Niccolò Machiavelli
| Niccolò Machiavelli | |
| Machiavelli, t.1500, portráid Santi di Tito i bPalazzo Vecchio, Flórans | |
| Dáta breithe | 3 Bealtaine 1469 |
| Flórans, an Iodáil | |
| Dáta báis | 21 Meitheamh 1527 |
| Flórans, an Iodáil | |
| Gairm | Údar, fealsamh, polaiteoir |
| Seánra | Polaitíocht, teoiric mhíleata, réalachas, poblachtachas |
| Síniú |
|
Údar agus polaiteoir Iodálach ab ea Niccolò Macchiavelli (3 Bealtaine 1469 - 21 Meitheamh 1527). Ba dhlíodóir é a athair i gcathairstát Fhlórans. Níl mórán eolais againn faoina shaol go dtí go ndearnadh rúnaí agus Dara Seansailéir Fhlórans de i 1498. Lean sé sa phost sin go dtí 1512. Seoladh ar mhisin go dtí an Fhrainc, an Ghearmáin agus na cathairstáit Iodáileacha eile é. I 1512 d'fhill na Medici ar Fhlórans agus briseadh as a phost é. Cuireadh faoi ghlas agus céasadh é, roimh dhul go dtí a fheirm i San Casciano lena bhean chéile agus a seisear clainne, áit a dhírigh sé é féin ar an scríbhneoireacht agus an staidéar. Scríobh sé an leabhar Il Principe (An Prionsa) mar shaghas treoirleabhair do phrionsa Iodáileach ar conas an stát a rialú. I 1520 bronnadh airgead air chun stair chathair Fhlórans a scríobh agus chríochnaigh sé í in 1525. D'fhill sé ar an saol poiblí ar feadh tamaill roimh a bhás i 1529.
Naisc sheachtracha [athraigh]