Stáit an Phápa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stáit an Phápa sa bhliain 1700

Is ionann Stáit an Phápa (Iodáilis: Stati Pontificii) - nó Stát na hEaglaise (Stato della Chiesa) - agus tailte an Phápa san Iodáil ón séú haois go dtí an Risorgimento agus aontú na hIodáile in aon stát amháin faoi cheannas Ríocht na Sairdíne agus Piemonte sa bhliain 1861. Bhí an Pápa ábalta an Róimh a choinneáil aige ina dhiaidh sin féin, ó bhí trúpaí Francacha ag cosaint na cathrach ar choinscleo na náisiúnaithe Iodálacha, ach sa bhliain 1870, bhris cogadh amach idir an Fhrainc agus an Phrúis, agus ó bhí na saighdiúirí ag teastáil i bpáirc an áir, d'fhág na Francaigh an Róimh ag na hIodálaigh.

Ní hionann Cathair na Vatacáine agus sean-Stáit an Phápa, nó níor bunaíodh an Vatacáin ach sa bhliain 1929, de réir Chonradh na Lataráine idir Benito Mussolini agus an Pápa Pius XII.

Stair[athraigh | edit source]

Sa tséú haois, d'éirigh leis an Impireacht Bhiosántach seilbh a ghlacadh ar shlabhra de chathracha i dtuaisceart na hIodáile, ó Ravenna go dtí an Róimh. Ní raibh na Biosántaigh in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar an Iodáil go léir, agus mar sin, thit cuid mhór den chumhacht le heaspag na Róimhe - an Pápa - ó ba eisean an tiarna talún ba mhó sa réigiún. Cé go raibh sé, go teoiriciúil, dílis don Bhiosáint, bhí sé ag rialú Dhiúcacht na Róimhe (arb ionann í, a bheag nó a mhór, agus cúige stairiúil Lazio ná Latium) mar a bheadh monarc ann. Nuair a scaoil an Bhiosáint a greim den Iodáil sa bhliain 751, chuaigh an Pápa Stiofán a Dó ar lorg cuidiú ó Pheipín Beag, a bhí ag rialú Ríocht na bhFranc, lena chumhacht a choinneáil. Sna blianta 754 agus 756, d'fhorghabh Peipín tuaisceart na hIodáile, agus bhronn sé tailte iar-Bhiosántacha na hIodáile ar an bPápa (Tabhartas Pheipín). Sa bhliain 781, shocraigh Séarlas Mór teorainneacha Stáit an Phápa: gheobhadh an Pápa Ravenna, na Cúig Cathracha nó Pentapolis ar chósta thoir na hIodáile (Ancona, Fano, Pesaro, Rimini agus Senigallia), codanna de Dhiúcacht Benevento, den Tuscáin, den Chorsaic agus den Lombaird, chomh maith lena lán cathrach san Iodáil. Sa bhliain 800 AD shroich comhoibriú an Phápa agus an Impire Naofa a bhuaicphointe, nuair a chorónaigh an Pápa Leon a Trí an tImpire Séarlas Mór.

Ní raibh sé soiléir ná socraithe, áfach, cad é an bhaint a bhí ag Stáit an Phápa leis an Impireacht Naofa. An raibh an Pápa ag rialú a chuid tailte mar a bheadh prionsa neamhspleách ann, nó an ea nach raibh na tailte ach ar iasacht aige ón Impire? Níor tháinig an choimhlint seo go cnámh na huillinne riamh, nó nuair a fuair Séarlas Mór bás, d'éirigh ina chogadh idir a chlann mhac, agus sa deichiú haois, fuair na huaisle áitiúla nó réigiúnacha sa Róimh an ceann ab fhearr ar an bPápa féin, ó nach raibh sé in ann a údarás a chur i bhfeidhm ar na stáit de cheal impire láidir a thiocfadh chun fortachta chuige.

Timpeall ar lár na deichiú haoise, d'éirigh le hOttó a hAon, Rí na Gearmáine, tuaisceart na hIodáile a fhorghabháil, agus bhí sé sásta an sean-chomhoibriú leis an bPápa a athbheochan. Ar an 2 Feabhra 962, chorónaigh an Pápa Eoin a Dó Déag mar Impire Naofa é. Dheimhnigh Ottó forlámhas an Phápa ar a chuid tailte le doiciméad ar leith, Diploma Ottonianum.