, nó iarracht réabhlóide ba chóra a rá, amach sa Rúis, agus tháinig deifir ar Lyutostansky a chuid seanpheacaí a shéanadh, ó bhí eagla air go dtiocfadh rialtas liobrálach i gcumhacht sa Rúis agus go gcaithfeadh sé freagracht a ghlacadh as a chuid scríbhinní os comhair an dlí. Ansin, d'fhoilsigh an lútálaí cruthanta agus an tapadóir doleigheasta seo "litir oscailte do na Giúdaigh", inar impigh sé ar na Giúdaigh glacadh lena leithscéal.

Bhí Lyutostansky dall aineolach ar thraidisiúin an reiligiúin Ghiúdaigh, agus ní raibh focal Eabhraise ina phluc. Mar sin, ní raibh ina chuid saothar go bunúsach ach díolamaí ráflaí agus luaidreán a bhreac sé síos ó chailleacha an uafáis. Bhí sé ar an gcéad duine sa Rúis a scaip an scéal faoi na "Máisiúin Ghiúdacha", a fuair sé ó des Moisseaux, de réir dealraimh.

Le fírinne, bhí an Máisiúnachas coitianta go maith i measc na n-uasal Rúiseach san ochtú haois déag, agus rinne Máisiúin na linne éacht ag tabhairt faoisimh agus fóirithinte do bhochtáin na tíre. Sa bhliain 1822, áfach, coisceadh an Máisiúnachas sa Rúis, agus nuair a thosaigh na scríbhinní nua bolscaireachta ag tonnadh isteach, ní raibh a fhios ag mórán céard a bhí i gceist leis an Máisiúnachas i ndáiríre. Mar sin, is iomaí léitheoir a shíl nach raibh ach corp lom na fírinne i scríbhinní Lyutostansky faoi na Máisiúin, ó nár chuala sé trácht ar bith eile ar a leithéid de dhream.

Osman-Bey[athraigh | edit source]

Bolscaire frith-Ghiúdach eile a bhí ag gníomhú sa Rúis ab ea Osman-Bey. Le fírinne, cúl le cine Giúdach ón tSeirbia a bhí ann féin, agus ba é Millinger a fhíorshloinne. Gnáthchoirpeach a bhí ann go bunúsach, lúbaire agus caimiléir a bhí ag saothrú a choda ar chamscéimeanna éagsúla, go dtí gur tuigeadh dó gurbh é an frith-Ghiúdachas an chamscéim ba mhó amuigh. Mar sin, chaith sé an chuid ba mhó den scór bliain i ndeireadh na naoú haoise déag ag foilsiú scríbhinní frith-Ghiúdacha. Bhí sé go mór i dtuilleamaí réamhtheachtairí cosúil le Lyutostansky agus Brafman agus é ag cumadh finscéalta faoin tionchar a bhí, mar dhea, ag an gcomhcheilg Ghiúdach ar an tsochaí chomhaimseartha. Thairis sin, scríobhadh sé paimfléid fhrith-Ghiúdacha den chineál "thraidisiúnta" nó "mheánaoiseach" freisin - is é sin, paimfléid a bhí bunaithe ar an "leabhal fola", ar an bhfinscéal go raibh Giúdaigh ag ól fhuil na bpáistí Críostaí ag a gcuid searmanas. Bhí sé dúghafa leis an Alliance Israélite Universelle, díreach mar a bhí na réamhtheachtairí. Chreid sé gurbh í an eagraíocht sin a spreag Réabhlóid na Fraince agus go raibh sí ag cruinniú fhórsaí an dorchadais in aghaidh na Rúise Naofa anois.

Tá an chuma ar an scéal go raibh paranóia ar Osman-Bey i ndáiríre, de réir chritéir na síciatrachta. Is féidir go raibh tionchar ag a chuid scríbhinní ar Hitler (cé go raibh Osman-Bey ag comhoibriú le seirbhísí rúnda na Rúise, scríobhadh sé as Gearmáinis, nó ba í an teanga ab fhearr a bhí aige). Bhí Osman-Bey ag áitiú gurbh fhéidir an chuid ba mhó de na cogaí a sheachaint roimh ré tríd na Giúdaigh a mharú scun scan, ó nach mbeadh aon duine ag saighdeadh na náisiún faoi chéile a thuilleadh, dar leisean. Dúirt sé freisin nach mbeadh dúshaothrú caipitlíoch ann murach na Giúdaigh, ó nach rithfeadh le rachmasóirí "náisiúnta" éagóir a imirt ar an bprólatáireacht "náisiúnta". Le fírinne, is féidir plean iomlán an Uilelosctha a aithint i scríbhinní Osman-Bey.

An Dialogue aux Enfers[athraigh | edit source]

Tá trí phríomhthéama le haithint sna Prótacail, mar atá, critic an daonlathais agus an liobrálachais; an plean leis an domhan a chur faoi na Giúdaigh; agus an cur síos ar an stát domhanda Giúdach a bheidh ann i ndiaidh an iomláin.

Ar dtús, deir siad go bhfuil an liobrálachas agus an daonlathas ag dul ar fud an domhain, ós rud é gur idéanna iad a chuireann draíocht ar an gcine daonna go léir go nádúrtha. Ó nach bhfuil sé indéanta na hidéanna seo a chur i ngníomh go praiticiúil, áfach, is é barúil an údair go bhfuil tíorántacht nua ag teastáil leis na sluaite a rialú, is é sin, tíorántacht an rachmais, arb ionann í agus tíorántacht na nGiúdach.

Is é an dara téama ná cur síos ar na modhanna oibre a bhainfidh amach an chumhacht dhomhanda don chomhcheilg Ghiúdach. Tugann an chuid seo den scéal le fios nach bhfuil i gceist le haon chineál míshástacht shóisialta ach rud a spreag na tuathghríosóirí Giúdacha. Má bhíonn na daoine ag éirí mímhuiníneach as na ceannairí seanbhunaithe nó as an saoldearcadh coimeádach, is iad na Giúdaigh agus a gcuid bolscaireachta is cúis leis. Má bhíonn an lucht oibre ag taobhú leis an Sóisialachas agus iad á mothú faoi bhrú lucht an rachmais mhóir, is Giúdaigh iad na rachmasóirí agus is Giúdaigh iad na bolscairí Sóisialacha, gan aon trácht a dhéanamh ar fhealsúna bunaithe an tSóisialachais.

Is é an tríú téama ná an cineál stát domhanda a chuirfidh na Giúdaigh ar bun sa deireadh. Cuirfidh siad cumhacht an airgid is an rachmais in áit na ríthe agus na ndaoine uaisle a bhí ag rialú thíortha an domhain roimhe sin, agus beidh an creideamh Giúdach ar an t-aon reiligiún amháin a cheadófar. Ní bheidh saoirse ar bith ag an gcosmhuintir, ach ón taobh eile de, féachfaidh an deachtóir domhanda chuige nach mbeidh cogadh ná bochtaineacht ag bagairt ar na sluaite.

Ba é Pavel Krushevan a d'fhoilsigh an chéad leagan de na Prótacail, mar Phrótacail, ach is ar leagan Sergey Nilus a chuala an saol iomrá thar aon leagan eile. Chuaigh leagan Nilus i gcló mar chuid de Velikoye v malom, saothar misteach reiligiúnach. Bhí Nilus ag iarraidh tionchar a imirt ar an Impire Nioclás a Dó féin, rud ba chúis leis gur fhoilsigh sé na Prótacail mar iatán i leabhar misteach, nó bhí a fhios aige an dúil nimhe a bhí ag an Sár i lón léitheoireachta den chineál sin.

Maidir leis an dóigh ar tháinig sé, mar dhea, ar na Prótacail, d'inis Nilus cúpla scéal difriúla faoi sin, agus na scéalta seo ag bréagnú a chéile. De réir eagrán amháin, ba chuid de leabharlann iomlán iad na Prótacail, leabharlann a bhí suite i bPáras agus í á reáchtáil ag na Siónaigh. San eagrán chéanna, áfach, d'áitigh Nilus in áit eile go raibh spiaire mná i ndiaidh na Prótacail a ghoid ó dhuine d'ardmháistrí na Máisiún. In eagrán eile de na Prótacail - an t-eagrán a cuireadh i gcló i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda agus a bhain amach cáil dhomhanda do na Prótacail - d'áitigh Nilus gurbh é Theodor Herzl, príomh-idé-eolaí an tSiónachais, a chuir na Prótacail faoi bhráid na Seanóirí. Ba léir nár thuig Nilus, ná aon duine eile de na daoine a raibh baint acu le forbairt na bPrótacal - nár thuig siad coimhlintí inmheánacha polaitiúla na nGiúdach. Le fírinne, bhí an Alliance Israelite Universelle - an eagraíocht arbh ionann í agus na Seanóirí, dar lena lán de na bolscairí frith-Ghiúdacha - agus lucht leanúna Herzl in achrann a chéile go mór mór, nó bhí a gcuspóirí ag teacht salach ar a chéile. Theastaigh ón Alliance Israelite cuidiú leis na Giúdaigh fódú a dhéanamh i sochaí na dtíortha Iartharacha, ach ba é cuspóir Herzl ná go ndéanfadh na Giúdaigh go léir imirce, exodusaliyah go tír Shión - an Phalaistín, nó Iosrael. Bhí foilsitheoirí eile fós agus iad ag cumadh a scéalta faoin dóigh ar "thángthas" ar na Prótacail.

Chuaigh na Prótacail ar fud an domhain go gairid i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, agus is iomaí duine nach raibh ina fhrith-Ghiúdach, fiú, a bhí claonta chun iad a ghlacadh i ndáiríre ar dtús. Ar an 18 Lúnasa 1921, áfach, d'fhoilsigh The Times i Londain an chéad leid ag tabhairt le fios nach raibh sna Prótacail ach bréag agus brionnú.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. COHN lch. 49
  2. COHN lch. 51

Léigh freisin[athraigh | edit source]

  • Norman Cohn: Warrant for Genocide. The myth of the Jewish world conspiracy and the Protocols of the Elders of Zion. Serif, Londain 2005. ISBN 1-897959-49-4