Piet Mondrian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaíontóir a rugadh in Amersfoort na hOllainne ab ea Piet Mondrian (1872-1944). Le Theo van Doesburg (1883-1931) bhunaigh sé an ghluaiseacht san ailtireacht is an phéintéireacht a dtugtar De Stijl uirthi. Cáil ar a shaothair dhronlíneacha theibí dhubha is bhána, agus i ndathanna príomhúla eile. Glactar leis mar cheannaire an Nua-Phlaisteachais.